Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

 

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an cruinniú seo ar siúl i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais. Is gnáthchruinniú den choiste atá i gceist. Tá cúig Theachta Dála san iomlán i láthair agus beirt Seanadóirí: na Seanadóirí Kyne agus Clifford-Lee. Beidh an Teachta Aindrias Moynihan ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil agus tá na Teachtaí Marc Ó Cathasaigh, Ruairí Ó Murchú agus Catherine Connolly, agus mé fhéin, inár suí anseo i seomra coiste 4.

Tá dhá sheisiún againn inniu chun breathnú ar úsáid agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin shóisialta. Tá finnéithe inár gcuideachta sa chéad seisiún thar cheann Meta agus TikTok agus leanfaimid ar aghaidh go dtí 3 p.m. más ga. Cuirfear tús leis an dara sheisiún ar 3.15 p.m. nuair a dhéanfaidh an comhchoiste breathnú ar an ábhar céanna le finnéithe thar ceann Coimisiún na Meán. Más gá, leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Barry Ward.

Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh comhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú, agus roimh ár lucht féachana ar Theilifís an Oireachtais. Cuirim fáilte freisin roimh Susan Moss, ceann beartais phoiblí thar ceann TikTok, agus Dualta Ó Broin, ceann beartais phoiblí in Éirinn thar ceann Meta. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanaim ar aghaidh le hábhar an lae inniu - úsáid agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin shóisialta - tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagann faoi bhráid na comhaltaí, na baill foirne agus na finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'finnéithe agus do bhaill foirne a cinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn na cruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin má tá siad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar ard na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe braith ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaigh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.

Agus an méid sin ar fad ráite, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Iarraim anois ar Susan Moss ráiteas tosaigh that ceann TikTok a roinnt linn, lena toil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.