Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 1 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Dualgais Reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt dom freastal ar an gcruinniú den chomhchoiste inniu chun labhairt faoin tuarascáil dar teideal "Eircode agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021: An dualgas reachtúil teanga atá ar An Post agus ar Capita Business Support Services Ireland Ltd (Eircode) géilleadh leis an reachtaíocht ábhartha agus iad i mbun seirbhísí poiblí a chur ar fáil don phobal thar ceann an Stáit", a mhéid agus a bhaineann sé le húsáid logainmneacha sa Ghaeltacht. Mar iarAire Stáit ar a raibh freagracht as spórt agus as an nGaeltacht, tuigim an tábhacht a bhaineann leis an obair a dhéanann an coiste chun sochaí fhíor-dhátheangach a chruthú.

Mar Roinn Rialtais, táimid ar an eolas faoi na dualgais atá orainn de réir reachtaíocht éagsúil, Acht na dTeangacha Oifigiúla ina measc, agus faoin mbeartas Rialtais maidir le húsáid na Gaeilge. Mar a luaigh an tAire Stáit a tháinig romham, an Teachta Hildegarde Naughton, agus í ag déanamh cur i láthair os comhair an choiste seo i mí an Mhárta 2022, agus mar a luaigh oifigigh ón Roinn seo ina dhiaidh sin agus iad ag déanamh cur i láthair os comhair an choiste ar leithligh i mí na Samhna 2022, cuireadh in iúl don Roinn seo, tar éis dúinn comhairle dhlíthiúil a fháil ó Oifig an Ard-Aighne, nach bhfuilimid ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Luaigh Oifig an Ard-Aighne gur chuir an Roinn na socruithe riachtanacha i bhfeidhm chun a chinntiú go n-úsáidtear na logainmneacha oifigiúla ar limistéir Ghaeltachta mar réamhshocrú chun críocha oifigiúla, rud a chomhlíonann Acht na dTeangacha Oifigiúla, an tAcht Logainmneacha agus na horduithe logainmneacha a achtaíodh.

D’ainneoin na staide dlíthiúla atá leagtha amach agam, creidim gur gá aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo. Ba mhaith liom a rá ar an taifead go bhfuil an Roinn seo tiomanta d’obair i gcomhar leis an gcoiste ar aon tograí praiticiúla atá aige agus a rachaidh chun tairbhe do phobal labhartha na Gaeilge. Is fiú a rá leis an gcoiste gur chuir an Roinn tús le próiseas trína ndéanfar seachadadh straitéiseach fadtéarmach Eircode a shainiú agus a áirithiú tar éis dhul in éag an chonartha atá ann cheana. Scríobh an Roinn chuig an gCoimisinéir Teanga chun fáilte a chur roimh an deis teacht ar aon ábhair imní atá aige faoi réiteach reatha Eircode agus chun iad a phlé ionas go bhféadfaí iad a chur san áireamh le linn roghanna seachadta sa todhchaí a fhiosrú. D’iarr an Roinn ar Capita freisin imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann feidhmiúlacht shuíomh gréasáin agus aimsitheoir eircode a mhodhnú ar mhaithe le feabhas a chur ar an eispéireas úsáideora dóibh siúd atá ag iarraidh plé le Eircode trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin.

Tugaim do m’aire gurb amhlaidh, mar chuid de na seacht moladh ón tuarascáil, a moladh go gcuirfí coinníollacha conartha neamh-inchaibidle agus dochúlaithe chun feidhme don chomhlacht ar dámhadh conradh nua Eircode dó. Ba mhaith liom tuilleadh a rá faoin staid chonartha, a mhéid a bhaineann sé leis an bhfadú. Dámhadh conradh deich mbliana do Capita i mí na Nollag 2013 chun úsáid an chórais náisiúnta postchód darb ainm Eircode a fhorbairt, a chur chun feidhme, a chothabháil agus a chur chun cinn. Bhíothas in ann an conradh sin a fhadú, ar na téarmaí agus coinníollacha céanna, go ceann cúig bliana eile faoi rogha an Aire. I mí an Mhárta 2023, tugadh fógra do Capita faoin gcinneadh ón Aire an conradh a fhadú go ceann trí bliana eile. Tá an Roinn seo den tuairim nach bhféadfaí aon choinníollacha conartha a cheangal leis an bhfadú sin de réir an chreata conartha reatha.

Tarraingítear aird sa tuarascáil freisin ar chásanna inar tharla sé, i dtuairim an choiste, gur taispeánadh logainmneacha neamhcheadaithe Béarla ar aimsitheoir eircode tar éis seoltaí Gaeltachta a chuardach. D’inis Capita dom gur féidir le haon duine atá ag iarraidh an aimsitheoir eircode a úsáid trí Ghaeilge an méid sin a dhéanamh go héasca tríd an rogha Gaeilge a roghnú ar an suíomh gréasáin. Ós rud é gur dátheangach atá an t-aimsitheoir eircode agus suíomh gréasáin Eircode araon, soláthraítear leagan iomlán Gaeilge díobh d’úsáideoirí, áit a bhfuil leideanna, leathanach ceisteanna coitianta agus rogha tuairiscithe chun tuilleadh cúnamh a fháil.

Maidir le seoltaí poist a sholáthar, lena n-áirítear seoltaí Gaeilge, in aimsitheoir eircode agus i mbunachar sonraí seoltaí Eircode, díorthaítear iad go hiomlán ó sheoltaí poist a ndéanann An Post iad a thiomsú agus a chothabháil agus soláthraíonn An Post GeoDirectory d'Eircode iad sa bhunachar sonraí GeoDirectory faoi cheadúnas. Chomh maith leis sin, ní athraíonn Eircode seoltaí atá ann cheana, cibé acu is seoltaí Gaeilge nó seoltaí Béarla iad, agus is féidir eircode a chur go simplí leis an seoladh a úsáidtear don réadmhaoin de ghnáth. Is féidir an seoladh is coitianta a úsáid, an seoladh poist nó an seoladh geografach.

Le linn chéim deartha thionscadal Eircode, d’fhéach an Roinn lena chinntiú i ngach cás go gcomhlíonfaí na dualgais reachtúla atá orainn maidir leis an nGaeilge. Le linn na céime oibriúcháin, nuair a sainaithníodh neamhréireachtaí idir an bunachar sonraí GeoDirectory agus an bunachar sonraí logainmneacha maidir le seoltaí i nGaeilge, chuaigh an Roinn i dteagmháil leis na geallsealbhóirí ábhartha. Mar thoradh air sin, bíonn na neamhréireachtaí maidir le logainmneacha Gaeltachta sa bhunachar sonraí GeoDirectory á nuashonrú go tráthrialta ag An Post agus An Post GeoDirectory. Leanann an Brainse Logainmneacha le comhad ina bhfuil logainmneacha Gaeilge ar athraíodh nó ar nuashonraíodh iad a sholáthar do An Post GeoDirectory. D’inis An Post GeoDirectory don Roinn go n-áirítear leis an mbunachar sonraí GeoDirectory sonraí logainmneacha oifigiúla, mar a sholáthair an Brainse Logainmneacha iad, agus go nuashonraíonn sé an bunachar sonraí go tráthrialta tar éis sonraí den sórt sin a fháil.

Leanfaidh an Roinn leis na dualgais atá uirthi faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh as seo amach, idir dhualgais ghinearálta agus dhualgais a bhaineann go sonrach le tionscadal Eircode. Tá m'oifigigh agus mé féin sásta freagra a thabhairt ar aon cheisteanna atá ag an gcoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.