Oireachtas Joint and Select Committees
Friday, 8 March 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cathair na Gaillimhe, Cathair na Gaeilge: Plé
Ms Caroline N? Fhlatharta:
Tá, cinnte. Bhí scéim chónaitheachta Gaeilge san ollscoil blianta fada siar. Stop an scéim ar chúis éigin nach bhfuil ar eolas agam agus ar feadh roinnt blianta ansin ní raibh a leithéid ar fáil. Cé go raibh baill foirne san ollscoil ag déanamh a míle dícheall Gaeilgeoirí a choinneáil le chéile, ní raibh córas nó struchtúr ann. Arú anuraidh, shocraigh muid an scéim chónaitheachta Gaeilge a athsheoladh agus chuir muid ceithre árasán agus ceathrar i ngach ceann le chéile agus thug muid teach na Gaeilge air. Chuir muid scoláirí óga ó fud fad na tíre faoi agallamh agus cuireadh 16 duine isteach ag fanacht i dteach na Gaeilge ar feadh na bliana. Ansin anuraidh, rinne muid é sin a leathnú. Is ar iarratas ó na mic léinn féin a tháinig sé sin. Dúirt siad go raibh sé iontach go raibh an t-eispéireas sin acu ach gur theastaigh dlús níos mó. Ar an mbunús sin, leathnaigh muid an scéim agus anois tá ocht gcinn d’árasán ar fáil i mBaile na Coiribe ar champas na hollscoile. Mar a dúirt mé, chuir muid 100 scoláire faoi agallamh thar thrí lá. Bhí an t-éileamh dochreidte. Tá 32 scoláire ó 16 contae ar fud na tíre ag cur fúthu i mbloc na Gaeilge ar champas na hollscoile i mbliana. Fanfaidh na figiúirí sin mar atá don bhliain reatha nó do chéad bliain eile ach ba bhreá linn forbairt a dhéanamh air sin amach anseo freisin.
An rud is tábhachtaí faoi sin ná go bhfuilimid ag léiriú rud éigin don dream óg seo. Is iad an chéad ghlúin eile a thapóidh na deiseanna nó a bhéas ar fáil le haghaidh an 20% seo. Leis na deiseanna ar fad a thiocfaidh chun cinn, beimid ag braith ar an aos óg a bheith sách oilte, sách cumasach agus sách muiníneach le tabhairt faoi na rólanna sin. Caithfimid a léiriú dóibh go bhfuil buntáiste ag baint leis an nGaeilge agus go bhfuil rud éigin ar leith acu. Luaim rudaí bunúsacha ar nós scéim chónaitheachta nó mar shampla san ollscoil dé hAoine seo caite, reáchtáil muid, don dara bhliain as a chéile, gradaim aitheantais. Thug muid cuireadh do scoláirí a fuair idir 90% agus 100% sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge sa teastas sóisearach as cúige Chonnacht, Contae an Chláir agus Contae Dhún na nGall, teacht ag an ollscoil agus bhronn an t-uachtaráin ionaid i mbliana agus an t-uachtarán anuraidh teastas orthu. Ní chreidfeá an tionchar a bhíonn ag an aitheantas sin ar na daoine óga sin. Ar bhealach, b’fhéidir go bhfuil mé ag imeacht ón bpointe ach tá sé tábhachtach rud amháin a lua, cé nach taighde de chineál ar bith é seo ach é bunaithe ar an dtaithí atá agam féin leis an ócáid sin.
Tuigimid go bhfuil scrúduithe T1 agus T2 anois ann. Anuraidh, ní raibh ach scoil Ghaeltachta amháin i gContae na Gaillimhe a raibh scoláirí aici a fuair idir 90% agus 100%. Is fadhb ollmhór í sin. I mbliana, bhí rudaí beagáinín níos fearr. Bhí trí scoil as Contae na Gaillimhe ar éirigh le scoláirí astu idir 90% agus 100% a fháil sa scrúdú ardleibhéal Gaeilge. As 139 scoláire a bhain gradam amach, thug 19 faoin scrúdú T1. Bhí 139 scoláire a raibh gradam tuillte acu ach, as an 139 sin, thug 19 faoin scrúdú T1 agus ba as Contae na Gaillimhe 11 acu. Agus mé i mo chónaí sa nGaeltacht agus ag tógáil mo chlann le Gaeilge, is é an rud a sheas amach domsa ná go bhfuil baol mór millteach ann go bhfuil scoláirí atá ag tabhairt faoin scrúdú T1, na cainteoirí Gaeilge laethúla, faoi mhíbhuntáiste. Ní saineolaí mise. Tá an tuairim sin bunaithe ar mo thaithí féin ach táim ag ceapadh go bhfuil sé an-tábhachtach go ndéanfaimid cinnte nach dtabharfar teachtaireachtaí diúltacha mar sin don aos óg agus go léireoimid dóibh gur buntáiste dóibh í an Ghaeilge seachas go mbeadh siad faoi mhíbhuntáiste mar gheall uirthi. Don duine óg Gaeltachta atá ag díriú ar 325 pointe, bheadh sé ní b'éasca acu dul agus tabhairt faoi scrúdú T2 agus pointí níos airde a bhaint amach. Mar a dúirt mé, ní saineolaí mé ach tá sé sin bunaithe ar ár dtaithí leis an ócáid sin. B'fhiú tuilleadh fiosrú nó tuilleadh plé a dhéanamh air sin. Tá sé tábhachtach go spreagfadh muid na daoine seo agus go dtabharfaidh muid chuile ugach dóibh. Táimid ag iarraidh a chinntiú nach a mhalairt a tharlódh.
No comments