Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 8 March 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cathair na Gaillimhe, Cathair na Gaeilge: Plé

Ms Br?d N? Chongh?ile:

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach. Thar ceann bhord stiúrtha Gaillimh le Gaeilge, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an gcuireadh a thug sé chun labhairt leis inniu chun ár gcuid tuairimí a thabhairt dó maidir le cathair na Gaillimhe mar chathair na Gaeilge, conas an cathair a fhorbairt agus conas nasc a chruthú idir an cathair agus na ceantair Ghaeltachta sa chontae. I dtosach, is mian liom buíochas a ghabháil leis na finnéithe go léir atá anseo i mo theannta chun ár gcuid smaointe agus ár gcuid moltaí a roinnt leis an choiste mar chuid den phlé ar an ábhar sin. Tá siad ainmnithe ag an Chathaoirleach cheana féin. Is mian liom an deis seo a thógáil chun comhghairdeas a dhéanamh leis an Taibhdhearc agus An Fíbín as an maoiniú ar thug an tAire Stáit, an Teachta Patrick O’Donovan, a bhfuil cúram na Gaeltachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí air, dóibh inné. D’fhógair sé é sa Taibhdhearc. Guím gach rath ar a gcuid oibre.

Bunaíodh an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge le dearbhú go leanfadh an buntáiste mór geilleagrach don chathair a ghabhann leis an nGaeilge. Ó bhunú na heagraíochta, tá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge infheictheacht na Gaeilge a mhéadú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn agus a threisiú sa chathair. Seo a leanas roinnt de na tograí a bhíonn idir lámha againn go bliantúil: Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i gcomhar leis an Galway Advertiser, TG4 agus le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe; coiste logainmneacha na Gaillimhe i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe; an tseirbhís An Ghaeilge sa Ghnó; agus cairde Ghaillimh le Gaeilge.

Déantar an obair ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn agus ár stádas oifigiúil mar chathair dhátheangach a threisiú.

Ó 2022 ar aghaidh, ghlac 250 gnólacht agus eagraíocht éagsúil ó réimse leathan earnálacha i gcathair na Gaillimhe páirt i ngradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus tá 99% de na heastáittithíochta nua ainmnithe i nGaeilge i gcathair na Gaillimhe. I mí na Bealtaine 2017, fógraíodh go mbeadh Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus páirtithe leasmhara eile, sa stiúir maidir le plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do chathair na Gaillimhe.

Moltar sa phlean Áis ar Líne eolaire gnó a fhorbairt a thabharfadh eolas faoi sheirbhísí Gaeilge na cathrach mar aon le suaitheantais chun cainteoirí Gaeilge a aithint. Tá os cionn 100 fostaí sa chathair cláraithe anois ar an eolaire agus tá eolas ar fáil freisin maidir le himeachtaí Gaeilge a bheidh ag tarlú sa chathair. Comhthreomhar le seoladh an eolaire, sheol Ollscoil na Gaillimhe suaitheantais nua chun freastal níos fearr agus níos leithne a dhéanamh ar phobal Gaeilge na hollscoile. Tá na suaitheantais seo á scaipeadh ar fhostaithe na cathrach atá in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Sa phlean teanga, agus nuair a bhí straitéis nua á réiteach againn dár n-eagraíocht, luadh go minic go raibh gá le himeachtaí sóisialta as Gaeilge agus go dátheangach a eagrú sa chathair. Dá réir sin, d’eagraigh muid an fhéile is nua i gcathair na Gaillimhe, Tonnta, den chéad uair i mbliana le linn deireadh seachtaine na féile Bríde. D’fhreastail 5,700 duine ar na 31 imeachtaí dátheangacha a bhí ar siúl sa chathair le linn na féile trí lá. Bhí an fhéile cómhaoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fáilte Ireland, RTÉ agus Gaillimh le Gaeilge. Mar chuid d’ainmniú na Gaillimhe mar chathair chultúir agus mar chathair oifigiúil dhátheangach, bunaíodh comhpháirtíocht freisin le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe agus cuireadh tacaíocht den scoth ar fáil ó Fíbín sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

