Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Ms Siubhán Nic Grianna:
Cinnte. Mar is eol don Teachta, táimid ag obair ar scéim píolótach a chur i bhfeidhm atá dírithe ar chliantchomhlachtaí. Tá an scéim sin ag eascair as taighde a thug muid faoi a bhí dírithe ar na cliantchomhlachtaí. An rud a fuair muid amach ón taighde sin ná gur scáthán iad na fostaithe ar bhealach. Tá sé ar nós nuair a amharcann tú ar na staitisticí fhad agus a bhaineann siad le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht, is scáthán iad na cliantchomhlachtaí ar an phictiúr atá amuigh sa phobal. Bhí an méid a tháinig ar ais chugainn thar a bheith dearfach. Léirigh sé go raibh Gaeilge líofa nó ó dhúchas ag idir 58% agus 60% de na daoine a ghlac páirt sa taighde. An rud a bhí thar a bheith suimiúil dúinn ná gur léirigh siad fosta nach mbíonn an Ghaeilge á húsáid acu go laethúil sa bhaile, sa phobal nó fiú ar an láthair oibre. Ar bhealach, nuair a amharcann tú ar na staitisticí a thagann ón daonáireamh, le pobal Gaeltachta ina bhfuil 102,000 ann, léiríonn na staitisticí go bhfuil ós cionn 20,000 acu sin ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Léirigh ós cionn 65,000 duine go raibh cumas Gaeilge acu ach dúirt díreach 45,000 – tá brón orm faoi na figiúirí seo uilig - go raibh Gaeilge a bhí go han-mhaith nó go maith acu ach nach raibh sí á labhairt acu go laethúil. Ó thaobh spriocanna straitéise an údaráis, táimid ag iarraidh na daoine sin a dúirt go bhfuil Gaeilge go maith nó go han-mhaith acu a mhealladh i dtreo a bheith mar chainteoirí laethúla Gaeilge. Tá sé mar an gcéanna leis na cliantchomhlachtaí. Táimid ag iarraidh oibriú leis na cliantchomhlachtaí sin agus ó thaobh-----
No comments