Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Gabhaim buíochas leis an Teachta Connolly agus gabhaim buíochas leis na comhaltaí eile ón gcomhchoiste a rinne an taisteal timpeall na tíre. Fuair go leor de na grúpaí deis ionchur a bheith acu agus cluas na héisteachta de bharr gur thug an coiste cuairt ar áiteanna éagsúla ar fud na tíre.

Is ceist í don Roinn. Ní hé go bhfuil mé ag seachaint na ceiste. Aontaím leis an Teachta Connolly. Tá plé leanúnach ar bun againn leis an Roinn ar an ábhar sin le féachaint cá bhfuil sé. Tá a fhios againn go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. Le cothrom na Féinne a thabhairt don Roinn, tuigeann sí féin, ón phlé leanúnach atá ar bun idir muid agus í-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.