Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 February 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
1:30 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Tá áthas orm a bheith anseo inniu ar son Choimisiún na Meán agus tá mo bheirt comhghleacaí, Clare Diamond agus Sinéad Crowley, curtha in aithne don choiste cheana féin agus gabhaim buíochas as sin.
Tá cuireadh faighte ag an choimisiún le labhairt faoi úsáid agus infheictheacht na Gaeilge sna meáin agus obair Choimisiún na Meán sa réimse seo. Bunaíodh Coimisiún na Meán os gcionn deich mí ó shín agus is é an cuspóir atá againn ná tírdhreach meán atá éagsúil, sábhailte agus rathúil a chinntiú. Áirítear leis seo tacaíocht a thabhairt do mheascán de ghuthanna, de thuairimí agus d’fhoinsí éagsúla nuachta sa dá theanga oifigiúla. Is coláiste de chúigear coimisinéirí muid lena n-áirítear cathaoirleach feidhmiúcháin agus foireann de thart ar 80 ball foirne, agus tá muid ag súil go ndéanfar iad a dhúbailt sna sé mhí atá romhainn. Faoi láthair, tá breis agus deichniúr gcainteoirí líofa Gaeilge inár líon foirne agus tá riachtanais Ghaeilge do phoist i go leor réimsí den eagraíocht, lena n-áirítear forbairt na meán, maoiniú na meán agus oideachas úsáideoirí.
Tá ár gcéad clár oibre ag teacht chun deiridh, agus chinntigh muid seachadadh ar fhormhór na hoibre atá leagtha amach ann. Airíonn sé seo comhairliúchán maidir le tobhach oibre Eorpach a thabhairt isteach a d’fhéadfadh forbairt na gclár Gaeilge agus an Ghaeilge a spreagadh tuilleadh, obair leanúnach ar scéimeanna tuairiscithe dhaonlathas áitiúil agus cúirte a mbeidh dualgas Gaeilge orthu araon, agus i gcomhar le Media Literacy Ireland, rinne muid imeachtaí rialta litearthachta na meán i nGaeilge.
Níl aon dabht ann ach gur réimse dár meáin í an Ghaeilge a dteastaíonn aird faoi leith uirthi, go háirithe mar gheall ar stádas na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil ár Stáit. D’aithin tuarascáil Choimisiún Thodhcaí na Meán, FOMC, é seo agus moladh go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin. Beidh an obair mhór seo faoi chúram Choimisiún na Meán i mbliana.
Soláthrófar leis an athbhreithniú cuimsitheach seo ar sheirbhísí na meán Gaeilge anailís ar na meáin Ghaeilge le fócas ar ábhair a thairgtear i nGaeilge. Scrúdófar an chaoi a gcuireann na meáin Ghaeilge gnéithe de shaol na hÉireann, lena n-áirítear an cultúr, an pholaitíocht, ceisteanna sóisialta agus an geilleagar, in iúl. Is iad príomhchuspóirí an athbhreithnithe ná measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar thírdhreach reatha na meán Gaeilge agus sraith moltaí inghníomhaithe a fhorbairt chun cur le caighdeán agus éagsúlacht na meán Gaeilge.
Is é a bheidh sa chéad céim den tionscadal seo ná pobalbhreith chun tuairimí lucht féachana náisiúnta agus Gaeltachta a bhailiú ar éifeachtacht agus ábharthacht na meán Gaeilge. Is é a bheidh i gceist leis an chéad céim eile ná athbhreithniú litríochta agus anailís ar shampla ionadaíoch d’ábhar meán Gaeilge maidir le caílíocht teanga agus léiriú cultúrtha. Áireofar leis seo teilifís, raidió, na meáin chlóite, na meáin ar líne agus aschur Gaeilge RTÉ, freisin. Beidh aird ag moltaí ar cháilíocht agus ar éagsúlacht na meán Gaeilge, ar mhaoiniú d’ábhar Gaeilge ón scéim fuaim agus fís, ar straitéisí d’oideachas Gaeilge agus ar rannpháirtíocht óige thar ardáin thraidisúnta agus neamhthraidisiúnta. Breathnófar freisin ar mhéadú ar chraoltóireacht spóirt tríd Gaeilge agus ar fhorbairt chomhoibrithe níos dlúithe ar bhonn Thuaidh-Theas maidir le craolacháin, in éineacht le tuarascálacha Choimisiún na Meán amach anseo ar na hábhair seo.
