Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge
1:30 pm
Mr. Julian de Spáinn:
Nuair a thit an geilleagar as a chéile ó Dheas agus bhí airgead acu ó Thuaidh, tharla sé nach raibh an t-ardú tugtha d’Fhoras na Gaeilge arís. Táimid i sáinn pholaitiúil. Tá bealach ann, ach braitheann sé ar cé atá sásta tabhairt faoi. D'fhéadfaí réiteach a fháil ar an bhfadhb má tharlaíonn sé nach bhfuil an rialtas ó Thuaidh ag cur an méid céanna airgid isteach nó nach bhfuil an rialtas ó Dheas ag déanamh amhlaidh. D’fhéadfaí go mbeadh airgead breise á chur isteach ag rialtas amháin as an dá rialtas. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh. Is cinneadh polaitiúil a bheadh ansin. Sílim go gcaithfidh na polaiteoirí teacht ar réiteach chuige sin.
Baineann an rud atá á rá againn leis an mhéid a tharlóidh mura thagaimid ar réiteach chuige sin, agus má tá Foras na Gaeilge chun leanúint ar aghaidh sa suíomh ina bhfuil sé faoi láthair. B'fhéidir go bhfaighidh sé beagáinín sa bhreis sa chúpla bliain ós ár gcomhair, agus tá súil agam go bhfaighidh sé. Má bhreathnaímid ar an ngeilleagar atá ann ó Thuaidh faoi láthair agus ar an bpolaitíocht a bhaineann le cúrsaí ó Thuaidh, ní fheictear dúinne faoi láthair go bhfuil siad i suíomh maith chun airgead suntasach nua sa bhreis a chur isteach sa phota. Sa chás sin, an bhfuilimid chun a bheith fágtha leis an mbuiséad íseal atá ann sa chéad chúig bliana nó deich mbliana eile? Mar a deir an Cathaoirleach, b'fhéidir go dtarlóidh rud éigin thíos anseo. D’fhéadfadh 15 bliana nó 20 bliain eile a bheith ann agus muid san áit chéanna is atáimid anois, 20 bliain níos déanaí.
Murar féidir teacht ar an réiteach sin, agus tá moltaí againn faoi conas é a réiteach, caithfear an t-airgead nó an maoiniú a chur ar fáil fós, bíodh sé sin le struchtúr athmhúnlaithe nó le struchtúr nua sa bhreis ar an rud a dhéanann an foras, mar shampla. Is féidir é sin a dhéanamh, ach is gá rud éigin a dhéanamh ionas gur féidir linn a bheith ag feidhmiú. B'fhéidir go mbaineann sé le buiséad i bhfad níos mó a thabhairt do Roinn na Gaeltachta, ionas go mbeadh an Roinn sin ag bunú rannóg faoi leith agus ag feidhmiú níos mó ar na rudaí seo atá luaite. Caithfidh an maoiniú a bheith ag teacht. Ní féidir leis an mbac seo leanúint ar aghaidh. Caithfear é a réiteach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile mar níl sé cothrom.
Is féidir linn breathú ar an gcoibhneas nó ar an difear idir an gComhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge ó cuireadh ar bun é. Sílimid go raibh thart ar dhá oiread go leith níos mó maoinithe ag an gComhairle Ealaíon nuair a cuireadh Foras na Gaeilge ar bun. Is í an tuiscint a bhí ag roinnt againne ná go mbeadh an maoiniú, cineáilín, ag cloí nó ag teacht leis sin agus go dtiocfadh an maoiniú d'Fhoras na Gaeilge níos gaire don maoiniú a fhaigheann an Chomhairle Ealaíon. Roimh an bpaindéim, bhí an maoiniú a bhí ag an gComhairle Ealaíon cúig oiread níos mó agus anois tá sé ocht n-oiread níos mó. Tá rudaí imithe as riocht agus táimid tagtha ag an bpointe go bhfuil gá é a dheisiú anois. Mura ndéantar é sin trí struchtúr an fhorais a dheisiú, caithfear fós an maoiniú a chur ar fáil mar níor chóir go mbeadh an pobal thíos leis. Ní chóir go mbeadh na rudaí atá molta ag an bpobal le bheith maoinithe thíos leis mar gheall air seo.
No comments