Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Dónal Ó hAiniféin:
Tá mé mar chathaoirleach ar An Clár as Gaeilge. Tá Tomás de Buitléir, atá mar oifigeach pleanála teanga le líonra na hInse agus Dónal Ó Loingsigh, atá mar rúnaí ar An Clár as Gaeilge, anseo i mo theannta. Gabhaim buíochas le gach comhalta ar an gcoiste agus leis an gCathaoirleach go háirithe as an gcuireadh agus an deis a thabhairt dúinn labhairt leis an gcoiste inniu.
Táimid ag labhairt ar son líonra na hInse. Tá sé ar cheann de na cúig líonra atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta. Tá plean teanga curtha le chéile againn atá aontaithe agus faofa ag Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus mar sin de. Tá muid buíoch den tacaíocht a thugann an Roinn agus Foras na Gaeilge do chur i bhfeidhm an phlean seo. Faraor, ní leor é ó thaobh cúrsaí acmhainne de, mar atá díreach luaite ag Ciarán Mac Giolla Bhéin. Cuireadh timpeall dhá trian den cuid a bhí á lorg ar fáil do na líonraí. Tá Inis mar phríomhbhaile i gContae an Chláir le daonra suas le 30,000 duine sa cheantar uirbeach atá timpeall air. Ba cheart go mbeadh Inis mar theimpléad do gach príomhbhaile contae sa tír ó thaobh fheidhmiú plean teanga de. Má thógann an coiste seo aon ní ón méid atá cloiste againn inniu faoi na samplaí iontacha ó focheantair uirbeacha ó Thuaidh agus i mBaile Átha Cliath, ceantair tuaithe, contaetha iomlána, cathair Chorcaí agus bailte beag tuaithe, is é sin go bhfuil teimpléid anseo agus gur féidir linn foghlaim uathu. Ba cheart go mbeidís maoinithe i gceart má táimid leis an bplean seo a chur i bhfeidhm fud fad na tíre. Tá an saineolas sa tseomra agus i measc na ndaoine atá ag plé leis na ceisteanna seo le 30 nó 40 bliain. Ba cheart go mbeadh Contae an Chláir agus Inis mar theimpléad do gach contae agus gach príomhbhaile contae timpeall na tíre.
San am teoranta atá ar fáil dúinn anseo inniu - tá mé ag fanacht leis na ceisteanna agus na freagraí, áit a mbíonn an saibhreas go minic - ba mhaith liom díriú ar aon ghné amháin dár bplean teanga, is é sin, beart 1.3.1 ar bhuanú an oideachais lán-Ghaeilge ó naíonra go bunoideachas go leibhéal na hiarbhunscoile sa cheantar. Maith dom as é seo a ardú. Tá cúig sheisiún naíonra ag feidhmiú in Inis, rud a chiallaíonn go bhfuil 100 dalta nó mar sin ag fáil naí-oideachas go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Níl infheistíocht aon phingin amháin á déanamh ag an Stát toisc gur naíonraí iad. Níl aon cent nó aon euro amháin sa mbreis á fháil ag na naíonraí sin toisc gur naí-oideachas lán-Ghaeilge atá i gceist. Is scannal é sin go bhfuil muid sa bhliain 2024 agus níl infheistíocht ar bith á déanamh sa naí-oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ba cheart é sin a cur ina cheart láithreach agus an earnáil sin a bhuanú, a láidriú agus a neartú. Ag dul ar aghaidh go dtí an bhunscolaíocht, tá timpeall 500 dalta sa bhunscoil lán-Ghaeilge i mBaile na hInse. Tá Gaelscoileanna againn i Maigh, i gCill Rois, i mbaile na Sionainne agus suas an bóthar i nGort Inse Guaire atá díreach laistigh de theorainn na Gaillimhe. Tá cnuasach de Ghaelscoileanna againn ansin agus iad ag feidhmiú, ag forbairt agus ag déanamh go hiontach.
