Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 18 June 2025
Joint Oireachtas Committee on Arts, Media, Communications, Culture and Sport
General Scheme of the Broadcasting (Amendment) Bill: Discussion (Resumed)
2:00 am
Ms Deirdre Ní Choistín:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an chomhchoiste as an gcuireadh freastal ar an gcruinniú seo inniu. Is mór ag TG4 an deis scéim ghinearálta athbhreithnithe den Bhille craolacháin (leasú) a phlé. Cuireann TG4 fáilte roimh fhormhór na n-athruithe atá molta ar an reachtaíocht chraolacháin, atá ag teacht den chuid is mó leis an Acht Eorpach um shaoirse na meán, EMFA. Léiríonn na hathruithe riachtanais an lucht féachana atá athraithe agus margadh na meán atá ag forbairt seasta. Tá aiseolas cuimsitheach curtha ar fáil ina leith sin inár n-aighneacht faoi réimsí an Bhille gur ghá lena huile athbhreithnithe nó breithnithe a dhéanamh orthu.
Tá ról ar leith ag TG4 in earnáil na meán chun an Ghaeilge a chur chun cinn, an chruthaitheacht a chumasú, bonn láidir a chur faoin earnáil léiriúcháin neamhspleách, agus tacú le fás eacnamaíochta agus sóisialta na Gaeltachta. Tacaíonn obair TG4 le straitéisí agus le beartais an Stáit don Ghaeilge. Cuirimid fáilte roimh athbhreithniú ar phríomhchuspóirí TG4 lena chinntiú go bhfuil ár ról mar mheán seirbhíse poiblí mionteanga dhaingnithe sa reachtaíocht. Táimid ag tnúth freisin le toradh an athbhreithnithe a rinneadh ar na meáin Ghaeilge do Choimisiún na Meán a bheidh ar fáil níos déanaí i mbliana. Tacaíonn TG4 leis na hathruithe atá molta ar mheasúnú ar mhaoiniú na meán sa Bhille. Tá maoiniú ilbhliantúil ríthábhachtach chun tacú le fás straitéiseach TG4, chun cabhrú le pleanáil na heagraíochta, agus chun seasmhacht conarthaí leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách a chinntiú.
Tá EMFA le teacht i bhfeidhm i mí Lúnasa na bliana seo. Ní mór d'aon socrú maoinithe a bheith leordhóthanach, intuartha agus inbhuanaithe mar a leagtar amach in Airteagal 5.3 den Acht. De réir taighde atá déanta ag an EBU, tá Éire i measc na deich dtír is lú san Eoraip a fhaigheann maoiniú meán seirbhíse poiblí, ag 0.08% den OTI nó GDP. Caithfear measúnú comparáideach a dhéanamh le meán seirbhíse poiblí eile an EBU le cinntiú go mbeidh maoiniú leordhóthanach á fháil ag meán seirbhíse poiblí na hÉireann sna blianta amach romhainn. Cuireann TG4 fáilte freisin roimh na coinníollacha sa Bhille a chinntíonn éifeachtacht an phróisis do mhaoiniú na meán. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh maoiniú na meán bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla.
Glacann TG4 leis na bearta rialachais atá molta sa Bhille agus an soiléiriú a thugtar ar ról agus ar fheidhmeanna an bhoird agus an ard-stiúrthóra. Tá caighdeáin rialachais den scoth á gcoinneáil ag TG4 go leanúnach, agus fáiltímid roimh bhearta breise chun na caighdeáin sin a threisiú. Tacaíonn TG4 freisin leis an aitheantas a thugtar sa Bhille do na meáin ilardán. Léiríonn sé an bealach a bhfuil an lucht féachana ag teacht ar ábhar agus tá sé ag teacht go mór lenár straitéis, TG4 Gach Áit.
Tá TG4 chun tosaigh sa réimse seo i gcónaí. Ba é TG4 an chéad chraoltóir in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a sheol seirbhís seinnteoir sa bhliain 2003. Tá ár mbrandaí neamhlíneacha, Molscéal agus Bloc, ag fás go leanúnach. Tá curtha go mór ag straitéis YouTube Spórt TG4 le clúdach na gcluichí Gaelacha, agus bhí cur chuige neodrach ó thaobh ardáin de ag TG4 don tsraith dhrámaíochta "Crá", ag teacht leis an mbealach a bhfuil an lucht féachana ag breathnú ar ábhar drámaíochta. Molaimid, áfach, go gcuirfí forálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 i bhfeidhm ionas go mbeidh ábhar na meán seirbhíse poiblí infheicthe agus infhaighte ar gach ardán.
Cuirimid fáilte roimh chistí na meáin nua a bheidh faoi mhaoirseacht Choimisiún na Meán. Beidh 25% d'aon chiste nua le caitheamh ar ábhar Gaeilge a chuirfidh bonn faoin gcaoi a n-oibrímid leis an earnáil léiriúcháin agus a thacóidh le fostaíocht sa Ghaeltacht agus go réigiúnach agus a rachaidh chun tairbhe lucht féachana na Gaeilge freisin. Bheadh buntáistí den chineál céanna ag baint leis an tobhach ar oibreacha Eorpacha má chuirtear i bhfeidhm é le cead an Aire. Mar fhoilsitheoir craoltóir a bhíonn ag coimisiúnú seachas ag léiriú ábhair, tá comhpháirtíocht láidir ag TG4 leis an earnáil léiriúcháin i gcónaí. Tá an-rath, mar shampla, ar an scéim coimisiúnaithe scannán Cine4, atá cómhaoinithe ag Coimisiún na Meán agus Fís Éireann. Cuirimid fáilte mar sin roimh aon chiste nua maoinithe a rachaidh chun tairbhe na hearnála agus an lucht féachana.
Tá gá, dár linn, le soiléiriú ar an bhfoclaíocht faoi cheannteideal 23 le deimhniú gur féidir le Coimisiún na Meán leanúint ar aghaidh ag cur maoiniú ar fáil do chaomhnú chartlann TG4. Cuirimid fáilte freisin roimh athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar na meán seirbhíse poiblí chun éagsúlacht agus iolrachas a chinntiú. Ní bheidh iolrachas ann maidir le nuacht Ghaeilge faoi cheannteideal 23 go dtí go gcuirfear moladh 7.1 de Thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán i bhfeidhm ina ndeirtear gur chóir go mbeadh smacht eagarthóireachta neamhspleách ag TG4 ar a chuid seirbhísí nuachta.
Gabhaimid buíochas le baill an chomhchoiste as an deis ár dtuairimí a chur in iúl agus táimid ag súil go mór a bheith ag obair leo go leanúnach agus an Bille á chur chun cinn.
No comments