Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Professor Regina Uí Chollatáin:
Arís eile, cuirimid fáilte roimh an deis a fháil ár dtuairimí a léiriú i leith na pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht. Táimid buíoch as an tacaíocht atá faighte againn ón Rialtas agus ó bhaill foirne na Roinne. Mar chathaoirleach, tugaim aitheantas don obair atá ar bun ag foireann Fhoras na Gaeilge, dá dtiomantas don phleanáil teanga agus don dea-chleachtas a chuireann siad i bhfeidhm i gcónaí i dtaobh na rudaí seo.
Tá an ról atá ag Foras na Gaeilge i dtaca le comhairle a chur ar lucht Rialtais, Thuaidh agus Theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus grúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach réimse a bhaineann leis an nGaeilge á phlé faoin chur i láthair seo inniu.
Maidir le hAcht na Gaeltachta, 2012, tá dhá alt den reachtaíocht ina bhfuil freagrachtaí leagtha amach d'Fhoras na Gaeilge: alt 9, a bhaineann le bailte seirbhíse Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht, agus alt 11, a bhaineann le líonraí Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ag tabhairt feidhme do na freagrachtaí sin ó 2014 ar aghaidh faoi threoir na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.
D’ainmnigh an Roinn 16 de bhailte seirbhíse Gaeltachta in 2014. Tá 13 acu suite lasmuigh den Ghaeltacht a thagann faoi fhreagracht Fhoras na Gaeilge. Tosaíodh ar phróiseas ceapacháin do cheanneagraíochtaí do na bailte seirbhíse Gaeltachta in 2016 agus ceapadh an chéad cheanneagraíocht do bhaile seirbhíse Gaeltachta in 2017, do chathair na Gaillimhe.
Dála na líonraí Gaeilge, ar fhógairt an Aire Stáit, reáchtáil Foras na Gaeilge próiseas roghnúcháin phoiblí d’iarratasóirí ar mian leo aitheantas mar líonra Gaeilge a bhaint amach faoi réir na gcritéar pleanála teanga. Ceapadh triúr iarratasóir rathúil ina gceanneagraíochtaí ar líonraí Gaeilge de réir Acht na Gaeltachta, 2012, ó Dheas faoi dheireadh 2015 agus cheap Foras na Gaeilge dhá cheanneagraíocht eile i ndlínse an Fheidhmeannais.
Faoi réir na reachtaíochta, tugtar uasmhéid de 24 mí do na ceanneagraíochtaí roghnaithe chun plean teanga a ullmhú le cur faoi bhráid an Aire lena fhaomhadh. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil i bhfoirm allúntais de €20,000 do na bailte seirbhíse Gaeltachta agus €15,000 do líonraí Gaeilge agus sainchomhairleoireachta. Nuair a bhíonn plean teanga faofa ag an Aire, ceadaítear allúntas bliantúil le haghaidh fhorfheidhmiú an phlean ar feadh seacht mbliana.
Tá trí phost ar conradh trí bliana mar chomhordaitheoirí pleanála teanga ceadaithe d’Fhoras na Gaeilge ag an Rialtas le tacú leis na baill foirne atá ag Foras na Gaeilge do na dualgais i réimse na pleanála teanga. Tá duine acu sin lonnaithe in oifig Ghaoth Dobhair, duine eile in oifig Bhéal Feirste agus cúraimí dhlínse an Fheidhmeannais san áireamh ina gcuid dualgas, agus duine eile in oifig Bhaile Átha Cliath.
Ba chur síos beacht ar a bhfuil ar bun i gcomhthéacs na pleanála teanga é sin. Iarrfaidh mé anois ar phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, aitheasc Fhoras na Gaeilge ar an ábhar seo a thabhairt.
No comments