Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Maidir leis an bplé a bhí againn leis an Roinn go dtí seo, tá an obair ar a taobh siúd ag teacht chun deiridh maidir leis sin agus an obair atá ar siúl ag an gcomhlacht eile. Mar a luaigh Siubhán Nic Grianna ansin, tá an tús á chur leis an obair a bheimis páirteach ann ag féachaint ar céard atá ag teacht as, conas is féidir é sin a chur i bhfeidhm agus, is dócha, an dearcadh neamhspleách sin a mheascadh leis an taithí ar an talamh agus cad iad na chéad chéimeanna eile.
No comments