Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 June 2025

Joint Oireachtas Committee on Arts, Media, Communications, Culture and Sport

General Scheme of the Broadcasting (Amendment) Bill: Discussion (Resumed)

2:00 am

Ms Deirdre Ní Choistín:

Ó thaobh iolrachais agus freastal ar an lucht féachana, tá sé i dtuarascáil an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh ceannas eagarthóireachta neamhspleách ag TG4 ar an nuacht agus táimid ag iarraidh go gcuirfí é sin i bhfeidhm. De réir an Bhille craolacháin seo, sílimid nach mbeidh iolrachas ann go dtí go mbeidh neamhspleáchas nuachta ann do TG4. Ó thaobh an Bhille freisin, teastaíonn maoiniú ilbhliantúil ó TG4. Tá sé curtha ar fáil do RTÉ agus tá sé ag teastáil ó TG4. Chun go mbeadh muid in ann fás go straitéiseach, pleanáil chun cinn agus a bheith ag obair leis an earnáil neamhspleách léiriúcháin níos fearr, is gá cinnteacht agus seasmhacht a bheith againn maidir lenár gconarthaí. Mar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn go mbeadh an maoiniú ilbhliantúil sin ar fáil. Táimid éagsúil ó RTÉ sa chaoi gur foilsitheoir-craoltóir muid. Ní bhíonn aon léiriú inmheánach ag TG4. Tá an t-airgead poiblí a fhaigheann muid ar fad á chaitheamh ar an earnáil neamhspleách léiriúcháin. Anuraidh, caitheadh €41 milliún den mhaoiniú poiblí a fuair muid ar an earnáil neamhspleách léiriúcháin. Téann aon airgead amach díreach chuig an earnáil. Tá sé tábhachtach go mbeadh an maoiniú ilbhliantúil sin curtha i bhfeidhm do TG4 chomh maith le RTÉ san athbhreithniú seo ar an scéim ginearálta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.