Dar le suirbhé Ireland Thinks 2023, ceapann 73% den phobal ó Theas agus 53% nó mar sin den phobal ó Thuaidh gur chóir go mbeadh an deis ag gach páiste a fhaigheann oideachas bunscoile trí mheán na Ghaeilge leanúint ar aghaidh leis an iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge. Nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht in 2020, gealladh go ndéanfaí líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge a dhúbailt ach tá céatadán na ndaoine óga a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge sa tír, faraor, tite ó 6.3% in 2019-20 go dtí 6.1% de réir Tuairisc.ie in mí Aibreán na bliana seo.
Is mian liom díriú go tapa ar chás an Chláir. Is aonad atá i nGaelcholáiste an Chláir a bunaíodh in 1993. Bunaíodh an Gaelscoil in 1983-84, bunaíodh an t-aonad in 1993 agus bunaíodh Clár as Gaeilge in 2003. Tá muid ag ceiliúradh 20, 30 agus 40 bliain ár mbunaithe i mbliana mar eagraíochtaí, deich mbliana i ndiaidh a chéile. Nuair a bronnadh aonad seachas Ghaelcholáiste ar Chontae an Chláir chun freastal ar an gcontae uilig tar éis don choiste gairmoideachais ag an am iarratas a dhéanamh ar iarbhunscoil neamhspleách, tubaiste a bhí ann do Chontae an Chláir. Tá an t-aonad, atá ag snámh in aghaidh easa bliain i ndiaidh bliana, nasctha le Coláiste Phobal na hInse. Is é sin an máthairscoil. Scoil taobh istigh de scoil is ea an t-aonad. Níl uimhir rolla, príomhoide, fáiltiú nó bealach isteach dá chuid féin ag an aonad, nó mórán rudaí eile gur féidir cur ar fáil. Tá post freagrach ag múinteoir amháin le bheith i bhfeighil chun an Ghaelscolaíocht a bhainistiú ó lá go lá. Bronntar oide amháin sa bhreis ar an scoil Béarla chun gach rud a dhéanamh trí mheán na Gaelainne ó bhliain a haon go bliain na hardteiste in gach uile ábhar. Míorúilt a bheadh ina leithead de ghníomh agus tuigeann gach duine anseo nach féidir é a dhéanamh. Níl sainmhíniú ag an Roinn Oideachais féin ar cad is "aonad" ann. Ní féidir leis an aonad foireann atá inniúil i múineadh trí mheán na Gaelainne a earcú mar tá sé ag braith ar pholasaí earcaíochta foirne na máthar scoile agus ar aghaidh linn mar sin. Chomh maith leis an tionchar atá aige seo ar rogha ábhar, níl tumoideachas ceart ar fáil agus ní thrasnaíonn líon na ndaltaí go dtí aonad a thrasnódh go dtí iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách. Cuir é sin i gcomparáid le Gaelcholáiste Luimnigh a bunaíodh sa bhliain 2006. Bhí mé féin bainteach leis. In 2006, bhí 31 dalta agus tá sé anois beagnach chomh mór le Coláiste Feirste. Tá sé ag dul i dtreo 700 dalta mar go bhfuil iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách i gceist agus leanfaidh an scoil sin ag fás. Tá sé díreach tar éis bogadh isteach i bhfoirgneamh álainn nua. Éilímid go láidir ar an gcoiste an cheist seo a ardú arís leis an Roinn Oideachais agus glacadh leis an iarratas atá déanta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir go mbunófaí iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách in Inis do Chontae an Chláir chun freastal ar an gcontae uilig ina bhfuil daonra suas le 120,000 duine. Tá aonad bocht amháin ag iarraidh freastal air sin faoi láthair. Ní leor é sin.
