Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)
1:30 pm
Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:
B'fhearr tosú ón tús, má tá an rogha sin ag an tuismitheoir, dár ndóigh. Níl aon cheist faoi sin. Nuair atá páistí beaa ag freastal ar réamhscoil lán-Ghaeilge, forbraíonn siad an-chuid scileanna tuisceana agus éisteachta. Bíonn siad cineál chun tosaigh ansin agus iad ag tosú ar an mbunscoil. Fiú mura bhfuil an-chuid Gaeilge á labhairt acu go fóill, tá an-dul chun cinn déanta acu. Más féidir tosú ón tús - sé seachtaine nó sé mhí - sin is fearr. Nuair a bhíonn foghlaimeoirí níos sine, bíonn straitéisí eile, ar nós straitéisí cognaíocha, níos forbartha acu a chabhraíonn leo agus iad ag foghlaim teangacha. Nuair a athraíonn páiste ó scoil trí mheán na Béarla go dtí scoil lán-Ghaeilge, bíonn dúshláin i gceist ó thaobh an teanga cumarsáide a shealbhú, ó thaobh labhairt le comhscoláirí agus ó thaobh teanga an curaclam freisin. Tá ualach oibre i gceist ansin. Bíonn dúshláin ansin agus bíonn tacaíocht sa bhreis de dhíth. Feicimid uaireanta i gcuid de na ceantair eile go gcuireann siad tacaíochtaí ar fáil d'fhoghlaimeoirí atá ag aistriú isteach i scoil tumoideachais. Tá sé spéisiúil san Fhionlainn agus sa Bhreatain Bheag, mar shampla, go mbíonn dianchúrsaí ar siúl d'inimircigh le cabhrú le foghlaimeoirí caighdeán áirithe a bhaint amach sa sprioctheanga, ionas go mbeidh siad ábalta dul i ngleic le foghlaim an curaclam ansin. Is fiú smaoineamh ar na straitéisí le cabhrú le foghlaimeoirí.
No comments