Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 8 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh den Ghaeltacht: Plé
Dr. Victor Bayda:
Tiocfaidh mé thar n-ais chuig an gceist a bhí ag an Teachta Ó Cathasaigh mar gheall ar an deacracht atá ann daoine a fhostú sna postanna seo. Baineann cuid den fhreagra leis an easpa soiléireachta mar gheall ar an bpost féin agus mar gheall ar an gcóras pleanála teanga. Luadh rudaí éagsúla anseo mar gheall ar an easpa comhtháthú atá sa chóras agus mar sin de. Nuair a thagann oifigeach pleanála teanga isteach sa phost, ní bhíonn a fhios aige nó aici cad í an mheicníocht atá ann nó na huirlisí gur féidir leat a úsáid. Fuair mise amach go tapa nach raibh aon uirlisí agam seachas focail. Is féidir liom labhairt, mar a dúirt Stiofán Seoighe anseo. Ní féidir linn ach brú a chur ach níl a fhios agam an féidir linn aon bhrú a chur ar éinne. Níl aon chumhacht againn. Is féidir linn a bheith ag labhairt le daoine, a bheith ag impí ar dhaoine agus litreacha agus ríomhphoist a scríobh agus mar sin de. Níl aon rud seachas sin gur féidir linn a dhéanamh. Sin rud amháin.
An dara rud ná go bhfuil cúlra an-difriúil ag gach pleanálaí teanga chomh maith, agus táimid ar fad ag gníomhú dá réir. Chun go mbeadh córas ann, má táimid ag caint ar chóras, ciallaíonn sé sin go bhfuil riachtanais aitheanta agus go bhfuil na daoine atá sa phost ag díriú ar na riachtanais sin. Mar a dúirt mé cheana, ní féidir le duine amháin é sin a dhéanamh agus aontaímid ar fad leis seo. I mo thuairim, an líon is lú daoine atá ag teastáil ná ceathrar.
I gceantair Ghaeltachta áirithe, bheadh níos mó ag teastáil chomh maith ná mar atá faoi láthair. Ní féidir dul síos níos lú ná ceathrar mar tá réimse difriúil ann agus tá solúbthacht ar fáil. Is é an rud ba cheart go mbeadh ann, i mo thuairimse, ná go mbeadh ceathrar ann agus an t-airgead ar fáil. Fiú leis an airgead atá sa bhuiséad, tá coinníoll ann nach féidir le duine, nó i gceantair áirithe, beirt a fhostú leis an airgead sin. Is féidir é sin a chlúdach trí áisitheoirí a fháil ach, mar a dúirt mé, ní féidir áisitheoirí a fháil mar níl aon suim ag daoine sna píosa seo den obair.
Tá ceathrar ag teastáil agus tá a fhios agam gur tháinig Conradh na Gaeilge amach le plean nó moladh go mbeadh ceathrar ann. I mo thuairim, bheadh struchtúr eile maidir leis na dualgais a bheadh ag na daoine, ach, is cuma. Is é sin rud eile. Dá mbeadh solúbthacht ann in gach ceantar Gaeltachta le ceathrar iontu, bheadh sé faoi na limistéir pleanála teanga áirithe na ceithre post a roinnt de réir na riachtanas a bheadh ann mar tá riachtanais iomlána ann.
Bhí muid ag caint ar Dhúiche Sheoighe agus an ceantar sin. Níl aon cheantar eile ina bhfuil dhá chontae. Níl a fhios agam conas atá siad á roinnt. Tá sé sin deacair. Tá scéal eile sna Déise agus in áiteanna eile i gConamara. Tá na céatadáin difriúil ó thaobh chainteoirí laethúla Gaeilge de. Níl dhá cheantar cosúil lena chéile. Ní ghlactar leis an solúbthacht sin ó 1953 nuair a cuireadh na pleananna le chéile. Bhí dhá sceideal ann ó thaobh na gceantar Gaeltachta. Mhol Bord na gCeantar Cúng an uair sin go mbeadh dhá sceideal ann go nglacfaí leis go raibh fíorGhaeltachtaí agus breacGhaeltachtaí ann agus go raibh difríocht ar a laghad mar seo ann idir na ceantair Ghaeltachta. Tháinig an staidéar cuimsitheach ansin inar luadh gur cheart go mbeadh ceantair Ghaeltachta A, B agus C éagsúla ann. Dhéanfaí sé sin le go mbeadh tuiscint ann go bhfuil riachtanais ar thrí leibhéal difriúil, ar a laghad. Nuair a cuireadh na teorainneacha le chéile, bhí caint ann maidir le freastal ar leith a bheith ann do na ceantair láidre Gaeltachta agus do na ceantair nach raibh chomh láidir sin. Níor tharla sé riamh. Tá an córas ar fad a bunaíodh bunaithe ar na ceantair láidre. Cé gur maith an rud é sin, ciallaíonn sé sin nár freastalaíodh ar na ceantair níos laige Gaeltachta agus ba bheag nár cailleadh iad.
