Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin:
Is tionscadal pleanála teanga é Fís an Phobail atá lonnaithe sa cheathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste. Léirigh na torthaí daonáirimh is déanaí go bhfuil iarthar Bhéal Feirste i measc na gceantar is láidre labhartha Gaeilge áit ar bith in Éirinn. I gceantar s’againn, tá ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a úsáideann Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais agus - déarfá a rá, níos tábhachtaí arís - ar líon na dteaghlach atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge. Is fiú a rá fosta gur tharla na forbairtí sin i gcomhthéacs nach bhfuil aon straitéis nó reachtaíocht teanga i bhfeidhm go fóill ó Thuaidh.
Bhí, agus tá, sé spleách ar an infreastruchtúr pobalbhunaithe, leathan a tógadh ón bhun aníos. Tá clú agus cáil ar an cheantar dá bhrí seo. Thosaigh sé seo siar sa lá le leithéidí Cumann Cluain Ard agus dar ndóigh, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich agus Gaeltacht Bhóthar Seoighe. Tá siad ag dul i mbláth ó shín. I gceantar pleanála teanga s'againne, tá deich eagraíocht ag suí ar an choiste stiúrtha le speisialtacht i ngach réimse den phleanáil teanga, bíodh sé sin na meáin, óige, teaghlaigh nó eile. Le déanaí, mar gheall ar na céimeanna forásacha atá á nglacadh ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i leith na Gaeilge i ndiaidh na mblianta fada de naimhdeas, tá sé anois ar bhord an choiste stiúrtha fosta. Is é Glór na Móna an ceanneagraíocht atá luaite leis an líonra agus leis an phlean teanga sa cheantar agus ta Fís an Phobail lonnaithe i nGael-Ionad Mhic Goill. Tá Glór na Móna ag tiomáint an phróiseas pleanála teanga sa chathair fríd an tionscadal Fís an Phobail le fís uaillmhianach, comhtháite atá tiomanta le freastal ar riachtanais lucht labhartha agus foghlamtha Gaeilge. Tá lárionad againn a thugann deis dúinn seirbhísí a sholáthar, seirbhísí teaghlaigh san áireamh agus tá seans ann go gcluinfear níos mó faoi sin ar ball beag. É sin ráite, tá sé teoranta agus srianta de bharr easpa spáis. Measaimid go gcuirfidh ár bhforbairt chaipitil úr, Croí an Carraige, go mór le hinbhuanaitheacht an infreastruchtúir teanga sa chathair ar féidir bheith ina heiseamláir spreagúil agus cumhachtach don tír i gcoitinne.
Tá an ceantar ina bhfuil muid ag feidhmiú i measc na gceantar is boichte ó Thuaidh. Léiríonn an taighde is déanaí ó NISRA in 2017 go bhfuil an chuid is mó den daonra - 76% - in iarthar Bhéal Feirste ina gcónaí i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste. Tá tromlach glan na bpáistí i gceantar s'againne i dteideal béiltí saor in aisce ar scoil. Ina ainneoin sin, tá an Ghaeilge ag dul i mbláth le fada an lá. Tá an mheánscoil is mó Gaeilge sa tír lonnaithe sa cheantar, Coláiste Feirste, le nach mór 1,000 dalta ag freastal uirthi agus tá cúig bhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar chomh maith. Tá na tionscadail agus grúpaí sa cheantar ag comhoibriú go dlúth agus go praiticiúil fríd an pleanáil teanga agus Fís an Phobail. Tá ionadaí ag achan eagraíocht sa cheantar ar an choiste ar bhonn téamúil agus tá beartais aontaithe le freastal ar riachtanais an phobail, beartais a d’eascair ón phlean teanga a rinne muid in 2017-18.
Is í an sprioc atá ag Fís an Phobail ná mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa sprioc-cheantar sna blianta amach romhainn. Chun é sin a dhéanamh, d'aimsigh muid roinnt tosaíochtaí straitéiseacha agus dhírigh muid isteach orthu ó mhí Mheán Fómhair 2022, nuair a thosaigh an tionscadal mar is ceart, ar aghaidh. Tá na tosaíochtaí sin fréamhaithe sna beartais. Tá mé chun cúpla sampla gasta a thabhairt don choiste. Ar dtús, tá an meitheal meantóireachta ann. Is clár cumasaithe é atá dírithe ar ghníomhaithe agus daoine óga a bhfuil spéis acu oibriú san earnáil lán-Ghaeilge. Cuireann an scéim seo modúlacha praiticiúla agus teoiriciúla ar fáil. I mbliana, tá an scéim curtha ar fáil do 15 gníomhaí atá ag taisteal ó fud fad na tíre agus ritheann sé sin ó mhí Feabhra go mí an Mheithimh. Ní mór go mbíonn, agus go mbeidh, lucht saothair cumasach, tiomanta, oilte ag teacht chun tosaigh agus is é sin an cúis leis an mheitheal mheantóireachta. Tá Ollscoil na Ríona anois mar pháirtnéir ar an tionscadal seo agus í ag déanamh taighde ar thionchar na scéime fríd an research excellence framework, REF. Beidh cúrsa cruinnis Gaeilge a sholáthar againn fosta dóibh siúd atá ag obair san earnáil i gcomhar leis an ollscoil san fhómhar.
