Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 1 February 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Dualgais Reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an cruinniú seo ar siúl i seomra coiste 1 i dTithe an Oireachtais. Is gnáthchruinniú é ach tá gné fhíorúil ag baint leis chomh maith toisc go bhfuil roinnt daoine ag freastal air trí Microsoft Teams. Sa seomra coiste, tá mé féin agus an Teachta Dála Catherine Connolly. Ar líne, feicim na Teachtaí Dála Marc Ó Cathasaigh, Aindrias Moynihan agus Pádraig O'Sullivan agus an Seanadóir Seán Kyne. Leis sin, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Rónán Mullen.
Is é an t-ábhar atá á phlé againn inniu ná an dualgas reachtúil atá ar An Post, An Post GeoDirectory agus Capita Business Support Services Ireland Limited faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021. Tá an t-ábhar sin á phlé leis an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers, atá anois sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an choiste, roimh an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers, agus roimh Ben King, príomhoifigeach, agus Dan Lawlor, príomhoifigeach cúnta, atá sa rannóg um nuálaíocht dhigiteach agus éirchóid sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 1 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ní gá dom dul tríd na gnáthchoinníollacha ach meabhraím do dhaoine na fóin phóca atá acu a mhúchadh toisc go gcuireann siad as don chóras craolacháin. Tá an gnáthchleachtas i gceist maidir le pribhléid agus a leithéid. Meabhraím do dhaoine a bheith cúramach sa mhéid atá le rá acu agus gan damáiste a dhéanamh do dhea-chlú aon duine.
Má iarraim ar éinne stop a chur leis an méid atá á rá aige nó aici, ba chóir go ndéanfaidh sé nó sí é sin láithreach. Cuirfimid tús leis an gcruinniú anois. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht os ár gcomhair agus cuidiú linn díriú isteach air seo. B'fhéidir gur féidir leis an ráiteas tosaigh atá aige a léamh anois.
No comments