Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé
Ms Carmel Nic Airt:
Tá an-éileamh ar scolaíocht lán-Ghaeilge sa cheantar áirithe seo agus meon fíor-dhearfach ina leith. Mar is léir ó fhigiúirí na Roinne, tá geall le 800 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar faoi láthair. I ndiaidh dom na figiúirí a dheimhniú maidin inniu, chonaic mé go bhfuil 776 páiste ina iomlán cláraithe sna scoileanna sin. Is in airde atá na huimhreacha agus an éileamh ag dul. Bunaithe ar ionrolluchán atá tuartha do Mheán Fómhair 2024, beidh 820 cláraithe sa chúig scoil agus tá sé tuartha go mbeidh breis is 1,000 dalta sna scoileanna sin taobh istigh de cheithre bliana.
Faoi láthair, tá isteach is amach le 80 dalta ag fágáil rang a sé sna scoileanna lán-Ghaeilge bunléibhéal bliain ar bhliain. Seasann an ráta aistrithe chuig scoileanna lán-Ghaeilge dara léibhéal ag 15%. Tá daltaí ó Ghaelscoil Bheanntraí ag clárú sa mheánscoil Ghaeltachta i mBeal Átha an Ghaorthaigh. De bharr cúinsí tíreolaíochta, níl an rogha seo ag na daltaí sna scoileanna lán-Ghaeilge eile agus mar thoradh, tá easpa rogha acu leanúint le hoideachas lán-Ghaeilge ag an dara léibhéal ina ndúthaigh féin.
I bpíosa taighde a rinneadh sna scoileanna lán-Ghaeilge áitiúla in 2023, dírithe ar dhaltaí rang a ceathair, rang a cúig agus rang a sé, chuir 77% de thuismitheoirí an dúthaigh in iúl go rachadh siad i dtreo an oideachais lán-Ghaeilge dara léibhéal dá mbeadh an rogha ann dá bpáistí. Cuireadh in iúl chomh maith gurb é príomhchúis an rogha sin ná an luach a leagtar ar thairbhe an tumoideachais agus na scolaíochta lán-Ghaeilge trí chéile. Léirigh fianaise an-láidir sa phíosa taighde sin go bhfuil an-éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge dara léibhéal in iarthar Chorcaí agus nach bhfuil a gcearta á bhfáil ag daltaí nó ag tuismitheoirí na dúthaigh faoi láthair maidir le rogha sochrúcháin scoile.
Dar linne, tá an iliomad cúiseanna gur gá agus gur ceart Gaelcholáiste a bhunú mar ábhar práinne in iarthar Chorcaí. Mar atá léirithe agam, is mian le 77% de thuismitheoirí na scoileanna lán-Ghaeilge sa dúthaigh go mbeadh leanúnachas ann ó thaobh na scolaíochta lán-Ghaeilge ón mbunléibhéal go dtí an dara leibhéal de. Luíonn sé sin leis taighde náisiúnta a rinneadh anuraidh inar léirigh na rannpháirtithe - tuistí agus oidí go príomha mar atá léirithe sa léaráid thíos anseo - gurb é an tumoideachas agus na buntáistí a bhaineann leis mar aon le hinniúlachtaí teanga agus feasacht cultúrtha na cúiseanna gur mian le tuismitheoirí go mbeadh leanúnachas ar fáil dá bpáistí ag fágáil na bunscoile dóibh. Luíonn na torthaí seo ó 2023 go láidir le taighde a rinneadh cheana, mar shampla ag Fiona Ní Fhionnlaoich in 2021, agus ag Aisling Ní Thuairisg agus Pádraig Ó Duibhir in 2016. Cúis eile gur chóir Gaelscoil a bhunú in iarthar Chorcaí ná gur cheantar mór fáis é iarthar Chorcaí. I bplean an chontae 2022-28, áitítear go méadófaí an daonra sna ceithre baile sin - Cloich na Coillte, An Sciobairín, Droichead na Bandan agus Beanntraí - ó 16,049 in 2016 go dtí 21,120 sa bhliain 2028. Méadú 32% atá tuartha. É sin ráite, sa chéad sé bliana den phlean sin, leathslí tríd, tá méadú 20.6% tagtha cheana féin ar an daonra, rud a chiallaíonn go seasann an daonra maidin inniu ag 19,355. Tá tuilleadh méaduithe beartaithe. An tríú chúis is ea na figiúirí a thagann ón bPríomhoifig Staidrimh. Tuairiscítear sna figiúirí sin gur tógadh 886 teach nua sa dúthaigh ar fad ó Eanáir 2022 go dtí deireadh na bliana 2023. Anuas ar sin agus mar eiseamláir den chineál forbartha atá ag tarlúint go leanúnach, tá sé beartaithe 600 teach nua eile a lonnú i gCloich na Coillte. Tá cuid acu tosaithe cheana féin.
