Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 June 2025

Joint Oireachtas Committee on Arts, Media, Communications, Culture and Sport

General Scheme of the Broadcasting (Amendment) Bill: Discussion (Resumed)

2:00 am

Ms Deirdre Ní Choistín:

Tá agus bhí riamh. Sheol muid an Seinnteoir i dtosach in 2003. Chuir muid tús le brandaí nua neamhlíneacha in 2017, Molscéal agus Bloc, le freastal ar lucht féachana ar líne seachas ar lucht féachana teilifíse. Tá muid tar éis cur lenár gclúdach spóirt ar an Seinnteoir agus ar YouTube. In amanna, bíonn suas le ceithre nó cúig chluiche in aghaidh an lae ag TG4 idir na hardáin ar fad. Rinne muid digital drop don sraith “Crá” nuair a craoladh é. Chraol muid an chéad chlár agus bhí an tsraith ar fad ar fáil ar an Seinnteoir ina dhiaidh sin. D’éirigh thar cionn leis. Tuigeann muid go bhfuil nósanna an lucht féachana ag athrú. Tá a fhios againn go bhfuil taighde déanta ag TAM Ireland, mar shampla, a thaispeánann go mbeidh an bealach ina mbeidh an lucht féachana ag breathnú ar ábhair ag athrú go mór idir seo agus 2035. Tá TG4 chun cinn ó thaobh tuisceana ar an réimse sin agus ó thaobh freastal ar an lucht féachana san áit ina bhfuil siad.

Maidir le comparáid idir TG4 agus S4C, tá thart ar £100 milliún sa bhliain ag S4C, agus tá seasmhacht aige. Tá a fhios aige go mbeidh an maoiniú sin aige gach bliain. Le TG4, níl a fhios againn ó bhliain go bliain cén sórt maoinithe a bheidh ann, rud a chruthaíonn deacrachtaí dúinn, go háirithe ó thaobh pleanála chun cinn agus coimisiúnaithe, le bheith cinnte go bhfuil muid in ann airgead a chur i dtreo léiriúchán le freastal ar an lucht féachana agus an sceideal. Is dá bharr sin go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh an socrú céanna ann do TG4 is atá do RTÉ, is é sin, go mbeidh maoiniú ilbhliantúil cinnte ann a chabhróidh linn fás agus freastal níos fearr ar phobal na Gaeilge.

Rud eile gur ga breathnú air ná cuspóirí nó objects TG4. Tá siad éagsúil ó chinn RTÉ. Is aistriúchán díreach ar na cinn atá ag RTÉ atá san Acht faoi láthair ach tá muid ag iarraidh go mbeidh athbhreithniú ar na cuspóirí sin. Tuigeann muid go bhfuil sé sin le tarlú. Is mian linn go mbeidh na cuspóirí dírithe ar ról sainiúil TG4 mar chraoltóir mionteanga agus go mbeidh aitheantas á thabhairt ar an mbealach a dtacaíonn muid le straitéisí eile an Stáit don Ghaeilge, lena n-airítear an plean digiteach don Ghaeilge, ag tacú le straitéisí foghlama agus ag tacú le forbairt réigiúnach, go háirithe sna Gaeltachtaí. Tá muid ag coinneáil daoine fostaithe sna Gaeltachtaí trí a bheith ag obair leis an earnáil neamhspleách léiriúcháin agus na baill SPI atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá an gné sin d’obair TG4 thar a bheith tábhachtach. Tá sé tábhachtach go mbeidh sé le feiceáil sa reachtaíocht agus ceangailte le cuspóirí TG4.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.