Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ós rud é nach bhfuil aon Teachta nó Seanadóir eile ag iarraidh ceisteanna a chur, cuireann sé sin críoch lenár bplé inniu. Tréaslaím an plean fáis seo leis an finnéithe, leis an 135 grúpa atá taobh thiar de, agus leis an trí eagraíocht eile - Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus TG4 - a n-aontaíonn leis na cinntí atá ann maidir leo féin nó na grúpaí eile. Jab mór é an plé sin a bheith ag na grúpaí ar fad agus iad a eagrú agus a bheith dírithe ar an sórt maoinithe atá leagtha síos sa phlean. Tá sé leagtha síos ann nach díreach infheistíocht atá ann. Tá postanna ag teacht as. Mar a luaigh an tOllamh Ó Brolcháin, tá an athghiniúint sin ó thaobh na Ghaeilge agus ó thaobh earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i gceist. Is gá dúinn é seo a dhéanamh má táimid chun na dualgais Stáit sin a chomhlíonadh agus má táimid chun an Ghaeilge a tharrtháil nó teacht timpeall ar an ngéarchéim ina bhfuilimid. Tréaslaím leis na finnéithe a gcuid oibre. Ní urlabhraí airgeadais mé ach nuair a fhéachaimid ar na figiúirí atá leagtha síos, is airgead beag é i gcomhthéacs an airgid mhóir atá ag an Stát. Mar a bhí an Teachta Ó Cuív ag rá, is léiriú é ar an tairbhe atá bainte againn mar náisiún as an airgead a chaitheadh ar TG4. B’fhiú an caiteachas sin a dhéanamh, laistigh de pé rialacha a bhí leagtha síos, ach is léir ó thaobh TG4 de nach airgead amú é. Is léir nach airgead amú a bhí ann ó thaobh na Gaeilge de.

Go n-éirí leis na finnéithe. Chífidh mé arís iad. Beidh na hAirí difriúla os ár gcomhair idir seo agus an cáinaisnéis, muna dtarlaíonn sé róluath i mí Mheán Fómhair. Chuala mé ráfla go mbeidh cáinaisnéis luath againn i mí Mheán Fómhair. Níl mé cinnte ar roinneadh sin leis an Teachta Ó Cuív. Déanfaimid déileáil leis má bhíonn cáinaisnéis ann. Mar atá, tá an plean seo leagtha síos. Is plean cúig bliana atá i gceist. Beidh Rialtas againn an bhliain seo chugainn. B’fhéidir go mbeadh athrú ann. Tá súil agam go bhfuil éisteacht ceart tugtha againn do na finnéithe agus gur féidir linn ar fad aontú leis an gcuid is mó de na hiarratais atá ann. Ní hé go bhfuilimid ag cur i gcoinne na cinn eile ach go bhfuil tuairimíocht difriúil, agam, ar aon nós. Is léir ó roinnt de na comhaltaí eile go bhfuil tuairimí difriúla maidir leis an gcur chuige ach ní hé go bhfuilimid i gcoinne an chaiteachas. Aontaímid leis an caiteachas agus leis an gcur chuige atá leagtha síos. É sin ráite agam, gabhaim buíochas le Julian de Spáinn, Gráinne Nic Niallais agus Fionnbarra Ó Brolcháin as an gcúnamh a thug siad dúinn inniu agus as an bplean a chuir faoinár bhráid. Is é sin deireadh an phlé ar an gceist seo.

An bhfuil aon duine ag iarraidh ceist a ardú faoin aon ghnó eile? Níl. Beidh ár gcéad chruinniú eile ar siúl an tseachtain seo chugainn ar an 10 Iúil nuair a phléifimid an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát le hiondaithe ó SEALBHÚ. Pléifimid freisin an bunriachtanas atá ann go mbeadh Gaeilge agus Béarla líofa feidhmiúil ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram le hionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann; ionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin; ionadaithe ó Ghaeloideachas; agus ionadaithe ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.