Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Seán Ó Coinn:
Labhróidh mé ar thrí chuid den phróiseas pleanála teanga: scéim forbartha líonraí Gaeilge; Foras na Gaeilge féin, nach bhfuil mar chuid oifigiúil den phróiseas pleanála teanga agus nach dtagann faoi Acht na Gaeltachta; agus na líonraí Gaeilge agus bailte seirbhíse Gaeltachta, an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus cuid de na dúshláin a bhaineann leis an phróiseas pleanála teanga féin.
Ó bunaíodh Foras na Gaeilge, tá infheistíocht mhór curtha isteach i gceantair ar fud na tíre le pobail labhartha Gaeilge a fhorbairt agus a láidriú. Is dúshraith thábhachtach é sin sa lá atá inniu ann d’fhorbairt líonraí Gaeilge ar fud na tíre faoin chreat náisiúnta pleanála teanga atá á fhorbairt anois le deich mbliana anuas. In 2005, bhunaigh Foras na Gaeilge mórscéim phobail do choistí pobail Gaeilge, scéim phobal Gaeilge, a chuir maoiniú ar fáil do ghrúpaí pobail le hoifigeach forbartha Gaeilge a fhostú ar feadh trí nó ceithre bliana. Ritheadh babhtaí éagsúla den scéim seo go dtí 2021. In 2021, d’athraigh muid ár gcur chuige i leith na scéime seo le go mbeadh an scéim ag tacú ar bhealach níos straitéisí le creat pleanáil teanga an Rialtais ó Dheas agus bhunaigh Foras na Gaeilge scéim úr trí bliana, an scéim forbartha líonraí Gaeilge.
Chuir muid ciste de bhreis agus €4.3 milliún ar fáil don scéim seo, is é sin, isteach agus amach ar €1.44 milliún gach bliain thar trí bliana. Tá trí chéim sa scéim sin: ardchéim, meánchéim agus bunchéim. Tríd an ardchéim agus tríd an mheánchéim, cuirtear maoiniú ar fáil le haghaidh oifigeach forbartha Gaeilge ar feadh trí bliana. Faoin bhunchéim, is deontas níos lú a bhíonn ar fáil le tacú leis an choiste forbartha sa phobal ar chonair na forbartha le súil go mbeidh sé ábalta bogadh suas chuig an mheánchéim i ndiaidh na trí bliana. Tríd an ardchéim, cuirtear maoiniú ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe i gceantair a bhfuil plean teanga á chur i bhfeidhm iontu cheana féin, bailte seirbhíse Gaeltachta nó líonraí Gaeilge. Faoin scéim sin, d’éirigh le 28 iarratasóir deontas a ghnóthú faoin ardchéim nó faoin mheánchéim in 2021 agus d'éirigh le hocht n-iarratasóir eile faoin bhunchéim.
Go hiomlán, tá 36 iarratasóir ar fad a bhfuil deontas faighte acu faoin scéim sin. Bronntar deontas d’uasmhéid €47,000 nó £41,000 ar choistí faoin ardchéim agus meánchéim agus bronntar €15,000 nó £13,000 faoin bhunchéim. Tá 16 de ghrúpaí í ndlínse an Fheidhmeannais ó Thuaidh á maoiniú faoin ardchéim agus mheánchéim agus tá 12 de ghrúpaí ó Dheas.
Is í bunaidhm na scéime seo ná an Ghaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn ceantair le béim faoi leith ar fhorbairt, ar fheidhmiú agus ar chur i gcríoch pleananna teanga cuimsitheacha do na ceantair sin. Iarrtar ar iarratasóirí limistéar geografach a shainaithint agus a shainmhíniú, eolas mionsonraithe, cosúil le staitisticí oifigiúla ó na daonáirimh agus mar sin de, a chur ar fáil agus eolas a chur ar fáil ar leibhéal úsáide na Gaeilge sa phobal ina gcuid iarratas. Bíonn muid ag súil go mbeidh na coistí pobail ag an mheánchéim á forbairt chuig an leibhéal go mbeidh siad ábalta iarratas a dhéanamh nuair a lorgaítear spéis le haghaidh an chéad babhta eile do líonraí Gaeilge. Thosaigh an tréimhse maoinithe reatha don scéim forbartha líonraí Gaeilge in Eanáir 2022 agus tá síneadh ama dhá bhliain curtha leis sin anois le deis a thabhairt don dá Rialtas cinntí a dhéanamh i leith mhaoiniú Fhoras na Gaeilge, go háirithe maidir leis na líonraí Gaeilge breise i ndlínse an Fheidhmeannais ó Thuaidh. Cé go bhfuil gluais tagtha ar líon na gceanneagraíochtaí pleananna teanga atá ag obair lasmuigh den Ghaeltacht ó 2022 ar aghaidh, tá dúshláin mhóra go fóill ag baint le roinnt de na bailte seirbhíse Gaeltachta atá ainmnithe ar an ábhar nach bhfuil pobal labhartha Gaeilge gníomhach iontu agus nach bhfuil fréamhacha láidre nó traidisiún láidir iontu i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge.