Cé gurb é an t-athbhreithniú cuimsitheach Gaeilge an obair is suntasaí atá romhainn maidir leis na meáin Ghaeilge i mbliana, tá go leor réimsí eile ar fiú aird a dhíriú orthu. Tá sé mar aidhm ag Coimisiún na Meán ár gcuspóirí reachtúla agus moltaí FOMC a chur i bhfeidhm trí raon feidhmeanna ar nós cheadúnaithe, comhlíonta, scéimeanna maoinithe, foghlaim agus forbairt earnála agus comhpháirtíochtaí.
Leis an Acht Craolacháin 2009 arna leasú, tugtar líon méadaithe cuspóirí do Choimisiún na Meán i leith na Gaeilge, lena n-áirítear spreagadh a thabhairt do sholáthar clár ardchaighdeán éagsúil agus nuálaíoch ó sholáthraithe seirbhísí craolacháin agus seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh sna meáin chumarsáide atá ag feidhmiú sa Stát, agus clár Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh. Le blianta beaga anuas, tá ár bplean gníomhaíochta don Ghaeilge á chur i bhfeidhm go rathúil againn a chuimsíonn raon tionscnamh chun tacú le baint amach ár gcuspóirí Gaeilge. Is iad na cúig príomhréimse atá clúdaithe sa phlean ná cláreagrú, comhpháirtíochtaí, taighde, bailiú sonraí agus feabhas a chur ar chuntasacht.
Tríd an choiste chomhairleach Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge, oibríonn muid le páirtithe leasmhara na Gaeilge, ina measc comhphairtíochtaí inbhuanaithe, raon éagsúil tionscadal taighde, bailiú bliantúil sonraí a bhaineann le cláir Ghaeilge, moltaí forbartha a bhfuil sé mar aidhm acu cur le raon na gclár Gaeilge, chomh maith le hoiliúint i scileanna Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá Coimisiún na Meán ar tí a stráitéis ar chomhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú in earnáil na meán in Éirinn a fhoilsiú. Tá craoltóirí Gaeilge san áireamh sa stráitéis seo agus chuathas i gcomhairle le roinnt eagraíochtaí agus craoltóirí Gaeilge le linn an doiciméid seo a dhréachtú.
Tá an poitéinseal do sheirbhís raidió náisiúnta Gaeilge don aos óg ina hábhar plé i bpobal raidió na Gaeilge le blianta fada anuas. Tógfaidh obair Choimisiún na Meán ar obair a rinne Údarás Chraolacháin na hÉireann, BAI, roimhe seo. Bhí dhá phríomhghné le hobair an BAI: breithnithe tarchurtha chun seirbhís den sórt sin a iompar ar an bhanda FM agus taighde ar bhreithnithe ar an lucht éisteachta a d’fhéadfadh a bheith ann dá leithead de sheirbhís.
Cuireann stráitéis seirbhísí craolacháin reatha Choimisiún na Meán ceangal ar an rialtóir measúnú tionchair earnála a dhéanamh sula mbreithneoidh sé aon seirbhís nó craolacháin fuaime FM a thabhairt isteach. Tugadh an gealltanas seo agus aird ar imní maidir le hinmharthanacht agus inbhuanaitheacht earnáil raidió na hÉireann. Mar sin, cuimseoidh an tionscadal seo na príomhghnéithe a leanas: scrúdú breise ar fhéidearthacht a leithéid de sheirbhís a oibriú, lena n-áirítear samhlacha oibriúcháin féideartha a aithint, an bonn reachtúil do sheirbhís dá leithéid, agus riachtanais tháscacha maoinithe don tseirbhís, agus leagfar béim ar chur chuige costéifeachtach chun a leithéid de sheirbhís a bhunú agus a oibriú; tionchar a leithéid de sheirbhís ar imreoirí sa tírdhreach raidió reatha dá dtabharfaí isteach é; roghanna tarchuir agus impleachtaí beartais amach anseo maidir le húsáid an bhanda FM; tuarascáil achomair agus moltaí le seachadadh chuig an Aire.
