Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. Julian de Sp?inn:

I gcuid mhaith den chaint inniu agus an uair dheireanach, táimid ag breathnú ar na réitigh fhadtéarmacha ar na fadhbanna atá os ár gcomhair. Tá na fadhbanna sin ag dul ar aghaidh le 50 bliain, mar a luaigh duine níos luaithe. Aontaím leo. Bhí mé ag caint faoi na réitigh sin an uair dheireanach a bhí mé os comhair an choiste. Tá gá le reachtaíocht, próiseas ceart agus polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an polasaí thar a bheith déanach ag an bpointe seo. Nuair a thagann sé, beidh gá le spriocanna intomhaiste ar nós iad siúd atá acu sa Bhreatain Bheag ionas go mbeimid in ann a fheiceáil go mbeidh fás suntasach ar an nGaelscolaíocht.

Don lá atá inniu ann, agus mé mar chathaoirleach ar cheann de na feachtais anseo agus mé ag breathnú air agus ag labhairt ar son na dtuismitheoirí agus na ndaltaí atá inár scoileanna, caithfidh mé a ra gurb é an rud is práinní nó an rud is gaire don scornach dúinne, agus muid ag plé leis an Aire Oideachais agus ag teacht os bhur gcomhair, ná go bhfuil cinneadh ag teastáil go mbogfar ar aghaidh anois chun Gaelcholáistí a chur ar bun sna hocht gceantar agus Gaelscoil a chur ar bun i mBaile Átha Cliath 10 agus 12. Caithfear é sin a dhéanamh anois, gan cheist, gan mhoill nó gan aon chaint faoi pholasaí atá le teacht agus straitéis atá le cur le chéile. Tá rud ar bith eile le déanamh. Tá an t-éileamh go bhfuil gá leis na Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna anois léirithe againn. Is gá an cinneadh a ghlacadh.

Tuigim ó thaobh a bheith ag plé le polaitíocht le roinnt mhaith blianta anois go mbaineann sé seo ar fad le cinneadh aireachta. Ní bhaineann sé le haon rud eile. Má tá an tAire báúil, is féidir le hAire cinneadh a ghlacadh. Chonaiceamar é sin fiú leis an Teachta McHugh, atá ag freastal ar an gcoiste ar líne, nuair a bhí sé ina Aire. Thóg sé isteach an riail faoi Ghaelscoileanna nua i gceantair go bhfuil scoil le bheith curtha ar bun agus mura bhfuil Gaelscoil ann, beidh Gaelscoil sa cheantar sin. Rinne sé an gníomh agus d'éirigh toradh as sin. Is féidir leis an Aire a chinntiú go mbeidh Gaelcholáiste sna hocht gceantar os ár gcomhair agus go mbeidh Gaelscoil sa cheantar eile, má dhéanann sí an cinneadh. Is é sin an rud is mó domsa inniu - nuair a thagann an tAire os bhur gcomhair agus nuair atá pé tuarascáil á chur le chéile, beidh cinneadh ag teastáil láithreach bonn do na ceantair seo. Pé rud faoin scéal níos fadtéarmaí, aontaím leis an gcoiste agus leis na moltaí a cuireadh os bhur gcomhair, ach is gá cinneadh anois láithreach bonn don ocht gceantar sin agus don Ghaelscoil a luadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.