Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. Cormac Mac Cashin:

Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta Ó Cuív i láthair. Bhí an-spéis agam sa rud a dúirt sé sa chruinniú deireanach, is é sin, go bhfuil na pleananna, na polasaithe agus na rudaí fadradharcaigh seo ar fad ag dul ó Aire go hAire agus ó rialtas go rialtas agus go bhfuiltear níos fearr as rud amháin a roghnú agus obair i dtreo na sprice amháin sin agus, nuair atá sé sin bainte amach, bogadh ar aghaidh chuig an gcéad rud eile. Níl aon chúis againn a bheith dóchasach as an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge. Tá an dréacht tagtha amach agus tá sé feicthe againn agus is léir nach bhfuil an tAire, an Roinn ná aon duine ag obair i dtreo fadhb an easpa soláthair a leigheas. Tá siadsan ag caint faoi céard atá ag tarlú sna scoileanna reatha, soláthar múinteoirí agus fadhbanna eile atá ann ach, ag deireadh an lae, mar a dúirt an tOllamh Ó Duibhir ar ball, tá an chéad titim le 50 bliain tar éis teacht isteach. Tá sé tar éis teacht isteach mar gheall ar athrú poirt a tháinig isteach le linn tréimhse an Rialtais seo.

Luaigh an tOllamh Ó Duibhir ar ball an polasaí a bhí ag an Roinn Oideachais. Tá sé thar a bheith tábhachtach é seo a dhéanamh an-soiléir. Go dtí an cúlú eacnamaíochta deireanach, bhí tú in ann daoine a bhailiú, scoil a bhunú agus ar aghaidh leat - níor chuir an Stát bac ort. D'íoc sé as na múinteoirí agus mar sin de. Tháinig an cúlú eacnamaíochta agus, sa tréimhse ó 2011 go 2021, chinn an Roinn Oideachais, mar a dúirt an tOllamh Ó Duibhir, go nglacfadh sí seilbh ar an gcóras. Chinn sí, mar shampla, Gaelscoil nua a bhunú i mBaile Átha Cliath 9 agus ansin ritheadh feachtas, bunaíodh scoil agus mar sin de. Bhí tú teoranta ach bhí próiseas éigin ann chun scoil nua a bhunú sna ceantair inar aithin an Roinn go raibh gá le scoil nua. Is é an eochairphointe anseo ná go bhfuil sé sin thart - tá sé críochnaithe - agus níl aon phróiseas anois ann. Níl aon bhealach, foirm iarratais, teagmhálaí sa Roinn Oideachais nó státseirbhíseach sa Roinn sa Tulach Mhór a bhfuil sé mar dhualgas air nó uirthi féachaint ar cad atá le déanamh faoi scoileanna nua.

Ní hamháin sin, ach níor oscail cuid de na scoileanna a bhí fógartha cheana féin le bheith ag oscailt. Mar shampla, i gCoill na Silíní, bhí sé aitheanta ag an Roinn Oideachais le blianta go mbeadh gá le scoil nua. Bhí sé aitheanta freisin go mbeidh gá le scoil nua i mBaile Átha Cliath 2 agus 4. Anois, tá an Roinn go bunúsach tar éis iad a chur ar ceal. Chuaigh sí chomh fada le cead pleanála a fháil ar mheánscoil nua i gCoill na Silíní agus ansin stop sí. Is é an polasaí atá ag an Roinn Oideachais anois ná gan scoileanna nua a bhunú. Níl sí ag bunú bunscoileanna ná meánscoileanna. Cad a tharlaíonn má tá na scoileanna i gceantair faoi leith chun rith amach as spás? Tá an Roinn chun na scoileanna atá ann faoi láthair a dhéanamh níos mó agus níos mó. Mar a thuigfeadh an Teachta go maith, is í an fhadhb atá ann, má bhreathnaíonn tú ar na scoileanna timpeall ar Shord nó in aon cheann de na ceantair seo, ná gur scoileanna meán-Bhéarla atá ann don chuid is mó. Tá ró-sholáthar cheana féin de scoileanna meán-Bhéarla. Má tá tú chun an 92% de na scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla a fhás 10% agus an céatadán beag de scoileanna lán-Ghaeilge a fhás, tá na scoileanna meán-Bhéarla le bheith níos mó fós. Nuair atá tú ag iarraidh a thuiscint cén fáth a bhfuil an líon scoileanna lán-Ghaeilge, an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht agus an sciar daltaí sa Ghaelscolaíocht ón iomlán atá san oideachas ag titim den chéad uair le 50 bliain, tá sé ag tarlú mar go bhfuil an Roinn tar éis aon deis a bhí againn scoileanna nua a bhunú a bhaint agus ag díriú ar na scoileanna atá ann faoi láthair, scoileanna mean-Bhéarla don chuid is mó, a dhéanamh níos mó agus níos mó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.