Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

 

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhí sé i gceist agam a aithint go bhfuil an Teachta McHugh ar an taifead chomh maith agus deirim sin chun é a chur san áireamh.

Fearaim fáilte roimh na finnéithe thar ceann Choimisiún na Meán: coimisinéir forbartha na meán, Rónán Ó Domhnaill; stiúrthóir forbartha na meán, Sinéad Crowley; agus stiúrthóir craolacháin agus físeán ar éileamh, Clare Diamond. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú seo ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Tithe an Oireachtais agus gabhaim mo bhuíochas leo.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh lenár mbreathnú ar ábhar an lae inniu - úsáid agus feiceálacht na Gaeilge sna meáin chumarsáide agus, sa chuid seo, obair Choimisiún na Meán - tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú. Meabhraím mar sin do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar go gcuireann na gléasanna sin as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseán ar siúl an t-am go léir agus go mbeadh siad le feiceáil ar an scáileán. Baineann na coinníollacha seo le finnéithe dá mbeadh siad ag teacht isteach go fíorúil chun freastal ar an gcruinniú ach níl sé sin i gceist inniu. Ba chóir dóibh a chinntiú go mbíonn na micreafóin múchta má tá siad ag teacht isteach go fíorúil, fad is nach bhfuil siad ag caint.

Ba mhaith liom a chur ar aird ár bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise a tabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba cheart go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas.

Dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar d’fhinnéithe éirí as na ráitis láithreach, agus tá sé ríthábhachtach go gcloítear leis an ordú láithreach má eisítear é.

Agus é sin aontaithe, casfaidh muid ar an ráiteas tosaigh. Iarraim ar Rónán Ó Domhnaill an ráiteas tosaigh thar ceann Choimisiún na Meán a thabhairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.