Nuair atá estáit mhóra tithíochta á dtógáil go leanúnach, tá impleachtaí aige sin don infrastruchtúr, go háirithe i dtaobh an oideachais de. Maítear i bplean an chontae 2022-28 i dtaobh an oideachais:
The scale of growth for West Cork in this plan will place significant new demands on social and community infrastructure, schools, recreational facilities, healthcare etc. It is important that new community infrastructure is delivered in a timely fashion.
Ag eascairt as sin, tuairscítear go bhfuil na meánscoileanna ar fad sa dúthaigh geall le lán go barra faoi láthair. Leis an méadú atá tagtha agus fós le teacht ar an daonra, ní bheidh na meánscoileanna atá ann in ann freastal ar líon na ndaltaí sa dhúthaigh a bheidh ag lorg áiteanna. Tá síneadh curtha agus tuilleadh le teacht le Coláiste Bhrógáin i nDroichead na Bandan agus tá síneadh curtha leis an bpobalcholáiste i gCloich na Coillte. Tá obair fheabhasúcháin le tosnú i Meánscoil na Trócaire i gCloich na Coillte. In ainneoin an mhéidithe, tuairiscítear go bhfuilid cheana féin ag cur leanaí atá ag iarraidh clárú ón doras. I gcás Dhroichead na Bandan, mar shampla, níl rogha ag buachaillí ach dul go Cionn tSáile, scoil atá ar tí a bheith lán leis, nó isteach fán gcathair. Caithfidh na cailíní dul i dtreo Chlochar na Toirbhirte, scoil chailíní amháin in ainneoin iarrachtaí í a athrú go scoil mheascaithe. Cúis eile agus rud nár chóir dúinn dearmaid a dhéanamh air ná go stairiúil, cuireadh aonad lán-Ghaeilge ar fáil do dhaltaí iarthar Chorcaí ó 2001 go dtí 2006. Bhí éileamh agus fás suntasach ar an aonad sin le linn dó a bheith ar fáil. Faoi Mheán Fómhair 2005, bhí 60 mac léinn cláraithe, in ainneoin nach raibh ach clár trí bliana ar fáil ann go dtí leibhéal an teastais shóisearaigh, figiúir a chiallaigh go raibh ráta aistrithe breis is 35% de dhaltaí rang a sé ag an am sin ann. Tar éis do phríomhoide na máthar-scoile éirí as an ról sin in 2006, níor cuireadh aon dua le caomhnú, buanú nó le forbairt an aonaid ón bpointe sin ar aghaidh. Fianaise an-láidir a bhí ansin de laige shuntasach coincheap na n-aonad agus cúis an-láidir Gaelcholáiste neamhspléach a chur ar bun, ina mbeidh daltaí lonnaithe i suíomh an tumoideachais iomláin chun freastal ar riachtanais, ar mhianta agus ar éileamh thuistí agus leanaí.
Ag an meánleibhéal, is scoileanna sainchreidmheacha ar fad atá sna scoileanna sa dúthaigh timpeall orainne. Ag an mbunléibhéal, tá Gaelscoil ilchreidmheach lonnaithe faoi láthair i gCloich na Coillte agus geal le 400 dalta ag freastal uirthi, cuid acu ag taisteal ó áiteanna suas go 40 km ón scoil féin mar gheall ar an eiteas sainchreidhmeach. Is gá agus is ceart rogha maidir le heiteas sainchreidmheach scoile ag an dara léibhéal a sholáthair do thuismitheoirí iarthar Chorcaí.
