Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Brian Ó Gáibhín:

Tacaím le gach rud atá ráite ag chuile dhuine anseo. Tá muid ag plé le cur chun cinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ó 1964. Tá aithne ag chuile dhuine ar an ionad, Áras Chrónáin, ní hamháin go háitiúil, ach go náisiúnta. Aontaím le gach duine go bhfuil ceist an-mhór againn ó thaobh leanúnachais agus tacaíochta. Táimid ag plé le Bord na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus leis an Roinn le blianta fada anuas agus is ag ísliú atá an tacaíocht seachas ag méadú. Tá muid ag méadú. Tá muid ag pleanáil go fadtéarmach. Tugaim cuireadh oscailte don choiste seo teacht amach agus cruinniú a bheith acu in Áras Chrónáin chun go bhfeicfidh na baill céard atá ar bun againn. Tá suíomh trí-acra i lár shráidbhaile Chluain Dolcáin againn. Tá áras breá againn. Úsáideann os cionn 60 grúpa pobail ár gcuid áiseanna mar nach bhfuil a leithéid ar fáil. Ní hamháin go bhfuil na grúpaí seo ag plé le cur chun cinn na Gaeilge, is ag plé le grúpaí pobail iad, agus tá an maoiniú ag ísliú chuile bhliain. Is é sin an rud is ceistí faoi. Tá mise ag plé leis an bpróiseas seo fada siar ó bhí an Teachta Ó Cuív mar Aire, nuair a bhí muid ag caint faoi Acht na Gaeltachta, 2012, agus an stádas líonra Gaeilge. Shuigh muid féin agus lucht na hInse isteach ar na comhráite ar fad maidir le scríobh agus bunú an Achta. Ansin, caith muid seacht mbliana ag comhoibriú leis na líonraí Gaeilge agus leis na saineolaithe is fearr i bpleanáil teanga sa tír. Tá muidne anseo ag ceistiú dáiríreacht an Stáit faoin bpleanáil teanga. Bíonn buairt agus brón orm na focail seo a úsáid ach is tick-box exercise atá i gceist. Tá muid ann agus beidh muid ann i gcónaí. Táimid ag pleanáil don chéad ghlúin eile agus don chéad ghlúin eile ina dhiaidh sin ach ní fheicimid an dáiríreacht ón Stát.

Luafaidh mé rud beag amháin. Ar shuíomh ar thalamh an árais, tá Gaelscoil na Camóige i bhfoirgneamh réamhtógtha. Tá daoine atá ag obair sa scoil sin anois a bhí i rang naíonán sa scoil. Anois, tá a gcuid gasúr féin ag dul ag an scoil. Is cuimhin liom daoine ag rá go mbeidh scoil ann i mbliana in 2006 agus an rud céanna a chloisteáil in 2008, 2012, 2016, 2018 agus 2019. Ansin, tháinig Covid agus dúradh linn go mbeadh moill ar an rud ach go mbeidh sé ann gan teip in 2022. I mbliana, dúradh go raibh sé chun tosú i mí Eanáir gan teip, ach ansin bhí dúnadh síos iomlán ó thaobh cumarsáide. Bhí an Roinn agus an Rialtas ag rá go bhfuil moill air, lánstad, agus nach raibh siad sásta. Léiríonn sé sin drochmheas ar obair na ngrúpaí seo ar fad. Táimid ag tabhairt muidne mar shampla ar an rud seo ar fad. Tá sé sin ag cur moill ar ár bpleananna. Tá muid ag plé leis an Roinn mar gheall ar fhorbairt áis naíoscolaíocht nua-aimseartha a bheidh ina eiseamláir ní hamháin don tír, ach do mhórphobal na hEorpa. Táimid ag plé le hailtirí i láthair na huaire ach níl an lámh dheas ag labhairt leis an lámh chlé. Níl rannóg amháin ag labhairt le rannóg eile. Mar a dúirt muintir Chorcaí agus chuile dhuine eile, tá sé fíordheacair freagra ceart a fháil ó dhuine nó deoraí istigh sa Rialtas mar gheall air seo. Is muid atá ag déanamh na hoibre móire ar an talamh. Níl muid ag lorg pat on the back nó tada mar sin; beidh muid ann.

Le déanaí, táimid ag fáil níos mó tacaíochta ó Roinn na healaíona, nach bhfuil aon bhaint aici leis an nGaeilge, tríd an údarás áitiúil. Is é an eispéireas is fearr a bhí agam ag plé le Roinn Rialtais an Stáit le fada an lá é. Tugann sé misneach dúinn ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge. Tá iarratas curtha isteach againn le muintir Bhéal Feirste agus muintir Charna i nGaillimh faoin Creative Ireland Shared Island fund. Bheadh sé sin an-chuidiúil.

Ba mhaith liom go gcuirfeadh an coiste seo i luí ar an Rialtas nár chóir go mbeadh sé seo mar dheireadh leis an bplé. Is é seo an chéad uair riamh gur tugadh cuireadh dúinn mar eagraíocht. Is muidne an t-aon eagraíocht i mBaile Átha Cliath taobh amuigh d'eagraíochtaí Stáit. Muna léiríonn sé sin rud éigin faoin bpleanáil teanga, tá ceist eile le freagairt faoi dháiríreacht an Rialtais. Ba chóir leanúint leis an gcóras seo. Táimid dóchasach go mbeidh cruinniú eile againn. Gabhaim fíorbhuíochas leis an gcoiste as ucht é seo a eagrú. Is é seo an t-aon uair riamh gur tugadh deis dúinn labhairt. Muna bhfuil aon duine ag éisteacht, is ceist eile é sin. Gheobhaimid amach sna seachtainí amach romhainn. Is grúpaí pobail muid. Táimid nasctha le chuile rud sa saol sa sráidbhaile. Mar a luaigh mé, tá nasc againn le 60 grúpa pobail áitiúla. Is í an t-aon difríocht atá ann ná go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeilge beo mar theanga chumarsáide. Mar a dúirt Dónal Ó hAiniféin, baineann sé le gach gné den saol. It is not just an Ghaeloideachas; it is the Cumann Lúthchleas Gael, the scouts, yoga agus chuile shórt beo i measc na n-óg, na seanóirí, daltaí tríú leibhéal agus meánscoile agus clanna nua. Iarraim ar na baill a seacht ndícheall a dhéanamh labhairt leis na bpáirtithe difriúla agus brú a chur ar an Rialtas labhairt linn. Is muidne na daoine a bhfuil an taithí againn ar an talamh. Tá muidne in ann ceisteanna an Rialtais a fhreagairt. Chuirfeadh muid treoir air faoin mbealach is fearr chun an bang is fearr a fháil óna chuid airgid. Má tá sé dáiríre faoin bpleanáil teanga, ba chóir go leagfadh sé amach córas tacaíochta fadtéarmach.

Ní fiú airgead a chur ar fáil ar feadh cúig bliana agus deireadh a chur leis agus ansin deireadh a chur leis an bpleanáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.