Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 February 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
1:30 pm
Ms Susan Moss:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh freastail agus cur leis an bplé seo faoi úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta. Is mise an ceann beartais phoiblí ag TikTok in Éirinn. Tá ról tábhachtach ag na meáin shóisialta maidir le cuidiú le húsáid ár dteanga dhúchais a chur chun cinn agus a chothú inár saol laethúil. Nuair a chastar air fón, is féidir teacht ar réimse leathan cruthaitheoirí a labhraíonn Gaeilge go laethúil ar TikTok. Mar chúlra, rinneamar infheistíocht in Éirinn den chéad uair in 2019 agus táimid ag cur fás lenár gcuid oibríochtaí i gcónaí le róil éagsúla ag fostaithe agus is údar bróid dúinn é go bhfuil os cionn 20 Gaeilgeoirí ag obair inár bhfoireann iontaobhais agus sábháilteachta. Is foinse siamsaíochta agus saibhrithe é TikTok, áit a bhféadfaí teacht ar rudaí nua, a bheith cruthaitheach agus ceangal a dhéanamh le daoine eile ar fud an domhain. Is é an misean atá againn ná cruthaitheacht a spreagadh agus gliondar a chur ar dhaoine. Ardán is ea TikTok inar féidir le daoine teacht ar ábhar atá oideachasúil agus siamsúil araon - bíodh sé sin ag foghlaim Gaeilge le múinteoir Gaeilge_Bheo nó ag moladh leabhair Ghaeilge trí #LeabharTok.
Tá níos mó ná 2 mhilliún duine i bpobal TikTok in Éirinn agus táimid bródúil as ár n-ardán a chur ar fáil i nGaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine óga ábalta an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil. Inniu, tá os cionn 230 milliún radharc domhanda faighte ag haischlib #Gaeilge ar TikTok. Le pobal chomh mór sin, is gá timpeallacht shábháilte iontaofa a chur ar fáil. Chun ár n-ardán a choinneáil mar thimpeallacht shábháilte iontaofa, tá gá le léiriú cruthaitheach a chothromú agus dochar a chosc. Maidir le heolas faoinár gcuid oibre a chuirtear ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge, áirítear leis sin, mar shampla, ár dtreoirlínte pobail a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Chuamar i gcomhpháirtíocht le déanaí le Conradh na Gaeilge a bhfuil rochtain acu ar chainéal tiomnaithe formhéadaithe. Tá an cainéal sin ar fáil do chásanna ina gcaithfidh siad ábhar a fhormhéadú ar TikTok a d’fhéadfadh a bheith ag cur isteach go díreach ar phobal na Gaeilge.
Tacaímid lenár bpobal ilghnéitheach de chruthaitheoirí Gaeilge trí fheachtais agus trí thionscnaimh, lena n-áirítear an chéad treoirleabhar riamh maidir leis na meáin shóisialta do mhúinteoirí i nGaeilge agus d’fhógraíomar ár gcomhpháirtíocht le Fleadh Cheoil na hÉireann anuraidh, lenar tugadh ceol traidisiúnta na hÉireann go dtí breis agus 3 mhilliún duine ar fud an domhain. Thugamar ár bpobal ilghnéitheach de chruthaitheoirí a labhraíonn Gaeilge chun suntais trí thionscadail lena n-áirítear Lá Idirlín Níos Sábháilte agus tacóimid le Seachtain na Gaeilge i mbliana. Coinneoidh TikTok ag tacú le cruthaitheoirí a dhéanann ionadaíocht dár bpobal spéise agus a gcuid suimeanna ábhair, rud a tharraingeoidh aird orthu agus a chuideoidh lena bpobal spéise a mhéadú. Táim ag súil le leanúint ar aghaidh ag tógáil ar a bhfuil bainte amach ag TikTok ar mhaithe le pobal na Gaeilge. Beatha teanga í a labhairt. Gabhaim leithscéal leis an gcoiste mar tá roinnt meirge ar mo chuid Gaeilge agus beidh idir Bhéarla agus Ghaeilge á n-úsáid agam agus ceisteanna chomhaltaí an choiste á bhfreagairt agam. Mar chlabhsúr, tá an-áthas orm a bheith anseo inniu agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as féachaint ar na saincheisteanna seo, atá an-tábhachtach.
No comments