Maidir le staid reatha na bpleananna teanga taobh amuigh den Ghaeltacht, déanfaidh mé tagairt do na bailte seirbhíse Gaeltachta ar dtús. As na 13 de bhailte seirbhíse Gaeltachta ainmnithe taobh amuigh den Ghaeltacht agus faoi fhreagracht Fhoras na Gaeilge, tá seacht bplean teanga faofa ag an Aire Stáit go dáta. Tá dréacht-phlean teanga ullmhaithe ag dhá cheanneagraíocht eile. Tá ceithre cheann de bhailte seirbhíse Gaeltachta a bhfuil ceanneagraíocht go fóill le ceapadh iontu. Tá liosta de na cinn a bhfuil plean teanga i bhfeidhm iontu nó ceadaithe dóibh sa ráiteas scríofa a chuir muid ar fáil.
Maidir le líonraí Gaeilge, tá cúig líonra Gaeilge ann faoi láthair, trí cheann ó Dheas agus dhá cheann, nach mbaineann le hAcht na Gaeilge, 2012, i ndlínse an Fheidhmeannais ó Thuaidh. Is faoi Fhoras na Gaeilge a bronnadh stádas mar líonraí Gaeilge ar an dá líonra ó Thuaidh le go mbeadh cur chuige uile-oileáin ann don phleanáil teanga. Ar ndóigh, is trí Fhoras na Gaeilge, faoin phróiseas roghnúcháin scéim líonraí Gaeilge, a roghnaíodh an dá líonra Gaeilge sin ó Thuaidh. Is iad na líonraí atá againn i láthair na huaire ná Cluain Dolcáin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath; Inis i gContae an Chláir; Baile Locha Riach in oirthear na Gaillimhe; Carn Tóchair i ndeisceart Chontae Dhoire; agus iarthar Bhéal Feirste.
Is mian liom cúpla focal a rá faoi na dúshláin a bhaineann leis an phróiseas pleanála teanga i dtaca le Foras na Gaeilge de. Aithníonn Foras na Gaeilge go bhfuil obair mhór fós le déanamh sa chur chuige pleanála teanga taobh amuigh den Gaeltacht, ach tá dúshraith mhaith leagtha síos faoin chreat náisiúnta pleanála teanga anois. Ar ndóigh, is próiseas athbheochana teanga atá i gceist taobh amuigh den Ghaeltacht seachas próiseas caomhnaithe agus neartaithe teanga, mar atá sa Ghaeltacht. Mar phróiseas athbheochana teanga, tá dúshláin éagsúla ag baint leis an phleanáil teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. Go minic, is ag mealladh pobal nach bhfuil taithí acu ar an Ghaeilge a úsáid a bhíonn i gceist agus bíonn gné láidir shealbhaithe teanga fosta sna bailte seirbhíse Gaeltachta. Is é atá in ainm a bheith i gceist leis na baile seirbhíse Gaeltachta ná plean teanga le go mbeidh an pobal, an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair as lámha a chéile le tacú leis an Ghaeilge. Is é an cuspóir ná cur le húsáid na Gaeilge ar an bhaile, lena n-áirítear cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí. Den chuid is mó, bíonn tús á chur leis sin uilig ó bhonn an-íseal ar fad. Bíonn na pleananna teanga go dtí seo an-uaillmhianach, rud a léiríonn dearcadh dearfach an phobail agus éileamh ard ar dheiseanna leis an Ghaeilge a úsáid sna pobail sin, ach ní féidir achan rud a dhéanamh sna pleananna leis an mhaoiniú atá ar fáil faoi láthair. Ar ndóigh, ardaíodh an buiséad bliantúil ó €80,000 go €96,000 in 2023 agus chuir muid fáilte mhór roimhe sin. Is €120,000 a bhíonn ar fáil do chathair na Gaillimhe de bharr go bhfuil daonra agus limistéar i bhfad níos mó ansin.