Thar aon ní eile, ní féidir agus ní ceart dearmad a dhéanamh ar dhaltaí le riachtanais oideachais. Tá aonad uathachais ag feidhmiúil go han-ráthúil trí mheán na Gaeilge i nGaelscoil Mhichíl Uí Choileáin. Tá ceithre rang inti ón rang luath-idirghabhálach go dtí an rang sinsearach; sé sin, rang a sé. Ba é an chéad aonad a bunaíodh i scoil lán-Ghaeilge sa Stát seo é. Mar nach bhfuil scoil lán-Ghaeilge dara leibhéal sa cheantar faoi láthair, ní mór do na daltaí leochailleacha seo bogadh ó shuíomh lán-Ghaeilge go suíomh mheán an Bhéarla don mheánscolaíocht. Ní freastal ceart, cuí nó oiriúnach é nuair a chuirtear iachall ar dhaltaí uathacha, go minic le dushláin teanga, aistriú ó shuíomh teanga ar a bhfuil siad eolach agus compordach go suíomh éagsúil eile le teanga eile mar mheán teagaisc.
Mar achoimre, is mian liom a rá nach córas aon-leibhéal é córas na Gaelscolaíochta. Cuirtear tús leis an scolaíocht lán-Ghaeilge ag leibhéal na naíonraí. Leantar leis sna scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal. Le bunú na gcúrsaí breise lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal, ar nós an Baitsiléir Oideachais trí mheán na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, tá freastal éigin á dheánamh maidir le hoideachas lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal.
In iarthar Chorcaí, tá bearna suntasach sa chóras cheal scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal. Is ar an Rialtas agus an Roinn Oideachais an fhreagracht maidir leis seo. Ní mór don Rialtas a chuid dualgaisí agus freagrachtaí mar atá leagtha amach in alt 42(4) a chomhlíonadh le cinntiú go bhfuil na rudaí seo a leanas á gcur i gcrích. Ar an gcéad dul síos, ní mór a chinntiú go bhfuil leanúnachas ar fáil do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ón mbunleibhéal go dtí an meánleibhéal. Ní mór a chinntiú go bhfuil rogha oscailte cothrom ceart ag tuismitheoirí. Ní mór a chinntiú go bhfuil rogha oscailte maidir le heiteas sainchreidmheach ag an dara leibhéal. Mar a dúirt mé cheana, ní mór a chinntiú go bhfuil leanúnachas do dhaltaí uathacha go práinneach. Ní mór geallúintí an Rialtais seo maidir le soláthar scoileanna lán-Ghaeilge mar a luaitear i bplean an Rialtais a chomhlíonadh. Luaitear "Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur ar fáil, áit a bhfuil éileamh mór ann” sa phlean sin. Tá éileamh ollmhór in iarthar Chorcaí. Ní mór na spriocanna sonracha maidir le méadu líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus iad a chomhlíonadh trí chóras na scolaíochta lán-Ghaeilge. Tá gá le próiseas oscailte trédhearcach chun bunú scoileanna lán-Ghaeilge a éascú a chur ar fáil agus tacaithe ag an Rialtas. Ar deireadh, ní mór cearta oideachais agus teanga shaoránaigh iarthar Chorcaí a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na tíre seo.
Is daoine réamhghníomhacha sinn agus mar sin tá moltaí againn daoibh. An chéad mholadh ná go mbunófar Gaelcholáiste in iarthar Chorcaí chun freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge mar a sheasann sé faoi láthair. Níl aon cheist ach go bhfuil an t-éileamh ann. An dara moladh ná go bhfreastalófaí ar mhéadú tuartha ar dhaonra na dúthaigh agus an gá le hinfreastruchtúr oiriúnach oideachais a chur ar fáil go práinneach. Mar mholadh deiridh, ba cheart go gcomhlíonfaidh an Rialtas a dhualgais i leith an oideachais, na teanga agus teaghlaigh agus mhuintir na hÉireann trí Ghaelcholáiste a bhunú in iarthar Chorcaí. Go raibh míle maith agaibh.
No comments