Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta
2:00 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tuigim sin. Ligfidh mé do na comhaltaí teacht ar ais, ach i ndiaidh na gceisteanna uilig, theastaigh uaim féin cúpla ceist a chur. Tá a fhios ag an Dr. Mac Cormaic níos mó ná mé féin ná an coiste seo go bhfuil géarchéim i gceist. Baineann sé sin le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Níl a fhios agam cé mhéad uair ar leagadh amach anseo air, cé mhéad leasaithe a bhí ann nó cé mhéad ama ar chaith muid i mbun díospóireachta faoi. Faoin Acht sin tá geallúint agus tá an plean againn. Ach ag an am céanna, bhí geallúint eile maidir le plean gníomhaíochta. Cá bhfuil sé? Cén uair a bheidh sé foilsithe?
Chomh maith leis sin an bhfuil an tAcht i bhfeidhm go huile is go hiomlán? Tá sé scríofa anseo ar leathanach 27, "Is fiú a lua ag an bpointe seo, laistigh de 3 mhí ón dáta a dhéanfar an Plean Náisiúnta seo a chur faoi bhráid an Rialtais [agus tá sé sin déanta le bliain] go bhfuil dualgas ar an Aire faoi ... alt 18E ... dátaí a leagan síos faoin uair a gcuirfear na seirbhísí poiblí agus na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ... ar fáil”. Tá an tAire faoi dhualgas reachtúil sin a dhéanamh. Cá bhfuilimid faoin bpointe sin?
An rud a léimeann amach as an rud uilig ná go bhfuil deighilt ag an Stát seo idir custaiméir, saoránach agus cearta teanga. I gcuid den tuarascáil tá an Roinn ag díriú isteach ar dhaoine mar chustaiméir. Níl locht ar bith agam ar na finnéithe; tá an tuarascáil go maith. Ach sin an fhadhb atá againn ó thaobh an Rialtas de: go gcuirfear cearta teanga nó seirbhísí ar fáil do chustaiméirí. Is dilemma é sin. Tá neart dúshláin leagtha amach anseo, ach go háirithe don chóras sláinte leis an méid duine atá ag teacht ó thar lear. Is maith an rud go bhfuil siad ag teacht agus go bhfuil siad anseo, ach sin ceann de na dúshláin atá aitheanta ag an Roinn.
An fáth go bhfuil an coiste buan anseo, a bhuíochas le Dia, ná go bhfuil géarchéim le fada an lá ó thaobh seirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge mar is ceart. An tAcht is ea céim amháin agus bhí an ráiteas Gaeilge againn in 2006, beagnach 20 bliain ó shin. Bhí straitéis Ghaeilge againn i ndiaidh sin agus an tAcht nua agus anois seo, gan tásc ná tuairisc ar phlean gníomhaíochta. An féidir leis na finnéithe cabhrú liom teacht timpeall ar sin? Cad atá ag tarlú? Nach bhfuil sé aitheanta go bhfuil géarchéim ann? Tá a fhios againn go bhfuil géarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, agus tá a fhios agam go bhfuil céatadán níos airde de dhaoine ar aois áirithe ag labhairt Gaeilge. Tá na finnéithe anois mar cheannairí. Cad atá ag teastáil uathu chun dul i ngleic leis an ngéarchéim laistigh de thréimhse ama?
Tá a fhios ag na finnéithe go raibh neart díospóireachta againn ó thaobh an 20% agus cén ciall a bhain leis sin. Bhí ardú meanma orm nuair a léigh mé an tuarascáil toisc gur cheap mé go raibh an Roinn ag rá nach mór do gach leibhéal bheith ag teacht leis an 20% laistigh den chóras agus lasmuigh den chóras tríd an próiseas PAS agus trí na córais eile ina n-earcaíonn an Roinn daoine nua. An bhfuil na finnéithe ag rá anois nach bhfuil ach 20% tríd PAS ag teastáil? Níl. Tá míthuiscint ann. Stopfaidh mé anois leis na ceisteanna agus beidh caidreamh againn.
No comments