Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge
1:30 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá, mar tá contúirt ann má deireann tú go bhfuilimid ag iarraidh €300 milliún.
Tá a fhios ag Julian de Spáinn cé mhéad iarratais a bhíonn ann an t-am seo den bhliain. Tá mise ar an gcoiste leasa shóisialta. Tá dóthain iarratas istigh a bhánadh an Stát trí huaire. An rud atá mise ag iarraidh a chruthú an t-am ar fad ná nach gá mórán airgid a chaitheamh ar chor ar bith le rudaí a chur ina gceart. Má chuirtear reachtaíocht cosúil le hAcht na dteangacha i bhfeidhm, is féidir a lán a bhaint amach, mar a dúirt Julian de Spáinn. Is sampla iontach í an fhógraíocht. Tá ag éirí thar cionn leis. Ta cuid de na fógraí sách briotach ach sin scéal eile. Ach taobh amuigh de sin, tá ag éirí thar cionn leis ó thaobh an tsoláthair de, ó thaobh na feiceáileachta de agus ó thaobh líon na bhfógra, agus gan oiread agus pingin rua caite as cistí Gaeilge. Caithfimid i bhfad Éireann níos mó de sin a dhéanamh. An chéad cheann eile atá práinneach anois - tá sé ag teacht chun tosaigh go ceann míosa - ná TG4 a bheith san áireamh nuair atá socraithe á dhéanamh maidir le craoltóireacht. Go haon turas, níl mé ag rá nuair atá socraithe a dhéanamh maidir le TG4. Tá socraithe le déanamh maidir le maoiniú craoltóireachta araon. Is cuma liom an é an ceadúnas nó an Stát a íocann as - tá laigí ar gach aon taobh - ach bíodh an socrú céanna ann do gach aon cheann agus sciar féaráilte ag TG4, atá ag déanamh sároibre agus a bhfuil sártháirgiúlacht aige le hais RTÉ.
No comments