Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá graif ag an gconradh san aighneacht a léiríonn cuibheasach soiléir an coibhneas idir an gComhairle Ealaíon agus an foras ó thaobh an chaiteachais de. Tá sé léirithe mar an gcéanna ó thaobh Údarás na Gaeltachta, an Industrial Development Authority, IDA, agus Fiontar Éireann de. Tá sé sin an-áisiúil dúinn nuair atáimid ag déanamh na hargóna ó thaobh breis airgid de. Ní hé go bhfuilim i gcoinne an mhéid atá á rá ag Julian de Spáinn maidir leis an bhforas agus an cur chuige i dtaca leis an bhfadhb. Ní fheicim agus is léir nach bhfeiceann an Teachta Ó Cuív go dtarlóidh an t-athrú sin agus tá dainséir ann chomh maith céanna ó thaobh an chur chuige sin.

Is é an rud atá á lorg agam ná conas is féidir linn teacht timpeall air. Tá an ceart ag Julian de Spáinn gur gá dúinn teacht timpeall air ar bhealach éigin chomh tapa agus is féidir ionas nach bhfuil srian á chur ar na moltaí agus ar na tograí spéisiúla atá leagtha síos againn. Is é sin an sórt chur chuige is gá don Stát a dhéanamh chun an athghiniúint sin a baint amach, an méid a bhí á lua ag an Ollamh Ó Brolcháin níos luaithe a thosú, agus an infheistíocht sin a dhéanamh.

Is é ceann de na rudaí a luaigh Julian de Spáinn ná gur gá ciste infheistíochta a athbhunú. Is féidir é sin a dhéanamh go héasca. Tá ceann ó Thuaidh cheana féin. Is féidir é a bhunú don Stát anseo. Ní bheadh sé sin ag teacht salach ar an obair atá á déanamh ag an bhforas. D'fhéadfaí díriú isteach air sin agus d'fhéadfaí níos mó den sórt sin ruda a dhéanamh nuair atá tograí ann atá bunaithe nó díreach gafa le hinstitiúidí na Sé Chontae Fichead, is iad sin cúrsaí tithíochta, infreastruchtúir agus oideachais. Ní gá, má tá bac ann nó dá mbeadh bac ann, go mbeadh an foras go hiomlán gafa leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.