Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta

2:00 am

Ms Emily Maloney:

Tháinig Deirdre Ní Loingsigh os ár gcomhair sa chéad bhliain den choiste, thart faoi dheireadh 2022, le labhairt linn faoi mhicridhintiúr ag leibhéal 9 bhí á fhorbairt ag an ollscoil an uair sin. Baineann sé le cóitseáil teanga agus leis an mbuairt teanga go príomha. Léirítear trí thaighde go mbíonn buairt ar dhaoine a labhraíonn an dara theanga laistigh den ionad oibre nó ar bhonn gairmiúla. Tá an micridhintiúr forbartha ag an ollscoil ó shin agus tá dhá théarma rite de. Is i mí Eanáir a bhíonn sé. Thug mé féin faoi mar chuid den obair seo in Eanáir 2025. Bhí sé an-suimiúil. Bhuail mé le comhghleacaithe san earnáil seo agus i gcomhlachtaí poiblí eile. Bhí mé tógtha go mór go raibh na comhlachtaí poiblí réamhghníomhach agus go raibh daoine ó na comhlachtaí poiblí ag tabhairt faoin chúrsa le cuidiú le daoine ina gcomhlachtaí poiblí féin leis an rud seo. Bhí daoine ó thíortha eile a bhíonn ag plé le mionteangacha eile i láthair chomh maith, ar nós daoine ón Bhreatain Bheag agus Ceanada. Bhí sé an-suimiúil foghlaim uathu.

Mar chuid de sin, caithfear seisiún píolótach cóitseáil teanga a chur ar fáil do dhaoine atá ag foghlaim na teanga ar an láthair. Feictear dúinn go mbeidh féidearthachtaí ansin ó thaobh an phlean gníomhaíochta ag daoine atá ag foghlaim. Beidh deiseanna ag daoine ag leibhéal níos ísle inniúlachta - A2 nó B1, mar shampla - an cóitseáil teanga a fháil ar an láthair mar chuid de phacáiste foghlama teanga. Feictear dúinn go mbeidh deis ag daoine dul faoi oiliúint chun a bheith ina cóitseálaí teanga ina gcomhlachtaí poiblí. Bheadh an dá rud ann. Ag caint faoin éiceachóras sin, is rud amháin é sin a rith linn.

Luaigh an Teachta inniúlachtaí. Mar a dúirt mo chomhghleacaí an Dr. Mac Cormaic faoi B2 - sé sin, go raibh daoine ag ceapadh gur b'shin an inniúlacht cuí - ní bheadh muid ag iarraidh daoine ag leibhéal níos ísle inniúlachta a chur as an áireamh. I gcás daoine ag leibhéal B1, mar shampla, tá an poitéinsil ann an tairseach a shroichint. Bheadh muid ag iarraidh go gcothófaí muiníne sna daoine sin leanúint ar aghaidh leis an dteanga agus leis an oiliúint a fháil ar an láthair. Mar chuid de sin, táimid ag breathnú ar chlár printíseachta. Is rud iomlán nua é sin sa réimse seo. Tá printíseachtaí ag dul ar aghaidh trasna an bhoird sa Státchóras, mar shample i réimsí ar nós TFC agus margaíocht dhigiteach - ach is rud iomlán nuálaíoch a bheadh i gceann a bhaineann leis an teanga. Thug muid gealltanas i gclár printíseachta na seirbhíse poiblí go mbreathnófaí ar a leithéad le scileanna Gaeilge. Mar a tharlaíonn sé, tríd ár gcomhghleacaithe ar an gcoiste comhairleach - sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin go príomha ach sa Roinn Coimirce Sóisialaí freisin - aithníodh go bhfuil clár printíseachta gnó agus oibríochtaí á fhorbairt ag an Roinn Coimirce Sóisialaí i gcomhar le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma. Tá go leor de na modúil atá á bhforbairt lastigh den cheann sin ag teacht leis na rudaí a bheadh muid ag súil leis ó thaobh cúrsaí gnó agus oibríochtaí san ionad oibre mar a bhaineann sé leis an tseirbhís phoiblí. Tá muid ag caint leo faoi struth Gaeilge a rith don chéad bhliain de sin i dtreo deireadh na bliana seo. Táimid ag súil go mbreathnófaí ar dhaoine a thógáil isteach inár Roinn féin agus go bhféadfaí é sin a rolladh amach trasna an bhoird má éiríonn leis. Is scéim cineál phíolótach a bheadh ann ag an tús le breathnú ar cé chomh rathúil is a bheadh sé. Is rud iomlán nuálaíoch a bheadh ann. Bheadh muid ag iarraidh daoine ag B1, mar shampla, a thógáil mar chuid de sin, oiliúint teanga a chur orthu ar an láthair maraon leis na módúil a bheadh á dhéanamh acu faoin printíseacht féin, an cóitseáil teanga a chur mar chuid den phacáiste sin agus go mbeadh daoine ag teacht amach ar an dtaobh eile le B1 agus é sin creidiúnaithe ar an CEFR. Is sampla é sin de rud éigin eile a bhfuil muid ag breathnú air mar chuid den éiceachóras agus an pacáistiú sin a bhfuil muid ag caint faoi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.