Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta
2:00 am
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Tagraím don Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá na mílte duine ag obair sa chóras, agus b’fhéidir gur ceann eile é sin. Tá dúshlán ar leith ag baint le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tagann daoine ó thar lear le hobair sa Státchóras agus sa HSE. Tá dúshlán ann, ach feictear dom go mbíonn na daoine sin an-oscailte do theangacha nua a fhoghlaim. Bíonn dhá nó trí theanga ag go leor acu a thagann isteach sa tír seo cheana féin. Tá a fhios againn uilig, má tá dhá nó trí theanga ag duine, bíonn sé níos éasca arís dó nó di ceann eile a fhoghlaim.
Tugann sé deis don Roinn. Is dúshlán é na daoine a thagann isteach sa tír agus atá ag obair sa chóras, ach is deis dúinn é freisin. Is féidir linn anois leis an bplean gníomhaíochta seo straitéisí a leagadh amach le dul i ngleic leis an deis sin. Níor mhaith linn go n-úsáidfí an togra seo mar uirlis le daoine le dathanna difriúla craicinn ná muid féin a choinneáil amach as an Státchóras. Tá sé de dhualgas orainn a bheith ag obair leis na pobail agus na daoine sin chun iad a tharraingt isteach agus deiseanna a chruthú dóibh.
No comments