Is é an dara sampla ná Laochra Loch Lao, cumann spóirt lán-Ghaeilge sa cheantar. Is tionscadal pleanála teanga é seo go smior atá dírithe ar shóisialú na Gaeilge trí mheán an spóirt. Bhunaigh muid an cumann neamhspleách in 2017 nuair a bhí An Dream Dearg ag teacht chun tosaigh. Is dócha go raibh sé sin fréamhaithe sa tuiscint go raibh orainn, ar lámh amháin, brú a chur ar an Stát maidir le stádas oifigiúil na Gaeilge, aitheantas agus eile ach ag an am céanna, bhí dualgas orainn mar phobal spásanna a chruthú ina mbeadh an Ghaeilge mar an príomhfhuaim. Is é sin díreach an sprioc agus an táirge a thagann amach as Laochra Loch Lao. Ó 2017 ar aghaidh, tá beagnach 500 ball againn idir óg agus aosta. Tá Fís an Phobail ag tacú go straitéiseach le forbairt an tionscadail idir-ghlúine seo agus de bhrí sin, tá borradh ag teacht ar an chumann le cúpla bliain anuas.
Maidir le cúrsaí teaghlaigh, léirigh na figiúirí is déanaí ón daonáireamh, mar a luaigh mé, go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine sa cheantar atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge. Tá úsáid na Gaeilge sa bhaile aitheanta mar an réimse is tábhachtaí agus is dúshlánaí sa phróiseas pleanála teanga. Ina ainneoin sin agus an tábhacht a bhaineann léi, ní raibh aon acmhainní daonna faoi leith dírithe air seo sa cheantar seo. Fríd Fís an Phobail agus an plean teanga, d’éirigh linn maoiniú seachtrach a aimsiú agus comhordaitheoir teaghlaigh - Sorcha Ní Chathmhaoil, atá in aice liom - a cheapadh don chead uair sa cheantar ag tús na bliana seo. Is forbairt thar a bheith suntasach agus tábhachtach í. Ó shín, tá obair ollmhór déanta ag soláthar seirbhísí do theaghlaigh sa chathair. Chaith muid seal i gConamara ag foghlaim ónár bpáirtnéirí, Tuismitheoirí na Gaeltachta, i mí na Samhna. I mí an Mhárta na bliana seo, chuaigh muid ar thuras staidéir go dtí an Bhreatain Bheag le samplaí dea-chleachtais is fearr a fheiceáil. Tá taighde suntasach idir lámha againn uaidh sin agus beidh sé á fhoilsiú againn an mhí seo chugainn.
Tá dúshláin fós le sárú againn go háitiúil agus go náisiúnta maidir le cur chuige na pleanála teanga. Níl na hacmhainní cuí againn ár bplean teanga, faoi mar a aontaíodh leis na húdaráis, a chur i bhfeidhm. Cé gur plean seacht mbliana atá ann, tá maoiniú bliantúil againn, rud a chuireann srian ar ár gcumas pleanáil fadtéarmach a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an phlean. Tá a fhios agam fosta go bhfuil obair ollmhór déanta ag Conradh na Gaeilge ag tarraingt plean infheistíochta le chéile agus thacaigh muid go dlúth leis sin. Tá moltaí sainiúla ann maidir le pleanáil teanga in Éirinn fosta. Go náisiúnta, tá obair mhór le déanamh maidir le hardú feasachta i leith an phleanáil teanga trí chéile. Ní fheictear dúinn go bhfuil tuiscint forleathan ag an aos pholaitiúil, an státchóras nó an daonra trí chéile ar thábhacht na hoibre phleanála teanga agus na deiseanna iontacha a eascraíonn aisti. Tá fís náisiúnta de dhíth orainn don teanga agus don obair phleanála teanga. Tá samplaí ar féidir linn foghlaim uathu, ní hamháin anseo go háitiúil le cuid de na samplaí a chuala muid inniu, ach go hidirnáisiúnta chomh maith. Feiceann muid na samplaí ó straitéis na Breataine Bige, Cymraeg 2050, nó i dTír na mBascach, áit a bhfuil obair dochreidte déanta ag tiontú thart i dtaobh líon na gcainteoirí. Oibríonn sé seo nuair atá straitéis, nuair atá fís agus nuair atá acmhainní ag tacú leis an straitéis agus an fhís sin. Tá obair fós le déanamh le cur chuige tacúil, oibiachtúil monatóireachta a fhorbairt a thacóidh leis na coistí pobail tomhas a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cad é mar atá ag éirí linn. Tá saineolas nach beag bailithe ag na coistí seo agus ag na hoifigigh araon maidir le cur i bhfeidhm an phleanála teanga agus ní mór go bhfuil guth s'againne i gcroílár aon phróiseas nó aon chreatlach monatóireachta atá le dearadh.
Tá sé sin ag teastáil uainn. Is mian linn go mbeadh creatlach monatóireachta ann.
Ar deireadh, tá infheistíocht shuntasach de dhíth más féidir linn fís comónta dár dteanga agus dár bpobail a bhaint amach. Chuige sin, tháinig na hoifigigh pleanála teanga ó fud fad na tíre le chéile le déanaí agus bhunaigh muid an mheitheal náisiúnta pleanála teanga. Is í an fhís atá againn ná gluaiseacht shóisialta náisiúnta a thógáil ón bhun aníos a fhorbraíonn guth aontaithe do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta chun pobail inmharthana teanga a dhaingniú fud fad na tíre. Feictear dúinn gur forbairt stairiúil í an mheitheal náisiúnta pleanála teanga in athbheochan comhaimseartha na Gaeilge a thugann deis dúinn fís fadtéarmach don teanga a chur chun cinn sa tír. Tá Glór na Mona agus Fís an Phobail thar a bheith bródúil bheith lárnach sa phróiseas seo.
No comments