Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin:
Táim ag iarraidh tochailt isteach níos doimhne sa chomhthéacs maoinithe seo a luaigh Dónal Ó hAiniféin ní ba luaithe ansin. Is é an chéad chéim, ar bhonn iontach simplí, ná an maoiniú cuí a thabhairt leis na pleananna teanga a cuireadh ar aghaidh a chur i bhfeidhm. D'aontaigh muid na pleananna teanga seo leis na húdaráis ach ní bhfuair muid an infheistíocht a bhí ag teacht leo chun iad a chur i bhfeidhm mar is ceart. Chonaic muid é seo go tréan sna limistéir phleanála teanga sa Ghaeltacht. Ní bhfuair cuid acu 50% den mhaoiniú chun an plean teanga a chur i bhfeidhm. Ní dóigh liom gur chomhtharlú é go bhfuil os cionn 20 oifigeach pleanála teanga sna limistéir phleanála Gaeltachta i ndiaidh imeacht ó na poist a bhí acu mar níl na huirlisí acu chun na pleananna teanga sin a chur i bhfeidhm. Sílim go bhfuil an cultúr le hathrú.
Luaigh mé níos luaithe gur chaith muid seal sa Bhreatain Bheag ag deireadh mhí an Mhárta. Ba é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná an cur chuige comhtháite ina bhfuil achan duine, eagraíocht agus grúpa ag obair as lámh a chéile. Tagann sin mar gheall go dtuigtear go bhfuil an Rialtas sa Bhreatain Bheag iontach dáiríre faoi seo, go bhfuil an struchtúr maoinithe buan agus nach gá a bheith buartha faoi chiorruithe maoinithe. Sna ceantair seo againne, agus i mo cheantar féin, bíonn achan ghrúpa buartha faoi phingneacha agus faoi mhaoiniú. Cuireann sé sin isteach ar an chomhoibriú mar, má dhéanaim comhoibriú leat, tá seans ann go ndéarfaidh an t-údarás gur dúbláil é sin agus go bhfuil sé chun pionós a ghearradh. Bíonn daoine cosantach faoin gcomhoibriú agus faoi na réimsí oibre atá acu. Ní sin do leas an fhoghlaimeora nó do leas an phobail labhartha. Caithfimid an cultúr a athrú chun go mothódh daoine go bhfuil an Rialtas buan, go bhfuil an maoiniú leanúnach agus go n-osclaíonn sé sin na doirse dóibh le bheith ag comhoibriú. Níl aon treoirleabhar ann don phleanáil teanga. Níl aon chéimeanna ná slat draíochta maidir le hathbheochan nó athréimniú teanga. In amanna, caithfimid triail a bhaint as rudaí. B'fhéidir go n-éireoidh leo agus b'fhéidir nach n-éireoidh leo ach táimid ag cruthú earnála agus cur chuige anseo. Caithfidh píosa beag compoird a bheith ag na grúpaí ar an talamh le triail a bhaint as rudaí agus gan a bheith i gcónaí buartha nach n-éireoidh le rudaí agus go mbeidh a maoiniú, a bpoist agus na grúpaí féin i mbaol má ghearrtar an maoiniú. Caithfimid amharc air seo mar infheistíocht fhadtéarmach.
Caithfimid amharc ar an difear agus ar na rudaí atá ag obair. Tá níos mó leis seo le bheith fréamhaithe i dtaobh taighde. Tá cultúr na hÉireann anseo maidir le lucht léann na Gaeilge. Tá i bhfad barraíocht béime ar thaighde sa teanga féin. Tá an-suim agam i bhfilíocht an 17ú haois ach ní dóigh liom go bhfuil deich PhD i bhfilíocht an 17ú haois eile de dhíth. Tá níos mó taighde le déanamh ar an sochtheangeolaíocht agus ar na rudaí atá ag obair. Tá níos mó de lucht léann á iarraidh. Caithfidh an Rialtas amharc ar na straitéisí tríú leibhéal le fáil amach an bhfuil na sruthanna ann chun deiseanna a thabhairt do níos mó de na daltaí iontacha atá ag freastal ar na coláistí fud fad na tíre taighde a dhéanamh ar na samplaí náisiúnta agus idirnáisiúnta seo agus ar na ceachtanna gur féidir a chur i bhfeidhm anseo le cuidiú linn go logánta leis an phobal s'againne a neartú.
No comments