Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta
2:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tuigim sin. Ní cáineadh atá i gceist ach nuair a bhí an plé ann, dúradh linn nach mbeadh ann ach cúpla mí agus gurb é sin an fáth nach raibh spriocdháta ann. Scaoilim an argóint go bhfuilimid ag iarraidh go mbeadh an próiseas beartaithe laistigh de sé mhí ach dúradh linn nach raibh gá dáta mar sin a chur toisc go gcríochnófaí é laistigh de chúpla mí, ach tá mar atá.
Luaigh an Roinn go mbeidh na caighdeáin ag teacht i bhfeidhm faoin samhradh seo tar éis chomhairliúchán poiblí. Tá sé sin breis agus ceithre bliana go leith i ndiaidh a ritheadh an tAcht. Fágann sé sin trí bliana go leith do na comhlachtaí teacht timpeall ar na coinníollacha a bhaineann leo ó thaobh an earcaithe agus a leithéid. Tá dúshlán mór roimh na comhlachtaí agus na heagrais Stáit sin. Tuigim go bhfuil dualgas orthu siúd atá ag déanamh earcaithe don Státseirbhís cloí leis an riachtanas 20% cheana féin. Measaim nach dtuigeann a lán comhlachtaí Stáit cé chomh dúshlánach is atá an sprioc 20% sin.
No comments