Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 18 June 2025
Joint Oireachtas Committee on Arts, Media, Communications, Culture and Sport
General Scheme of the Broadcasting (Amendment) Bill: Discussion (Resumed)
2:00 am
Ms Deirdre Ní Choistín:
Idir seo agus 2027, táimid ag lorg €10 milliún sa bhliain sa bhreis ar an méid atá againn faoi láthair, is é sin, €70 milliún in 2026 agus €80 milliún in 2027. Is é sin an t-iarratas atá déanta againn le Coimisiún na Meán chun go mbeimis in ann fás go straitéiseach. Tá bearnaí i sceideal-ábhar TG4. Mar shampla, níl againn ach sraith amháin dhrámaíochta le roinnt mhaith blianta, is é sin "Crá", a craoladh anuraidh agus a raibh an-rath air. Níl a dhóthain cúrsaí reatha iniúchta againn agus táimid ag iarraidh cur le seirbhísí do pháistí ar an gcainéal TG4 agus lenár seirbhísí d'fhoghlaimeoirí Gaeilge mar tá dualgas ag TG4, mar chraoltóir Gaeilge, freastal ar sheirbhísí oideachais agus tacú le scéimeanna agus beartais eile an Rialtais don Ghaeilge.
Ceann mór acu sin is ea an tacaíocht foghlama leis an Roinn oideachais. Tá muid in ann cabhrú le múinteoirí agus ábhair Ghaeilge a chur ar fáil ar shuíomh Foghlaim TG4.
Faoi láthair, tá muid teoranta leis an maoiniú atá againn. Tá muid in ann ár gcroísceideal a líonadh go pointe áirithe agus go méid áirithe seachtain sa bhliain. Tá go leor athchraoltaí mar nach bhfuil a dhóthain maoinithe againn le sceideal 52 seachtain sa bhliain a rith. Chomh maith leis sin, níl muid ag comhlíonadh seánraí a bhfuil daoine ag súil leo ó thaobh meán seirbhíse poiblí, ar nós drámaíochta agus cúrsaí reatha agus nuachta.
No comments