Tá sé tábhachtach freisin, áfach, go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil ar fud ár stáisiúin raidió go léir, agus léirigh staidéir a rinne na Dochtúirí Rosemary Day agus John Walsh le déanaí gur annamh a bhíonn an Ghaeilge le cloisteáil ar go leor dár stáisiúin raidió tráchtála áitiúla. Mar chuid dár n-iarracht dul i ngleic leis an cheist seo, tá soláthar i gconarthaí nua leis na stáisiúin seo a éilíonn orthu cláir Ghaeilge a fhorbairt tuilleadh, bunaithe ar mholtaí a eascróidh ón athbhreithniú cuimsitheach ar an Ghaeilge sna meáin chumarsáide.
Ní bheidh tírdhreach meán rathúil sa Ghaeilge ann ach amháin má fhaigheann sé a ndóthain maoinithe. Is réimse é seo a dteastaíonn infheistíocht shuntasach uaidh, agus leanfaidh tacaíocht Choimisiún na Meán sa réimse seo. Bronnadh €31.5 milliún san iomlán faoin scéim fuaim agus fís sna blianta 2022 agus 2023. Cé go bhfuil íosmhéid de 25% de mhaoiniú fuaim agus fís ar fáil chun tacú le cláir Ghaeilge agus dhátheangacha, b'é an maoiniú a bronnadh sa tréimhse seo ná 33%. Tá sonraí ar raon leathan na gclár ar tugadh tacaíocht dóibh ar fáil sa phríomh-aighneacht. Scrúdóidh athbhreithniú na Gaeilge freisin an t-íosmhéid maoinithe 25% atá leagtha amach faoi láthair a mhéadú.
Tá tacaíocht leanúnach tugtha ag clár forbartha earnála san iar-BAI, agus anois Coimisiún na Meán, go raon tionscnamh forbartha scileanna Gaeilge ar bhonn bhliaintiúl chun úsáid mhéadaithe na Gaeilge a chothú in earnáil na meáin cumarsáide. Áirítear ar shamplaí de na tionscnaimh seo: scéimeanna meantóireachta d'iontrálaithe nua sa tionscal craolacháin, lena n-áiritear láithreoirí raidió agus céimithe iriseoireachta chun cuir lena scileanna scríbhneoireachta agus láithreoireachta Gaeilge; agus ceardlanna scríbhneoireachta, scripteanna drámaí Gaeilge don raidió agus imeachtaí líonraithe. Freisin, is sampla iontach í Féile na Meán Ceilteach d'imeacht a chothaíonn léiriú chláir i dteangacha agus i gcultúir na dtíortha agus na réigiúin Ceilteacha sna scannáin, sa raidió, sa teilifís agus sna meáin dhigiteacha, agus a chothaíonn iad.
Ba mhór an dearmad dom gan trácht ar chuid den obair thábhachtach eile atá ar bun ag an gcoimisiún faoi láthair mar chuid dár sainchúram chun an domhain ar líne a dhéanamh níos sábháilte dár leanaí agus dúinn féin. Tháinig próiséas comhairliúcháin deiridh ar chód sábháilteachta ar líne chun críoch ar an 31 Eanáir. Tá obair ar siúl anois chun an cód a thabhairt chun deiridh. Cinnteoidh an cód seo, nuair a achtófar é, go nglacfaidh ardáin ar líne níos mó freagrachta as ábhar a cheadaíonn siad a uaslódáil.
Tiocfaidh an tAcht um Sheirbhísí Dhigiteacha i bhfeidhm i gceann beagán níos mó ná seachtain agus tá Coimisiún na Meán ar thús cadhnaíochta in iarracht an Aontais Eorpaigh domhain ar líne níos sábháilte agus níos rialaithe a chinntiú. Bheadh áthas orm ceachtar den dá ábhar seo a phlé leis an gcoiste tar éis na haighneachta seo.
Mar fhocal scor, tá ról lárnach ag an nGaeilge in obair Choimisiún na Meán, go hinmheánach agus i gcaidreamh an choimisiún le páirtithe lasmhaire ar fad earnáil na meáin cumarsáide. Mar eagraíocht, táimid meáite a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil ar fud na meáin cumarsáide go léir agus go bhfuil an t-ábhar agus na luachanna a léirítear ar an gcaighdeán céanna leis na hábhair in aon teanga eile, nó go deimhin ar chaighdeán níos airde. Is é sin is lú atá tuilte ag ár dteanga náisiúnta.
No comments