Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá mé ag coinneáil súil ar scáileán na Dála mar beidh mé ag rith go luath. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá á lán oibre curtha isteach leis na cuir i láthair. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil na grúpaí anseo agus go bhfuil léargas á fháil againn ar an bpróiseas pleanála teanga. Tá sé deacair dúinn, mar Theachtaí Dála, a bheith ag coinneáil suas chun dáta ar na figuirí agus gach rud.
Ar dtús báire, díreoidh mé isteach ar Údarás na Gaeltachta. Aontaím nach bhfuil sé ag obair i bhfolús. Tá sé tábhachtach é sin a rá. Tá rudaí ann is féidir leis déanamh, ach ní folús atá i gceist. Is iad cúrsaí tithíochta an rud is mó. Ní féidir an teanga a chaomhnú nó a chur chun cinn gan tithíocht. Tá a fhios agam nach é sin ábhar an chruinnithe anseo ach tá sé tábhachtach é a lua. Bhí BÁNÚ agus neart eagraíochtaí eile os ár gcomhair. Bhí neart aighneachtaí ag cur in iúl cé chomh deacair is atá sé tithe a thógáil. Is rud amháin é sin.
Tá mé srianta inniu mar gheall ar ghníomhaíochtaí Dála, ach ó thaobh chúrsaí pleanála teanga, tá 26 ceantar i gceist. Tá éiginnteacht amach is amach ann. Is é sin an rud atá daoine ag rá linn gach lá. Thaistil muid, mar choiste, timpeall na tíre agus is é sin an téama a tháinig suas arís is arís eile. Níl aon chinnteacht i gceist ó thaobh na háite a bhfuil ár dtriail. Cá bhfuil triail na Roinne ó thaobh an phróisis seo? Tá sé sin níos tábhachtaí.
Tugadh figuirí dúinn anseo. Níl aon phlean ag teacht chun críche an bhliain seo ach beidh pleananna ag teacht chun críche an bhliain seo chugainn. An bhfuil figuirí ag na finnéithe ó thaobh an méid pleananna a bheidh á dtabhairt chun críche an bhliain seo chugainn agus sna blianta ina dhiaidh sin? Cá bhfuil an próiseas athbhreithnithe? Cuireadh tús leis sin agus tá mé ag cur ceisteanna le bliain go leith, agus níos faide ná sin, ó thaobh stad an phróisis. Tá a fhios agam go bhfuil comhlacht phríobháideach i mbun oibre agus tá Údarás na Gaeltachta ag obair leis an gcomhlacht sin. Cá bhfuil muid? An bhfuil dréacht-tuarascáil ann? An bhfuil aon eolas ag na finnéithe ina leith? De réir mar a thuigim, bhí an tuarascáil sin le bheith críochnaithe i mí an Mhárta i mbliana ach níl tásc ná tuairisc air. Stopfaidh mé ag an bpointe seo. Is mian liom soiléiriú a fháil ar na ceisteanna maidir leis an próiseas athbhreithnithe agus an stad ina bhfuil muid ó thaobh na bpleananna.
No comments