Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé

1:30 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais ag na ceisteanna sin níos déanaí. Aontaím le Bláthnaid Ní Ghréacháin go bhfuil gá breathnú air seo i mbealach i bhfad níos leithne agus níos iomláine. Táimid ag fanacht leis an bpolasaí do scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé sin tábhachtach.

Rachaidh mé ar ais go dtí Anne McHugh agus David Leahy. Is é an fáth go bhfuil siad anseo ná gur ceapadh duine gan Ghaeilge. Faraor, ní rud neamhghnách é sin mar rinneadh an cinneadh ceannann céanna ó thaobh na comhairle cathrach. Ceapadh duine gan Ghaeilge. Tá sé seo ag teacht suas in ainneoin go bhfuil muidne anseo leis na blianta ag cur béime ar achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus rudaí eile. Tagann an rud atá déanta ag an mbord iomlán salach ar an méid atá muidne ag rá go hoifigiúil ó thaobh Gaeilge a bheith mar theanga oifigiúil na tíre agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, atá athraithe tar éis próisis.

Ag dul ar ais, níl mé ag díriú isteach ar chumas Gaeilge aon duine agus iarraim ar na finnéithe gan é sin a dhéanamh. Níl mé ag iarraidh é sin a dhéanamh. Tá a fhios agam cé chomh deacair is atá sé. Is foghlaimeoir ar fad an tsaoil mé. Táim i gcónaí ag foghlaim. Ní hé sin an rud atá i gceist. Tá rud i bhfad níos tromchúisí i gceist. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach is dóigh liom go bhfuil meon ann go bhfuil sibh sásta, agus sibhse ag feidhmiú i lár na Gaeltachta a bheith cosúil leis na ETBs eile, ach tá freagrachtaí difriúla orthu. Tá sibh i mbun scoileanna lán-Ghaeilge.

Cuirfidh mé an cheist arís. Chun a bheith cruinn, ní bhfuaireamar ráiteas tosaigh, faraor. Fuaireamar freagra mar gur scríobh an cléireach ar son an choiste chuig an mbord ag fiafraí cén fáth nach raibh riachtanas ann – riachtanas - ó thaobh na Gaeilge de. Scríobh an bord ar ais i nGaeilge agus cuirim fáilte roimhe sin ach níl aon ráiteas tosaigh ann. Bheinn ag súil le ráiteas tosaigh chun an t-ábhar seo a chur i gcomhthéacs, go háirithe i leith na reachtaíochta atá ann. Mar atá ráite go mion minic go bhfuil an reachtaíocht lag, ach tá sé ann. Tá gá le reachtaíocht níos láidre ach níor luaigh ceachtar den bheirt finné na freagrachtaí atá orthu faoin Acht Oideachais agus reachtaíocht eile. An féidir díriú isteach air sin? Cén machnamh ná anailís a rinne an bord roimh aon cheapachán chun a chinntiú go mbeadh an duine sin in ann feidhmiú trí Ghaeilge?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.