Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Go raibh maith ag na finnéithe. Tá sé sin an-chabhrach agus aontaím libh.

Níl aon easaontas anseo. Luaigh na finnéithe teachtaireacht. Tá baol ann leis an rud a dúirt Eóin MacMaoilir ansin. Ní rud pearsanta é ach is é an rud a tharlaíonn i gcónaí ná go ndeir daoine gur mhaith leo a bheith cruinn agus déarfaidh siad i mBéarla é mar sin. Tá ceacht le foghlaim anseo dúinn go léir. Faraor, dúirt ceannaire TG4 an rud ceanann céanna - sé sin, má tá rud tábhachtach le rá, go ndeirtear i mBéarla é. Is botún é. Is féidir linn foghlaim ó sin. Má tá rud tábhachtach le rá, tá sé tábhachtach é a rá i nGaeilge, beag beann ar cé chomh deacair is atá sé nó céard iad na botúin atá á ndéanamh. Tá sé tábhachtach é a rá trí Ghaeilge mar gur féidir leis an nGaeilge teachtaireacht láidir a chur transa. Ní gá an Béarla a úsáid.

Tá pointe tábhachtach eile le déanamh maidir leis an mhéid atá ráite agus scríofa ag na finnéithe ó thaobh na buntáistí atá ann ó thaobh na Gaeilge de. Aontaím leo go mbreathnaíonn an Roinn Oideachais ar an nGaeilge mar fhadhb de ghnáth. Is dócha nach bhfuil aon athrú ansin. Tá sí fós ag breathnú uirthi mar fhadhb agus mar mhionlach. Is é sin ceann de na croífhadhbanna atá ann.

Leis sin ráite, tá ceist agam anois faoin bpolasaí atá faoi chaibidil acu.

Chuala mé Julian de Spáinn ag rá go bhfuil cinneadh ag teastáil beag beann air sin agus aontaím leis. An raibh ionchur ag na finnéithe sa pholasaí atá faoi chaibidil faoi láthair? An bhfuil dóchas acu maidir leis an bpolasaí don Ghaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí? Is é sin mo cheist dheireanach. Cad iad tuairimí na bhfinnéithe faoi sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.