Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge
1:30 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An bhféadfainn teacht isteach anseo? Nuair a bhí mé i m'Aire, is minic fuaireamar glaoch ó na meáin faoin méid a chaithfí ar an nGaeilge. Bhraith sé ar cé a chuir an cheist cén freagra a fuair siad. An airgead ar an nGaeilge é airgead a thabhairt do TG4 nó, b'fhéidir, do Raidió na Gaeltachta? Más ea, is airgead ar an mBéarla é airgead a thabhairt do RTÉ. Dá mba rud é gur namhaid don Ghaeilge a chuirfeadh an cheist orm, déarfadh mé nach airgead don Ghaeilge é sin ar chor ar bith mar gur airgead don chraoltóireacht é. Sílim go gcaithfimid a bheith cúramach má aithneoimid fadhb. Má thógaimid an lear mór airgid a thugtar do TG4 anseo, go deimhin féin, agus a thugtar do RTÉ atá á phlé i láthair na huaire maidir leis an easpa chomhlíonta ar a chuid dualgais aige siúd, ní áirím gur airgead Gaeilge é mar gur airgead craoltóireachta é. Dá mba rud é, mar shampla, go ndearna RTÉ neamhaird ar spórt dúchasach, déarfaí gur feall a bheadh déanta ar an bpobal ach ní airgead do spórt é go gclúdaíonn sé imeachtaí spóirt ach is airgead don chraoltóireacht é.
Mar sin, tá deis nach beag againn an chuid mhaith de seo a fháil in aon léim amháin gan é a iarraidh don Ghaeilge ach é a iarraidh don chraoltóireacht. Tá tuarascáil a bheidh ag dul amach air seo agus deirtear linn go bhfuil cinneadh le déanamh maidir le maoiniú craoltóireachta. Níor cheart dúinn g lacadh leis go mbaineann sé sin le RTÉ amháin. Ba cheart dúinn a rá go mbaineann sé le TG4, RTÉ agus táimid ag iarraidh go mbeidh an dara craoltóir náisiúnta ag fáil sciar réasúnta den airgead. Bheinn ag iarraidh go mbeadh benchmark an-mhaith ansin. Go deimhin féin, ní thuigim cén fáth nach bhfuil níos mó éirithe amach faoi go bhfuil caint ar bhreab mór a thabhairt don chraoltóir nach raibh in ann coinneáil taobh istigh de na laincisí airgid a bhí air, fiú amháin go raibh mórchuid airgid aige, agus go bhfuil pionós á ghearradh ar TG4 i ngeall air sin, mar gur chloígh sí leis na buiséid agus nach ndeachaigh siad thar teorainn ag caitheamh airgid.
Tá an t-uafás rudaí gur féidir a dhéanamh ar son na Gaeilge agus ní gá admháil riamh gur airgead don Ghaeilge é, ach an oiread go ndéarfaimid gur airgead don Bhéarla é má oilimid múinteoirí trí Bhéarla, mar shampla. Is airgead don Ghaeilge é i gcónaí má mhúintear an rud ceanann céanna trí Ghaeilge, ach níl aon chostas ag baint leis. Tuigeann an t-eacnamaí os mo chomhair an méid sin. Níl aon chostas ag baint leis ar chor ar bith mar chaithfí é a dhéanamh ar bhealach amháin nó bealach eile.
Dá mbeadh mise ag iarraidh dul timpeall ar Aire Airgeadais, bheadh mé ag cur an-bhéim ar na rudaí ar fad a dhéanamh gan costas, ach atreorú a dhéanamh ar an airgead atá ann ag dul do na hearnálacha sin. Mar shampla, ceann de na rudaí is mó go gcaithfear tabhairt faoi ná oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge. Dá ndéarfaí leis an Roinn caiteachas poiblí agus an Roinn breisoideachais go raibh an oiread áirithe sin den airgead a bheidh tú ag caitheamh ar an HEA an bhliain seo chugainn le bheith ann do chúrsaí trí Ghaeilge – ní cúrsaí don Ghaeilge ach cúrsaí trí Ghaeilge - ní fheictear mar airgead ar an nGaeilge é. Is airgead ar chumarsáid, eacnamaíocht, eolaíocht, altracht, múinteoireacht nó cíbí cén rud a bheadh ann. Is dóigh liom go gcaithfimid é seo a dhéanamh.
