Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé

1:30 pm

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Táim ag iarraidh teacht ar ais chuig an tionchar agus cumhacht atá ag an mbord oideachais agus oiliúna a léirigh an Teachta. Tá an ceart ar fad aici. Tá sé tábhachtach an comhthéacs a leathnú píosa. Tá a fhios agam go bhfuil muid anseo chun dúshláin a bhaineann le GRETB ach go háirithe a phlé ach caithfimid plé a dhéanamh freisin faoin gcomhthéacs mór a bhaineann leis an gcumhacht agus an tionchar atá ag an bhforas seo ar an tumoideachas agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Ó thaobh na n-uimhreacha de, tá 29 scoil neamhspleách ar an iar-bhunleibhéal a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá 20 ceann dóibh siúd faoi chumhacht an chóras ETB. Tá 18 aonad lasmuigh den Ghaeltacht. Tá naoi gcinn dóibh faoi chúram an ETB. Caithfimid filleadh ar cheist na n-aonad - inniu, más féidir - toisc go bhfuil sé fite fuaite agus lárnach sna dúshláin ar fad atá á gcur i láthair inniu. Sa Ghaeltacht, tá 21 scoil neamhspleách agus tagann 14 dóibh faoin gcóras seo. Tá ocht n-aonad ann freisin. Nílimid iomlán cruinn faoi uimhir na n-aonad agus is castacht eile ar fad é sin. Tá cúig dóibh siúd faoin ETB.

Léiríonn sé sin an cheist níos mó atá anseo. Léiríonn an ráiteas atá déanta an staid thar a bheith leochaileach ina bhfuil cur chun cinn an tumoideachais faoi láthair. Tá fuinneog chriticiúil ann ó thaobh an tumoideachais agus oideachas Gaeltachta. Tá an polasaí don oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm agus á leabú faoi láthair ach braitheann sé go mór ar chinntí ag an leibhéal is airde agus ar na grúpaí a bhfuil an chumhacht acu ceannaireacht agus ceannasaíocht láidir ar an teanga a léiriú. Tá sé mar an gcéanna leis an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á fhorbairt. Tá an cheist seo fite fuaite. Má ghéillimid ar na ceisteanna seo, táim thar a bheith buartha faoi thodhchaí an oideachais ag an iar-bhunleibhéal. Má leanaimid ar aghaidh sa treo seo, ní dóigh liom gur féidir linn a rá go bhfuil tumoideachas á chur ar fáil ag an iar-bhunleibhéal ag an Stát.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.