Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. Cormac Chambers:
Aontaím leis an méid a bhí le rá ag Cormac Mac Cashin ansin. Bhí mé ar tí rud éigin cosúil leis sin a rá. Tiocfaidh mé chuige seo mar phríomhoide scoile. Maidir leis an bpointe go bhfuil Gaelscoileanna bán agus Caitliceach agus mar sin de, ní fíor an scéal é sin ar chor ar bith.
Chomh maith leis sin, is bealach í an Ghaelscolaíocht le comhthéacs agus cineál áit a thabhairt don Ghaeilge ar bhonn domhanda, má táimid ag iarraidh breathnú air mar sin. I mo thuairimse, tá na Gaelscoileanna fíorthábhachtach freisin le daoine a thógáil isteach sa tír seo agus taispeáint dóibh go bhfuil cultúr eile - cultúr s'againn féin - anseo. Chaithfeadh go mothódh siad go bhfuil siad sa bhaile agus mar chuid den tír seo agus iad ag freastail ar Ghaelscoileanna. Seachas a bheith mar eagraíocht nó scoileanna a choinníonn daoine amach, is a mhalairt atá ann. Tógann Gaelscoileanna daoine isteach agus tugann sé mothúchán náisiúnta dóibh go bhfuil siad mar chuid de rud éigin, seachas a mhalairt. Deirim é sin mar fhreagra ar an gcéad phointe ar na mionlaigh agus mar sin de.
An dara pointe atá agam ná is dócha go bhfuil an Roinn Oideachais ag caitheamh le páistí Gaelscoile mar mhionlach agus mar mhionlach gur cuma leo fúthu, ar bealach, fiú amháin sna teachtaireachtaí atá á dtabhairt amach. Má tugtar le fios go bhfuil díolúine éasca ar fáil agus nach bhfuil aon luach ag baint le teanga sa dara leibhéal, táthar ag rá gur cuma faoin teanga sin agus nach bhfuil aon luach ag baint léi. Mar a luaigh mé i mo chaint féin, ní teanga amháin atá i gceist. Tá an Teachta Connolly ag caint faoi chultúr, faoi fhéiniúlachas agus faoi rud éigin fíorshaibhir a thabhairt do pháistí. Má tá an Roinn i gcónaí á dhéanamh deacair, agus más gá dúinn teacht anseo inniu le caint faoi seo agus a bheith ag brú agus ag brú, tá sí go bunúsach ag rá go ligfear linn troid ar son na scoile seo mar ní chuireann an Roinn nó an Stát aon luach ar an rud atá ar siúl sna scoileanna. Is é sin an pointe.
Mar fhocal deiridh, labhróidh mé faoin smaoineamh go bhféadfaí deileáil le Gaelscoileanna agus scoileanna Béarla sa bhealach céanna maidir le figiúirí, uimhreacha agus daltaí. Is é sin an áit ina bhfuil fréamh na faidhbe, i mo thuairim - ní thuigeann siad gur pobal iad na scoileanna, na Gaelcholáistí agus na háiteanna. Má tharlaíonn an Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, mar shampla, beidh scoileanna faoi mhíbhuntáiste agus scoileanna ó áiteanna níos saibhre ar fad ag teacht isteach sa rud agus cothóidh sé a chultúr féin, seachas páistí ó Ghaelscoil Lios na nÓg a bheith ag taisteal taobh amuigh den cheantar go dtí áit ina bhfuil cultúr bunaithe ann cheana féin agus nach bhfuil ionchur ar na bunscoileanna sin ar an gcultúr sin. Ceapaim go bhfuil an pointe sin an-thábhachtach maidir le daoine a fhréamhú sa chultúr agus rud éigin atá cineál teibí ach luachmhar a thabhairt dóibh.
No comments