Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Rónán Mullen (Independent) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Gabhaim leithscéal leo nach raibh mé in ann a bheith anseo ón tús ach tá go leor cloiste agam fiú ón am gur tháinig mé isteach agus tá mé an-tógtha leis an méid atá cloiste agam. Tréaslaím le TG4 i dtosach báire as an scéim intéirneachta seo a chur ar fáil. Táim cinnte nach TG4 amháin a bhaineann leas as ach muid uilig sa tír. Cinnte is féidir a rá, ó bunaíodh é in 1996, nach bhfuil mórán eagraíochtaí atá tagtha ar an bhfód le blianta anuas a raibh tionchar chomh mór acu ar an tír is a bhí ag TG4. Buíochas le Dia go bhfuil sé amhlaidh.
Mar pholaiteoir ag déileáil leis na meáin, an dá rud a ritheann liom ó bheith ag déileáil le TG4 - agus Raidió na Gaeltachta freisin cé nach bhfuil sé leath chomh mór nó chomh cumhachtach lena dheartháir mór - léiríonn TG4 greim i bhfad níos fearr amanta ar an éagsúlacht tuairimíocht atá sa tír ar go leor rudaí. Ó bheith ag déileáil lena chuid iriseoirí fiú, feictear dom go bhfuil iarracht á dhéanamh i gcónaí nach mbeifí ag teacht isteach le réamh-bhreithiúnas déanta ar cheisteanna áirid, go háirithe ceisteanna conspóideacha a mbímse ag déileáil leo ó ham go céile, ach go bhfuil gach duine ar an leibhéal céanna i súile an iriseora. Tá fáthanna éagsúla leis sin. Bímis macánta faoi: tá sé tábhachtach do leithéidí TG4 agus Raidió na Gaeltachta go bhfuil daoine le Gaeilge ann chun déileáil leo. Táimid ag braith ar a chéile agus tá tábhacht áirithe ansin. Ach creidim freisin go mbaineann sé le TG4 a bheith gar don phobal. Tá sé i gceist agam dul i dteagmháil go luath le Sinéad Ní Neachtain faoi rud atá ag dul ar aghaidh leis an Beara-Breifne Way a théann gar domsa in oirthear na Gaillimhe. Tá a fhios agam go bhfaighidh mé cluas éisteachta go héasca ar a laghad agus feicimid i ndiaidh sin céard a tharlóidh. Is é sin rud amháin a ritheann liom.
Ag smaoineamh ar an rud atá ar siúl ag na hintéirnigh, bhí mé chun an cheist céanna a chur maidir leis an íocaíocht nó pá a fhaigheann siad nó cén chaoi a n-oibríonn sé. Tá sé sin fíorthábhachtach. Ní féidir an soiscéal a scaipeadh ach nuair atá bia sa bholg.
Is cuimhin liom nuair a bhí mé ar an ollscoil i nGaillimh. Bhain mé an-tairbhe as Coláiste na bhFiann nuair a bhí mé sa mheánscoil. Measaim gur bhuail mé le Lís Ní Dhálaigh ag an am sin. Mo bhuíochas i gcónaí le Peadar Mac an Iomaire a bhí mar stiúrthóir na Gaeilge labhartha i nGaillimh go raibh an scéim sin ann do lucht na fochéime nach raibh Gaeilge á dhéanamh acu mar ábhar mar nach raibh sé sin á dhéanamh agamsa. An rud a bhí i gceist acu, agus an coincheap laistiar den chúrsa, ná go mbeadh innealtóirí, lucht leighis agus cibé rud le Gaeilge amach ansin a mbeadh in ann seirbhís a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa tír. Is cuimhin liom ag an am a bheith dom cheistiú féin n’fheadar an bhfaigheadh siad luach a gcuid infheistíochta asam. Ní raibh ach an BA á dhéanamh agam agus ní raibh a fhios agam céard a bhí in ann dom. Ní innealtóir a bheadh ionaim. Ach de réir a chéile, bhí mé ag obair mar phreasoifigeach agus bhíodar do mo lorg chun agallamh a dhéanamh. Cloiseann na finnéithe anois nach bhfuil mo chuid Gaeilge foirfe ach d'éirigh go maith liom ar na cúrsaí sin. Bhí Italia 90 ag dul ar aghaidh ag an am céanna agus d'fhoghlaim muid an-chuid rudaí sa Chistin freisin ar An gCeathrú Rua, ní hamháin in Áras Mháirtín Uí Chadhain ag an am.
Le bheith dáiríre faoi, toisc na cúrsaí sin a bheith á dhéanamh againn, bhí sé de féinmhuinín agamsa a bheith toilteanach dul i ngleic leis na hagallaimh sin. Ní leor brass neck, bíodh is go bhfuil sé sin agam. Tá gá le caighdeán áirid a bheith agat le go mbeadh tú sásta dul os comhair na meán chumarsáide. Is éard atá á rá agam ná dá mbeinnse ar ais i mbun na bunchéime arís, táim cinnte go mbeinn ag cur isteach ar an intéirneacht seo le TG4. Nílim ag rá go nglacfaí liom ach is rud fíorthábhachtach é.
Tá ceist amháin agam, agus tá súil agam go maithfidh na finnéithe dom é go gcuirim é. Mar pholaiteoir a bhíonn ag déileáil le rudaí, bíonn tú gnóthach agus is minic gur mhaith leat labhairt i nGaeilge. Bímse ag fáiltiú roimh na hiriseoirí le Gaeilge a thagann chugam ach caithfidh mé a admháil gur dúshlán níos mó dom é mar bíonn a fhios agam go gá dom iarracht níos mó a dhéanamh má tá aon saghas líofacht le bheith agam. Amanta éiríonn liom agus amanta teipeann orm. Ach murach na cúrsaí sin a bheith déanta agam ar An gCeathrú Rua na blianta sin, bheadh sé i bhfad níos deacra fós. Mothaím fós, mar pholaiteoir, nach gcaithim dóthain ama ag iarraidh barr feabhais a chur ar mo chuid Gaeilge le go mbeidh mé in ann seirbhís níos fearr a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge sa tír.
An cheist atá agam, más féidir liom é a chur, gur léir domsa go bhfuil Gaeilge álainn ag gach duine de na finnéithe ach is féidir linn uilig cur lenár gcuid Gaeilge i gcónaí. An bhfuil na deiseanna sin ann? Tá sé deacair mar tá tú ag iarraidh daoine a mholadh ar thaobh amháin ach tá dúshlán romhainn uilig cur lenár gcaighdeán Gaeilge i gcónaí. Cén chaoi a ndéanann siad déileáil le sin ar bhealach atá taidhleoireach agus éifeachtach, ag tabhairt san áireamh go bhfuil siad thar a bheith gnóthach cheana féin agus go bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu cheana féin? An bhfuil sé ar an agenda acu cur le saibhreas agus barr feabhais sa teanga chomh maith leis an obair atá ar siúl acu?
No comments