Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta
2:00 am
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Luaim go bhfuil na hacmhainní foirne agus na hacmhainní airgeadais curtha taobh thiar de seo. Tá siad méadaithe as cuimse taobh istigh den Roinn agus in Oifig an Choimisinéara Teanga ó achtaíodh an reachtaíocht seo. Sular achtaíodh í, ceapaim go raibh leath-phríomhoifigeach, príomhoifigeach cúnta agus beirt eile ag obair sa Roinn ar an Acht 2003 a chur i bhfeidhm. Bhí seachtar nó ochtar in Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá an líon foirne in Oifig an Choimisinéara Teanga bailithe suas go 17 duine anois. Sin an figiúr is deireanaí. Níl na poist uilig líonta ag an bpointe seo, ach is í sin an uimhir atá ceadaithe ag an Roinn caiteachais phoiblí. Tá Sadhbh Ó Cinnseala ag leibhéal an phríomhoifigigh, tá beirt phríomhoifigeach cúnta in aice liom agus tá seachtar nó ochtar eile ar an bhfoireann atá ag obair go díograiseach ar an togra seo. Tá buiséad nua curtha ar bun atá ar €1.5 milliún anois. Nuair atá an buiséad nua ansin, beimid in ann tógáil ar sin trí phróiseas na Meastachán amach anseo.
Luaigh Sadhbh Ó Cinnseala an t-éiceachóras. Tá rudaí déanta agus rolláilte amach cheana féin. Mar shampla, d’fhógair an Roinn as cionn €4 mhilliún do na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath ar mhaithe le rudaí a thriail agus i dtaobh seirbhísí poiblí dátheangacha a chur ar fáil. Beimid ag foghlaim ó na rudaí sin uilig agus tuilleadh atá le teacht amach, scéim printíseachta ina measc, a bhfuilimid ag súil léi teacht amach roimh dheireadh na bliana.
Tá roinnt rudaí atá tar éis tarlú a bheas ag feedáil isteach agus ag cur oiliúna ar an Roinn faoi na rudaí seo gur féidir a dhéanamh, na rudaí a oibríonn agus na rudaí nach n-oibríonn. Níl an t-eolas uilig ag an Roinn. Táimid agus beimid fós ag foghlaim. Is togra réabhlóideach é ar bealach. Táimid ag bogadh i dtreo seirbhísí poiblí dátheangacha, rud nach raibh againn riamh ó bunaíodh an Stát. Caithfimid na córais uilig a athrú ó bhun. Tógfaidh sé tamall le haghaidh é sin a dhéanamh. Táim cinnte go ndéanfaimid botúin ar an mbealach sin ach foghlaimeoimid ó na botúin sin ar a laghad.
No comments