I measc na dtosaíochtaí nua i straitéis na heagraíochta do na blianta 2023 go 2026, tá stádas mar bhaile seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach do Ghaillimh, ar mhaithe leis an gcathair a threisiú mar chathair dhátheangach. Lena chois sin, tá sé beartaithe againn lárionad cultúrtha Gaeilgea éascú sa chathair. Tá lárionad cultúrtha Gaeilgea bhunú sa chathair agus deiseanna sóisialaithe teanga a chur ar fáil ar cheann de na príomhthéamaí a tháinig chun cinn i bplean teanga na cathrach. Rinne Gaillimh le Gaeilge tuarascáil, An Staidéir Féidearthachta–Lárionad Cultúrtha Gaeilge,a choimisiúnú i mí na Samhna 2023, le tacaíocht ón Roinn na Gaeltachta, agus bronnadh é trí thairiscint phoiblí ar CHL & Associates. Beidh tionchar dearfach féideartha ag an lárionad seo ar shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na cathrach agus ar na limistéir pleanála teanga, agus na líonraí Gaeilge sa chathair agus sa chontae. Beidh an Ghaeilge i gcroílár na forbartha agus leagfar béim ar chur chun cinn na teanga sa bhforbairt. Deirtear go mbíonn gá le pobal nó lucht féachana sula ndéanfar láthair den chineál seo a bhunú. Shoiléirigh an fhéile nua, Tonnta, dúinn arís go bhfuil dúil agus an-suim ag an bpobal ina leithéid d’ionad chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge, agus ar an stádas oifigiúil atá againn mar chathair dhátheangach.

Maidir leis an téama seo atá á phlé againn inniu, ar dtús, is mian liom tagairt a dhéanamh do naisc atá cruthaithe cheana féin idir an chathair agus na ceantair Ghaeltachta sa chontae. Tá céimeanna feidhmithe á bhforbairt ag cathair na Gaillimhe mar bhaile seirbhíse Gaeltachta do na limistéir pleanála teanga seo a leanas i gcontae na Gaillimhe: Oileáin Árann; Ceantar na nOileán; An Cheathrú Rua; Conamara Láir; Dúiche Sheoigheach; Cois Fharraige; agus Maigh Cuilinn. Tá limistéir Ghaeltachta chathair na Gaillimhe ann, lena n-áirítear Bearna; Mionlach; An Caisleán Gearr; Baile an Bhriotaigh; agus Cnoc na Cathrach. Tá líonra Gaeilge i gcontae na Gaillimhe chomh maith, is é sin baile Locha Riach.

Tá fianaise láidir le fáil sna tuairiscí taighde éagsúla a chuir Gaillimh le Gaeilge ar fáil ó 1987 ar aghaidh faoin ról suntasach atá ag cathair na Gaillimhe maidir le gach gné de shaol na limistéar Gaeltachta. Léirigh an taighde Buntáistí Geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, ón bhliain 2009, an leibhéal úsáide a bhaineann teaghlaigh agus cuideachtaí Gaeltachta as earraí agus as seirbhísí na cathrach. Chaith teaghlaigh Ghaeltachta, ina measc iad siúd atá sa chuid sin de Ghaeltacht na cathrach, nach mór €400 milliún, is ionann sin agus €500 milliún in airgead an lae inniu, ar sheirbhísí agus ar earraí miondíola i gcathair na Gaillimhe. Chaith teaghlaigh Ghaeltachta tuaithe €187 milliún de seo, agus is ionann sin agus €234 milliún inniu. Chaith cuideachtaí Gaeltachta €305 milliún sa chathair ar cheannach earraí agus seirbhísí gurb ionann €381 milliún in airgead an lae inniu. Léirigh fianaise starógach go ndéanann teaghlaigh Ghaeltachta cuid shuntasach dá gceannach sa chathair, áit a bhfuil an-tóir ar ilollmhargaí móra don bhulc-cheannach. Baineann gnó agus fiontar atá lonnaithe sa Ghaeltacht tairbhe as an gcathair freisin mar gheall ar an mbonneagar, ar lucht oibre oilte, ar shaineolas tríú leibhéal, agus ar thacaíochtaí eile a bheith ar fáil inti. Déanann cathair na Gaillimhe freastal ar Ghaeltachtaí eile chomh maith, Gaeltachtaí Mhaigh Eo agus Thír Chonaill mar shampla, ó thaobh cúram sláinte de. Tagann líon suntasach mac léinn ó Ghaeltachtaí uile na tíre go Gaillimh chun a gcuid oideachais tríú leibhéal a fháil.

Tá pobal na Gaeltachta lárnach i saol na Taibhdheirce. Bíonn siad páirteach i gcuid mhaith de na léirithe a tharlaíonn sa Taibhdhearc agus tá cuid shuntasach de lucht féachana na Taibhdheirce comhdhéanta de phobal na Gaeltachta. I measc na gcúraimí a bhíonn ar fhoireann Chonradh na Gaeilge, atá lonnaithe i Sráid Dhoiminic, tá ranganna Gaeilge agus ranganna ceoil trí Ghaeilge a eagrú. Ligtear Áras na nGael amach ar cíos do ghrúpaí éagsúla pobail. Sa mhullach air sin, freastalaíonn muintir na Gaeltachta ar chluichí peile i bPáirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá i nGaillimh agus ar chluichí de chuid Gaillimh Aontaithe agus foireann rugbaí Chonnachta.

