Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Dátheangachas Suíomh Gréasáin na Comhairle Mhúinteoireachta: An Comhairle Mhúinteoireachta

1:30 pm

Ms Phil Fox:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an choiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn a bheith i láthair inniu, chun ábhair inspéise de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a phlé. Is mise leas-stiúrthóir na Comhairle Mhúinteoireachta. I mo theannta tá mo chomhghleacaí, Bríd Murphy, ceannasaí oiliúna tosaigh múinteoirí agus ionduchtúcháin na comhairle.

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta rialtóir na gairme múinteoireachta. Chuige sin, tá ról ríthábhachtach againn maidir leis an bpobal a chosaint; sé sin, ardchaighdeáin inniúlachta ghairmiúla agus iompair a choinneáil sa teagasc agus muid ag feidhmiú mar rialálaí ar ghairm na múinteoireachta in Éirinn, faoi mar atá sé leagtha síos san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta. Sa ról seo, táimid tiomanta maidir le tacú le cur chun cinn na Gaeilge agus soláthar seirbhísí i nGaeilge a chinntiú agus tugtar tús áite dó sin inár ráiteas straitéise ilbhliantúil agus inár gclár chumarsáide. I measc na freagrachtaí atá orainn, tá múinteoirí a chlárú go reachtúil, ag cinntiú go gcomhlíonann agus go gcloíonn siad le caighdeáin arda agus an ghairm a rialú, lena n-áirítear próisis feidhmiúlachta chun múineadh. Déanaimid é seo ar mhaithe le clár reatha de 123,500 múinteoir.

Tuigimid go maith an ról lárnach atá ag an nGaeilge inár sochaí, geilleagar agus cultúr. Táimid tiomanta chomh maith maidir lena cur chun cinn i measc múinteoirí thar na céimeanna múnlaitheacha dá gcuid oideachais, áit a déanaimid cláir oideachais tosaigh múinteoirí in institiúidí ardoideachais a chreidiúnú. I measc na seirbhísí a chuirimid ar fáil do mhúinteoirí agus don phobal, tá suíomh gréasáin dátheangach, áit a bhfuil míreanna roghchláir, cnaipí anuas agus cáipéisí ar fáil i nGaeilge. Cuirtear fáilte roimh ríomhphoist, glaonna gutháin agus comhfhreagras i nGaeilge agus tugaimid freagra orthu sin i nGaeilge. Cuirimid líne fóin thiomnaithe Ghaeilge ar fáil, a bhfuil baill foirne atá líofa sa Ghaeilge ina bun. Foilsímid postálacha Gaeilge ar na meáin shóisialta agus fógraí i nGaeilge chomh maith agus reáchtálaimid feachtais earcaíochta i nGaeilge.

Chomh maith le suíomh gréasáin, a bhfuil acmhainn lán-Ghaeilge ag baint leis, cuireann ár dtairseach ar líne, a seoladh den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair 2021, ar chumas múinteoirí clárú, a gclárú a athnuachan, iarratas a dhéanamh ar ghrinn fhiosrúchán na ngardaí, agus a gcuid sonraí a nuashonrú ar líne as Gaeilge. Tá 170 leathanach agus 23 foirm iarratais i gceist leis an tseirbhís chláraithe ar líne, agus tá áthas orainn a chinntiú go bhfuil an tseirbhís athnuachan bliantúil ar fáil trí mhéan na Gaeilge ar an tairseach um an dtaca seo.

Maidir le hábhair bhreise ar mian leis an gcoiste a phlé, mar rialálaí ghairm na múinteoireachta in Éirinn, leagaimid síos na caighdeáin do chláir oiliúna tosaigh múinteoirí. Déanaimid na cláir seo a athbhreithniú agus a chreidiúnú go leanúnach chun críocha chláraithe múinteoirí. Ó 2019 i leith, táimid tar éis cláir nua, baitsiléir oideachais iarbhunscoile, lena n-áirítear an Ghaeilge agus nuatheangacha iasachta, a chreidiúnú.

Maidir le caighdeáin d’oiliúint tosaigh múinteoirí, darb ainm Céim, cuirimid béim ar eispéiris tumoideachais, ar nós an tréimhse foghlama sa Ghaeltacht, chun cur le muinín agus le hinniúlacht mhúinteoirí faoi oiliúint sa Ghaeilge. Áirítear leis seo beartais nuálacha ar nós socrúcháin scoile i nGaelscoileanna, agus ag comhtháthú eispéiris tréimhse le staidéar gairmiúil. Taobh amuigh de thréimhse foghlama sa Ghaeltacht, cuireann institiúidí ardoideachais socrúcháin scoile ar leith ar fáil i nGaelscoileanna agus scoláireachtaí do mhúinteoirí faoi oiliúint chun a socrúchán earraigh a dhéanamh i scoil Ghaeltachta. Tá sé mar aidhm ag na tionscnaimh seo feabhas a chur ar chumas chun teagaisc agus ar fheasacht ar chultúr na Gaeltachta. Táimid dírithe chomh maith ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil do mhúinteoirí le Cosán, an creat náisiúnta a threoraíonn foghlaim ghairmiúil iar-ionduchtaithe. Is mór ag an gcreat seo próisis foghlama éagsúla agus tacaíonn sé le múinteoirí a gcuid foghlama a chomhtháthú i gcleachtas, rud a chuireann lena n-éifeachtacht chun teagaisc.

Cinntímid chomh maith go gcomhlíonann múinteoirí a cháilíonn lasmuigh de Phoblacht na hÉireann na caighdeáin Ghaeilge chéanna is a chomhlíonann iad siúd a cháilíonn in Éirinn. D’fhéadfadh go mbeadh coinníollacha le cur le clárú múinteora, ar nós riachtanas na Gaeilge, a bheith i gceist leis sin.

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta do ghairm na múinteoireachta a rialú agus ardchaighdeáin a chinntiú le clárú, creidiúnú agus tacaíocht do chláir foghlama ar feadh an tsaoil. Agus é seo idir lámha againn, agus seirbhís dátheangach ardchaighdeáin á sholáthar againn, cinntímid go bhfreagraítear aon chumarsáid a fhaightear sa teanga ina ndéantar í. Feictear ár ndílseacht don Ghaeilge i ngach gné dár gcuid seirbhísí agus cumarsáide, áit a gcinntímid go mbíonn seirbhís dhátheangach ardchaighdeáin ar fáil. Leanfaimid orainn i gcónaí chun feabhas a chur le stádas agus úsáid na Gaeilge laistigh dár n-oibríochtaí agus seirbhísí, agus an stádas ar leith atá aici laistigh den tírdhreach gairmiúil do mhúinteoirí in Éirinn a chinntiú. Go raibh maith agaibh as ucht bhur n-éisteacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.