Ba cheart go dtógfaí an Ghaeilge san áireamh nuair atá cúrsaí chomhionannais agus gach rud cosúil le normalú na Gaeilge, mar a bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin ag caint faoi ansin, agus na ceisteanna ó Thír na mBascach agus na rudaí atá le foghlaim againn i gceist. Bíonn blaiseadh beag againn de sin nuair a bhíonn muid ag caint ar Sheachtain na Gaeilge. Déantar normalú sna meáin ar úsáid na Gaeilge ar feadh seachtaine nó dhó, ach níl aon chúis nach mbeadh sé sin ar siúl ar feadh na bliana ar fad. Ba cheart dúinn an meon diúltach atá le feiceáil maidir le cúrsaí oideachais agus díolúine a chur ar leataobh, agus labhairt go dearfach ar son an dátheangachais agus ar son na Gaelainne inár dtír féin. Caithfidh sé sin teacht ón mbarr anuas chomh maith leis an mbun aníos. In áit eolas maidir le roghanna tacaíochta do chaomhnóirí a thabhairt, tugtar le fios do thuismitheoirí gur féidir díolúine a lorg nuair a bhíonn deacrachtaí nó dúshláin ag a bpáistí le labhairt na Gaeilge.
Is é seo an chéad uair, ó bunaíodh an Stát, go bhfuil pleanáil teanga á chur i bhfeidhm don Ghaeilge. Tá pleanáil teanga don Bhéarla á chur i bhfeidhm ó cuireadh Reachtanna Chill Chainnigh i bhfeidhm sa bhliain 1367. An tslí ar fad aníos, tríd na plandálacha go léir, na péindlíthe agus bunú na scoileanna náisiúnta, ba phleanáil teanga é sin. I gcónaí, bhí an lámh láidir i gceist ansin ar son an Bhéarla. Tá muid díreach tosaithe mar Stát ar an mbealach thar n-ais agus níl sé ceart an brú a chur ar an duine aonair agus ar choistí áitiúla deonacha an obair seo ar fad a dhéanamh. Is gá dúinn maoiniú ceart a bheith againn chun na pleananna a chur i bhfeidhm. Fáiltím roimh muintir Chill Dara agus muintir Chorcaí anseo agus iad i dteannta na líonraí, ach is ceart na líonraí reatha a mhaoiniú i gceart agus oifigigh óige, oifigigh ealaíne agus an mórchuid tacaíochtaí atá ag teastáil chun go mbeidh na teimpléid atá á gcruthú sna ceantair uirbeacha agus tuaithe agus sna bailte móra mar thimpléid chearta do na dreamanna eile atá ár leanúint i dtreo stádais mar líonra. Guím gach rath orthu agus iad ar an mbóthar sin. Is gá go mbeidh maoiniú ann do na naoílanna, na naíonraí, na seirbhísí sláinte agus do gach rud a dhéanann an Stát, mar atá luaite cheana féin. Ní ceart aon phingin nó euro de chuid an Stáit a chaitheamh gan an cheist a chur ar cad atá i gceist le cúrsaí Gaelainne. Ní gá dúinn gach féile sa tír a athGhaelú. Is féidir linn iad a Ghaelú ceann ag an am agus an ceist a chur orthu, má tá airgead Stáit á fháil acu, cad atá á dhéanamh acu ar son na Gaelainne mar choinníoll.
Is gá d'oiliúint i bpleanáil teanga a bheith ar fáil ag gach leibhéal, ag leibhéal céime ach go háirithe, chun go mbeadh fáil ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta is fearr a bhfuil tagairt déanta dóibh cheana féin agus go mbeadh daoine óga oilte ag feidhmiú sa phobal agus iad spreagtha leis an bpobal á ngríosadh leis an Ghaeilge a chur chun cinn ón gcliabhán go dtí an naíonra, go dtí an bhunscoil, go dtí an iarbhunscoil, go dtí an ollscoil agus ar aghaidh ar fud fad an saol. Tá Reachtanna Chill Chainnigh thart. Níor éirigh leo an Ghaeilge a mharú; níor éirigh leo an iomáint a mharú i gCill Chainnigh ach an oiread. Tá córas pleanála nua i gceist ó thaobh pleanáil teangan. Guím gach rath ar mo chairde go léir sna naíonraí agus ar an obair iontach atá ar siúl acu agus molaim an coiste seo as an gceist seo a ardú agus deis a thabhairt argóintí na líonraí a chloisteáil go láidir. Tá bóthar fada romhainn ach tá dóchas againn, táimid díreach ag an tús. Bhí 18 bliain den rud eile againn.
No comments