Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge

1:30 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Tá an ceart ag an Teachta. Is dócha go mbaineann sé leis an mbealach a léirítear an rud atá uainn. Mar shampla, maidir leis an airgead sin atá luaite sa phlean fáis a bhaineann le hinfreastruchtúr Gaeltachta, is infreastruchtúr é gur gá a thógáil ar aon nós agus ba chóir go mbeadh an Roinn forbartha tuaithe ag tabhairt faoi. An rud atá muid ag iarraidh éileamh ar an Roinn ná an t-airgead óna bhuiséad a atreorú i dtreo na hoibre seo sa Ghaeltacht atá i gceist. Tá an ceart ag an Teachta. Baineann sé leis an mbealach a léirítear é sin. Tá cúpla smaoineamh tugtha aige dúinn maidir leis an mbealach a léirítear an t-eolas sin. Is é sin an rud a chuireann sé as dom i gcónaí nuair atáimid ag plé le haon Roinn eile. Tosaímid ag labhairt faoi rud a bhaineann leis an nGaeilge nó a bhfuil an Ghaeilge san áireamh ann agus go tobann cuirtear trasna go Roinn na Gaeltachta muid. Bhí an córas Eircode mar shampla an-mhaith de sin. Bhí an bunachar in easnamh ó thaobh na dtéarmaí nó na logainmneacha a bheith ar fáil. Nuair a thosaíomar ag plé leis, ba léir nach mbeadh an rud iomlán mar nach raibh Roinn na Gaeltachta ag cur airgead ar fáil chun an bunachar a chuimsiú, cé go raibh an Roinn cumarsáide ag caitheamh €35 milliún ar an gcóras nua. Ní raibh siad sásta an píosa beag eile a dhéanamh chun go bhféadfadh an córas breá nua a bheith in ann déileáil leis an nGaeilge freisin. Tagaim leis an Teachta. Níor chóir go mbeadh an dearcadh ann i gcónaí go mbaineann gach rud le Roinn na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.