Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Tomás Ó Síocháin as an bhfreagra sin.
Ó thaobh Fhoras na Gaeilge de, tá sé sa bhád céanna arís sa mhéid is go bhfuil tús curtha le rud atá ag éirí go maith leis. Tá na pobail sásta ar bhealach amháin gur ann dóibh ach tá critíc le déanamh. Is é ceann de na rudaí ná go bhfuil seacht mbliana i gceist maidir le pleanáil teanga ag an údarás ach ní seacht mbliana i gceist atá i gceist maidir leis na líonraí. An é sin an cás? Beidh siad beagnach mar an gcéanna.
No comments