Tá go leor smaointe maithe anseo - níl aon amhras faoi sin - ach caithfimid a bheith seiftiúil faoi cén chaoi a mbainimid an t-airgead den Stát. Mar shampla, dá mba rud é go mbeadh Údarás na Gaeltachta ina AHB, agus riail ag an AHB sin go gcaithfear an t-airgead a chaitheamh ar thithíocht do Ghaeilgeoirí, ní airgead Gaeilge a bheadh ann. Is airgead tithíochta a bheadh ann ach tharlódh go mbeadh toradh an-mhaith teangan leis an airgead tithíochta. Caithfidh sé sin dul tríd an córas ar fad. B’shin an smaoineamh a bhí taobh thiar den straitéis 20 bliain don Ghaeilge: go raibh muid ag úsáid airgead an chórais ach seachas go mbeadh cistí beaga don Ghaeilge ann ar leataobh, go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite i chuile caiteachas de chuid an Stát agus gur atreorú a bheadh ann. Má tá tithe le tógáil, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil tithe á dtógáil do Ghaeilgeoirí chomh maith le Béarlóirí. Braitheann sé ar teaicticí. Mar a dúirt mé, agus tá mé sách fírinneach faoi seo, dá n-iarradh ar Chonradh na Gaeilge nó ar dhuine atá báúil den Ghaeilge cén mhéad airgid a chaitheadh ar an nGaeilge, b’fhéidir go bhfaighidís freagra difriúil. Níl aon sea nó ní hea.
Maidir leis an Tuaisceart, is féidir le Roinn na Gaeltachta nó leis an Rialtas airgead a chaitheamh áit ar bith is maith leis ar rud ar bith is maith leis – taobh istigh nó taobh amuigh den Stát. Tá a leithéid ar bun. Tá €500 milliún curtha ar fáil tríd an gciste comhroinnte oileáin agus tá deiseanna iontacha ansin. Arís, ní airgead ar an nGaeilge é; is airgead as an gciste comhroinnte é ar thograí a mbeadh buntáistí ag an nGaeilge astu. Tá na tograí sa Tuaisceart. Ní aon amhras faoi sin. Tograí Tuaiscirt-Deiscirt atá iontu. Caithfimid a bheith níos seiftiúil sa bhealach a thabharthas muid faoi seo. Is maith liom nuair atá an bille pleanála beag agus an toradh an-mhór.
Níl aon rud sa phlean go bhféadfaí a chur ina aghaidh. B’fhéidir go mbeadh mé ag cur tosaíochtaí áirithe le hais tosaíochtaí eile ach níl mé ag dul a bheith ag troid faoi mionrudaí. Caithfimid a bheith cúramach ó thaobh an mórphobal faoin gcaoi go bhfógraítear rudaí. Tá a fhios ag Julian de Spáinn céard atá i gceist agam nuair a tagraím don Ghaeilge mar whipping boy.
Ag dul ar ais ag TG4, tá deis iontach chun a bheith ann. Scun scan ar aon cháinaisnéis, caithfimid dhá rud a chinntiú. Caithfimid a chinntiú gur pacáiste iomlán craolacháin a bhéas ann agus go gcaithfear go cothrom leis na craoltóirí náisiúnta agus na craoltóirí gnó. Tuigim cén fáth a ndearnadh ar an mbealach a rinneadh é nuair a cuireadh TG4 ar bun, ach shíl mise ón gcéad lá gur cheart do mhaoiniú TG4 teacht as an gciste céanna le RTÉ. Otherwise deirtear “ah bosca beag na Gaeilge, tabharfaimid cúpla punt dó” seachas a rá gur chuid de mórphictiúr craolacháin na tíre é agus go gheobhfaidh sé a sciar féin. Bheadh níos mó dul chun cinn fadtéarmach déanta ar an mbealach sin. Bheadh chuile teach a thógfaí sa tír ag fáil a sciar as. Caithfimid gach rud a nascadh le chéile sa chraoltóireacht le cur chuige iomlán nua ar fad agus cothrom na Féinne a fháil, seachas TG4 a bheith ina cineál bhoiscín beag leis féin, maoinithe ag an Stát agus an dream eile maoinithe ag an gceadúnas. Cibé cén réiteach atá ann do RTÉ, caithfidh sé TG4 a chuimsiú freisin.
No comments