Cé gur polasaí Rialtais é an phleanáil teanga ó Dheas ó bhí 2012 ann, agus cé go bhfuil gach plean teanga faofa ag an Aire Stáit thar ceann an Rialtais, i gcuid de na bailte agus na líonraí, níl ann ach de réir a chéile go bhfuil an earnáil phoiblí ag toiseacht le tacú le spriocanna an phlean teanga. Tá easpa mhór feasachta go fóill ag leibhéal an Rialtais lárnaigh agus na hearnála poiblí maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge. Tá ról fíorthábhachtach ag na húdaráis áitiúla, na boird oiliúna agus oideachais agus na cumainn thráchtála sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge. Tá gá le hardú feasachta le heagrais eile san earnáil phoiblí maidir le feidhm nó cuspóirí na bpleananna teanga dá gceantair. Is gá a chinntiú, cuir i gcás, go n-áirítear na ceanneagraíochtaí pleanáil teanga agus oifigigh pleanála teanga i measc na bpríomhpháirtithe leasmhara sa phleanáil straitéiseach don cheantar. Tá tacaíocht á léiriú ag na húdaráis áitiúla sa phróiseas agus beidh fóram á bhunú go luath de phríomhoifigigh feidhmiúcháin na gcomhairlí contae agus cathrach a bhfuil plean teanga ina gceantar acu i gcomhar le Foras na Gaeilge agus le hÚdarás na Gaeltachta. Cuireann muid fáilte mhór roimhe sin.
Tá gá le forbairt ghasta ar an bhonneagar tacaíochta don Ghaeilge i mórán de na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge le go mbeidh siad in ann tacú le cuspóirí pleanáil teanga na mbailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge. Mar shampla, tá an mhórchuid de na bailte seirbhíse Gaeltachta go fóill gan soláthar réamhscolaíochta lán-Ghaeilge, agus tá cuid acu gan soláthar cuí meánscoile lán-Ghaeilge. Is beag baile as a measc a bhfuil ionad Gaeilge iontu. As measc na mbailte seirbhíse Gaeltachta ainmnithe, tá cuid acu nach bhfuil eagraíochtaí Gaeilge ná pobal Gaeilge gníomhach iontu. Mar a dúirt mé ní ba luaithe, tá siad gan traidisiún láidir acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Fágann sin go mbíonn sé an-deacair teacht ar eagraíocht atá ábalta nó toilteanach na cúraimí suntasacha a ghlacadh uirthi féin mar cheanneagraíocht. Cé go mbíonn na húdaráis áitiúla agus na boird oideachais agus oiliúna sásta an cúram sin a ghlacadh orthu féin, i roinnt cásanna níl cead acu oifigigh phleanála teanga a cheapadh de réir rialacha a bhaineann leis na Ranna urraíochta atá acu. I gcás na n-údarás áitiúil, is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an Roinn urraíochta agus i gcás na mbord oideachais agus oiliúna, is í an Roinn Oideachais í.
Faoi láthair, is é an Rialtas ó Dheas amháin atá ag soláthar cuid de na costais a bhaineann leis na líonraí Gaeilge i ndlínse an Fheidhmeannais ó Thuaidh. Tá Foras na Gaeilge ag soláthar an chuid eile. Ní bheidh sé de chumas ar Fhoras na Gaeilge líonraí úra a mhaoiniú ó Thuaidh gan maoiniú breise a fháil nó gan cur chuige cuí forbartha ag an Roinn Pobal ó Thuaidh. Is le haghaidh líonraí faoi Acht na Gaeltachta, 2012 amháin atá an t-allúntas pleanála teanga a chuireann an Rialtas ó Dheas ar fáil faoi láthair. Mar eagraíocht Thuaidh-Theas atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin, tá sé ríthábhachtach d’Fhoras na Gaeilge gur cur chuige amháin don phleanáil teanga a bheidh á fhorbairt againn ar bhonn Thuaidh-Theas maidir le líonraí Gaeilge. Dá réir sin, is leisce linn gairm eile a dhéanamh le haghaidh líonraí Gaeilge úra mura féidir linn maoiniú a chur ar fáil d’iarratais ó dhlínse an Fheidhmeannais ó Thuaidh, rud nach féidir linn a dhéanamh faoi láthair, mar a luaigh mé. Mar sin de, cé go bhfuil grúpaí ann ar fud na tíre a d’fhéadfadh iarratas a dhéanamh le stádas mar líonra Gaeilge a bhaint amach i láthair na huaire, níl muid i ndiaidh babhta eile de na líonraí Gaeilge a fhógairt.
Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil thar cheann Fhoras na Gaeilge as an deis seo le teacht i láthair an choiste. Cuireann muid fáilte roimh cheisteanna na gcomhaltaí.
No comments