Tá go leor bealaí ar féidir linn na naisc réamhbhunaithe idir an chathair agus na ceantair Ghaeltachta sa chontae a fhorbairt agus a threisiú amach anseo. Tá an Ghaeltacht is mó sa tír againn in iarthar na hÉireann. Tá sé riachtanach go dtugtar cosaint níos láidre don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go ndéanfar feabhas agus forbairt i gcónaí ar na seirbhísí agus ar na háiseanna atá de dhíth chun pobal a chumasú agus a spreagadh inti. Mar is eol dúinn uilig, is é an pobal cuisle agus croílár na Gaeltachta. Tá gá le lárionad cultúrtha Gaeilgesa chathair chun freastal a dhéanamh ar Ghaeilgeoirí na cathrach agus an chontae. Tá níos mó deiseanna ann leas a bhaint as ár n-oidhreacht Cheilteach Ghaelach chun críocha na turasóireachta. Creideann muid i nGaillimh le Gaeilge go bhfuil go leor deiseanna ó thaobh na turasóireachta tuaithe ag baint leis na ceantair Ghaeltachta atá suite faoin tuath den chuid is mó. Is féidir saoire gníomhaíochta a cheangal le foghlaim teanga agus gníomhaíochtaí cultúrtha. Leagann go leor turasóirí luach ar thaithí a bhíonn difriúil agus uathúil. Ní féidir aithris a dhéanamh aon áit eile ar domhan ar fhairsinge agus ar shaibhreas cultúrtha na Gaeilge san iarthar agus i gceantar na Gaillimhe ach go háirithe. Creideann muid go bhfuil deis mhór ann fostaíocht agus maoin a chruthú mar thoradh ar fhorbairt agus margaíocht a dhéanamh ar tháirgí turasóireachta atá fréamhaithe sa Ghaeilge, sa cheol, san amhránaíocht, san amharclannaíocht, agus sa rince. Tagann daonra aosach na tíre seo, i dteannta leis na milliúin duine ar fud an domhain a éilíonn go bhfuil fréamhacha Éireannacha acu, chun cuimhne láithreach mar mhargaí a d’fhéadfadh a bheith brabúsach. Trí thacaíocht oifigiúil ag leibhéal an Rialtais, na n-údarás áitiúil agus n-eagraíochtaí turasóireachta, cosúil le Fáilte Ireland, d’fhéadfaí feabhas a chur ar an deis an ghníomhaíocht eacnamaíochta luaite a choimeád agus a neartú chun tairbhe na Gaeltachta agus chathair na Gaillimhe araon.

Tugann teicneolaíochtaí nua deiseanna nua do Ghaillimh, don réigiún agus don tír maidir le forbairt na turasóireachta cultúrtha. Tá an Ghaeilge á múineadh i roinnt mhaith ollscoileanna ar fud an domhain mhóir anois. D’fhéadfadh go n-eascródh deiseanna eacnamaíocha don iarthar as ár naisc leis na hollscoileanna sin.

Mar fhocal scoir, d’fhéadfadh na Ranna Stáit, na húdaráis áitiúla agus institiúidí eile éileamh mór a ghiniúint ar sheirbhís trí Ghaeilge, agus ar an gcaoi sin tionchar dearfach a imirt ar úsáid na teanga sa chathair agus sa chontae, ach glacadh le beartas chun tacú le gnólachtaí agus eagraíochtaí a úsáideann agus a thacaíonn leis an nGaeilge i nGaillimh. Mar shampla, d'fhéadfaí biachlár dátheangach a iarraidh le haghaidh ócáidí oifigiúla in óstáin agus i mbialanna agus seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh agus sinn ag déileáil le soláthraithe seirbhíse.

Thar ceann bhord stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge, tá muid buíoch den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, príomh-mhaoinitheoirí Ghaillimh le Gaeilge, as ucht an mhaoinithe a chuireann siad ar fáil dúinn gach bliain tríd an gcrannchur náisiúnta. Is mór an cúnamh dúinn é chun ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaillimhe. Le cúnamh Dé, beidh ardú ag teacht ar an maoiniú sin sna blianta amach romhainn. Tá muid faoi chomaoin agus buíoch de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus scéim chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe, a chuireann tacaíocht leanúnach ar fáil. Go raibh míle maith agaibh go léir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.