Tá muid anois ag plé le teorainneacha a bhaineann le 70 bliain ó shín. Cén fáth? Bhí deis ann in 2012, nuair a cuireadh an comhrá faoin phleanáil teanga ar bun, féachaint air seo anuas ar an gcóras Gaeltachta atá ann. Ní an córas Gaeltachta a athrú a bhí i gceist, ach na limistéir phleanála teanga a aithint ar bhonn pobail. Is é an t-úsáid a bhaineadh as na teorainneacha a leagadh i 1956 ná chun tacaíocht pearsanta a thabhairt do dhaoine cosúil le deontais agus scéim na ndeich punt chun an tigh a dheisiú agus mar sin de. Tá córas go hiomlán difriúil ansin agus ní oireann na teorainneacha. Tá prionsabail difriúla faoin gcóras pleanála teanga anois atá pobalbhunaithe. Caithfidh muid a bheith ag plé le scoileanna, le hionaid phobail agus mar sin de. Níl meánscoil i mo limistéar pleanála teanga. Nuair a thosaigh mé sa chóras, dúirt mé nach raibh meánscoil sa phlean teanga. Conas is féidir liom an teanga a chur chun cinn agus daoine a ghríosadh agus mar sin de mura bhfuil meánscoil sa Ghaeltacht? Dúradh liom gan bacadh leis sin mar tá Cathair Saidhbhín aitheanta mar bhaile seirbhíse Gaeltachta agus bheadh plean teanga ann agus ba iad a bheadh ag plé leis sin. Cúig bhliain níos déanaí, níl an plean ann. Rinne an pobal i gCathair Saidhbhín an obair ach níl an plean ann. Ní féidir teacht ar réiteach chun pleanálaí teanga a fhostú. Tá an plean ann agus é curtha le chéile ag an bpobal ach níl duine fostaithe chun sin a dhéanamh. Tá fadhbanna córasacha ann. Is cúig bhliain é sin agus tá glúin bheag i bpobal Uíbh Ráthaigh a chaill an deis cur leis an gcóras meánscolaíochta sa cheantar.
Ag teacht thar n-ais go dtí an bhuncheist agus an bhunrud, is é sin, an plean teanga fhéin, tá dóiléireacht a bhaineann leis an gcóras ar fad. Tá plean teanga luaite in Acht na Gaeltachta, 2012. Tá mise ag tuairisciú don údarás, ní ar bhonn plean teanga ach ar bhonn clár oibre bliantúla. Is é sin an bhuncháipéis mar a dhearfá. Ní luaitear clár bliaintiúil san Acht. Faighim amach sa cheathrú bliain d’fheidhmiú an phlean teanga go bhfuil dhá bheart sa phlean teanga atá faofa ag an Aire. Ghlac mé leis gurbh féidir na rudaí ar fad atá scríofa ansin a chur i bhfeidhm. Faighim amach sa cheathrú bliain go bhfuil dhá bheart sna bearta atá sa phlean nach bhfuil cead agam cur i bhfeidhm. Tá muid ag caint ar an gcóras. Conas a tharla sé sin? Cé a thabharfadh freagra dom ar an gceist seo? Is é sin an rud atá ann. Luaigh muid an plean teanga agus na bearta pleanála teanga ach tá dhá bheart, mar a dúirt mé, sa phlean teanga. Conas a tharla sé sin? Is ceist í sin mar gheall ar an gcóras, agus mar a dúirt mé, tá míshoiléireacht ag baint leis an bpost, na dualgais agus dualgais an Stáit agus na n-eagraíochtaí ar fad ar cheart dóibh a bheith páirteach sa phleanáil teanga ach nach bhfuil. Faighim Foróige ag teacht isteach ach ní féidir liom aon rud a rá leis go gcaithfidh sé, nó go bhfuil dualgas air, rudaí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeadh sé sin mar chuid den bheart atá sé ag déanamh san áit mar tá Gaeltacht mar chuid de. Ní féidir liom é sin a dhéanamh mar níl aon dualgas ann.
No comments