Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an gceist seo. Tagann sé go dtí pointe a bhí luaite níos túisce maidir le cúrsaí teicneolaíochta. Mar a tharlaíonn sé, bhí mé san Íoslainn an tseachtain seo caite. Tá 380,000 duine san Íoslainn a labhraíonn Íoslainnis. Is áit beag go leor í agus chas mé leis an Uachtarán a bhí ansin. Is é ceann de na rudaí is mó atá sé bródúil as ná nuair a chuaigh sé go Silicon Valley nuair a ceapadh ar dtús é, chas sé le Sam Altman. Chuir sé ina luí ar Sam Altman Íoslannais a bheith mar cheann de na chéad teangacha a bheadh ar fáil ar ChatGPT, agus cuireadh í ann. Mar sin, ní ceist mhéid i gcónaí í, ach ceist uaillmhéine agus ceist tola. Sílim go gcaithfimid a bheith uaillmhianach ó thaobh na Gaeilge de. Tá muidne mar stáisiún an-uaillmhianach ó thaobh na Gaeilge de ach caithfimid mar Stát a bheith níos uaillmhianaí óna taobh di. Tá formhór na bhfathach meáin shóisialta lonnaithe anseo in Éirinn. Ba chóir go mbeimid ag labhairt leo agus á rá, ós rud é go bhfuil siad anseo, go mba chóir dóibh a bheith ag tabhairt tús áite don Ghaeilge sna forbairtí teicneolaíochta atá á ndéanamh acu. Níl aon dabht faoi sin.

Luamar níos túisce na large language learning models atá ar siúl agus tá TG4 ag comhoibriú le haon eagraíocht a thagann chugainn atá ag iarraidh iad seo a bhrú chun cinn. Tá Roinn na Gaeltachta ag brú straitéis digiteach chun cinn faoi láthair ach tá na hacmhainní don obair sin ar an ngannchuid. Is fiú brú ar aghaidh le breis acmhainní agus tacaíocht a thabhairt don obair sin mar is iad sin an bunús do leithéidí ChatGPT. Mura bhfuil an tobar as a bhfuil ChatGPT ag tarraingt lán le Gaeilge, ní féidir leis oibriú chomh maith is a oibreoidh Béarla nó Fraincis nó teangacha eile. Táimid ag cabhrú leis sin ach tá ganntan ann ó thaobh acmhainní de sa réimse sin.

Bhíomar ag caint níos túisce freisin agus labhair an Teachta Ó Cuív maidir le cláir do dhaoine idir 13 agus 20 bliain d'aois agus cúrsaí oideachasúla. Thar na blianta, b'éigean do TG4 cinntí straitéiseacha a dhéanamh maidir leis an méid airgid a bhíomar ag caitheamh. Tugadh tús áite do Cúla4 agus do na páistí ag an aoisghrúpa sin. Cinnte, táimid ag iarraidh níos mó acmhainní a chur i dtreo ábhar d'ardchaighdeán do dhaoine idir 13 agus 20 bliain d'aois. Chabhródh rud éigin cosúil leis an tobhach Netflix ó thaobh cruthú breis táirgíochta de. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh cuóta de 25% ar thobhach den chineál sin ó thaobh ábhar Gaeilge de, bíodh sin ar TG4 nó in áit éigin eile, agus go mbeadh sé ag freastal ar phobal na Gaeilge. Tá sé sin iontach tábhachtach agus cabhrach.

Táimid ag labhairt faoi cé chomh maith is atá ag éirí le Cúla4 agus is é ceann de na rudaí is mó atá ag éirí leis nó “Nuacht Cúla4”, ach b'éigean deireadh a chur le “Nuacht Cúla4” i mí an Mhárta mar ní raibh dóthain maoinithe chun leanúint leis ar feadh na bliana. Fuaireamar maoiniú breise chun Cúla4 a chur ar bun agus táimid ag lorg tuilleadh tacaíochta chun é sin a leathnú amach. Tá súil agam go bhfaighfimid tacaíocht an chomhchoiste chuige sin. Ní easpa uaillmhéine atá ann agus tá sé fíorthábhachtach go bhfaighimid an tacaíocht sin. Sílimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh uaillmhian ag an Stát. Táimid ag tréimhse chinniúnach maidir le maoiniú na meáin seirbhíse poiblí. Tá plé á dhéanamh sna Tithe seo maidir leis an gceadúnas teilifíse agus céard a bheidh ag tarlú dó sin.

Tá an ceart ag an Seanadóir maidir linn a bheith ag déanamh comparáid i gcónaí le S4C. Táimid ag déanamh na comparáide sin mar tá sé an-chosúil linn mar mhúnla ach táimid an chosúil le RÚV san Íoslainn, an stáisiún teilifíse ansin, freisin. Déanaimid an chomparáid freisin leis an stáisiún teilifís i dTír na mBascach, agus má bhreathnaítear ar an dá shampla sin, táimid fós ar thart ar leathbhealach go dtí an méid maoinithe a theastaíonn uainn. Táimid faoi bhun go mór an mhéid mhaoinithe agus an maoiniú seirbhíse poiblí atá ag RTÉ le hábhar seirbhísí poiblí a chur ar fáil. Táimid ag rá nuair atá an plé sin á dhéanamh go bhfuil muid ag brath ar an gcomhchoiste, mar pholaiteoirí, chun a dhéanamh cinnte de go ndéanfar benchmarking ag an bpointe seo ar TG4 i gcomparáid leis an mbunlíne a bheidh á leagan síos do RTÉ, agus go mbeimid thart ar leath an mhéid a bheadh RTÉ ag fáil ó thaobh maoiniú seirbhísí poiblí de. Bheimis an-bhuíoch as tacaíocht an chomhchoiste chuige sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.