Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta
2:00 am
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Ba cheart dom a rá i dtús báire go bhfuil na scéimeanna fós i bhfeidhm. Fuaireamar comhairle dlí air sin. Tá mé tar éis dul i dteagmháil leis na comhlachtaí poiblí éagsúla a bhfuil scéimeanna aontaithe acu leis an Roinn le cur in iúl dóibh nach bhfuil aon laghdú le teacht ar an leibhéal seirbhíse atá siad ag cur ar fáil. Cé go bhfuilimid in idirthréimhse, seasann na scéimeanna sin le linn an idirthréimhse sin. Tá sé sin deimhnithe i gcomhairle dlí atá faighte againn agus curtha in iúl do na comhlachtaí poiblí éagsúla a bhfuil scéimeanna aontaithe acu linn.
Tá sé tábhachtach an pointe sin a cheartú. Nuair a bhí an Bille ag dul tríd an Dáil agus an Seanad, ní dóigh liom gur thuig muid, mise ach go háirithe, an méid oibre a bhí i gceist leis na caighdeáin a chur le chéile. Cuirfidh mé i gcomhthéacs é. Nuair a chuaigh na caighdeáin i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag, bhíomar ag brath ar go leor comhairle ó Rialtas na Breataine Bige maidir leis na caighdeáin. Tá an-chaidreamh eadrainn. Ghlacamar le comhairle uathu maidir leis na caighdeáin. Ar feadh roinnt blianta, ní raibh Rialtas na Breataine Bige fiú cinnte an oibreoidís. Nuair a fuaireamar torthaí an taighde i ndiaidh dóibh na caighdeáin a thógáil isteach, chonaiceamar go raibh siad ag obair agus dúramar gurb é seo an t-am le dul i dtreo na gcaighdeán.
Bhí go leor oibre i gceist. Mar chomhthéacs, ghlac an próiseas comhairliúcháin sa Bhreatain Bheag trí bliana. Táimid ag an bpointe go bhfuilimid tar éis an réamhobair uilig a dhéanamh. Táimid ag súil go mbeimid in ann dul amach le haghaidh comhairliúcháin san fhómhar. Tá cúpla hoop le dul tríd idir seo agus siúd atá le glanadh ag an Aire agus taobh istigh den Roinn. Tá bunús na gcaighdeán réitithe anois. Bheinn ag súil go mbeidh rud éigin le fógairt ag an Roinn roimh dheireadh na bliana.
Tá deis againn anois. Tá go leor comhlachtaí poiblí - os cionn 200 acu - nach raibh scéimeanna acu riamh. Beimid in ann dul i ndiaidh na gcomhlachtaí sin leis na caighdeáin. Is bealach i bhfad níos éifeachtaí é, seachas a bheith ag aontú scéimeanna ceann ar ceann, go mbeimid in ann plé leis na hearnálacha éagsúla agus na caighdeáin a aontú leo. Tá an Roinn dóchasach go mbeimid réidh roimh dheireadh na bliana.
No comments