Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Críochnóidh mé leis an údarás agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an fóram atá i gceist. Tá dhá rud ann. Ceann amháin ná maidir leis na cliantchomhlachtaí agus an staidéar agus an taighde atá a dhéanamh. Arís, tagann sé ar ais go dtí an pointe nach n-oibríonn siad i bhfolús. Tá ard-mholadh tugadh agam don údarás ó thaobh infheistíochta a mhealladh isteach ach tá mé thar a bheith buartha faoin teanga laistigh de na eagraíochtaí seo. Ní fheileann an focal "monarchan" níos mó ach cibé cén focal atá i gceist. Tá neart ceisteanna curtha agam. B'fhéidir go mbeadh na hionadaithe ón údarás in ann tuilleadh sonraí a thabhairt dom ó thaobh na pleananna, cad atá ar siúl, nó cad atá faighte amach acu ina dtaobh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.