Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 December 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua: An Coimisinéir Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhuel, tá súil agam go mb'fhéidir go mbeadh. Tá súil agam go raibh an Cathaoirleach ag caint leis le go ndearna sé cinnte de go mbeidh sé ar a lorg ag chuile ghasúr sa Ghaeltacht.

Idir shúgradh is dáiríre, is dóigh liom ó thús, agus muid ag tabhairt faoin obair seo, go mba í an fhadhb ar fad nó an dúshlán is mó atá ann ná seirbhísí idirphearsanta. Bíonn na comharthaí réasúnta éasca. Bhí sé i gceist na fógraí a dhéanamh i bhfad sula ndearnadh iad ach rinneadh iad sa deireadh. Tá siad sin réasúnta éasca. Creidim freisin go bhfuil sé tábhachtach a dhéanamh cinnte de go bhfuil daoine atá ag labhairt Gaeilge ar na fógraí sothuigthe i nGaeilge. Glacaim leis agus bheadh spéis agam a fháil amach ón gcoimisinéir céard is féidir a dhéanamh chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil daoine le Gaeilge, a thuigeann an Ghaeilge agus an rud atá siad á rá, sna voiceovers mar a thugann siad orthu ar na fógraí Gaeilge.

Mar a deirim, is iad na seirbhísí idirphearsanta atá i gceist anseo agus is dóigh liom go gcaithfimid ar fad a bheith macánta. Tá oifig agamsa agus is í an Ghaeilge an lingua franca istigh san oifig. Tá Gaeilge acu agus bhí riamh. Bhímid agus déanaimid plé i nGaeilge le dream a bhfuil a fhios againn go bhfuil Gaeilge acu. Mura bhfuil, nílimid chun é sin a dhéanamh.

Tá sampla den rud a dtugtar seirbhís na Gaeilge uirthi nach seirbhís í. Tá sé sin i gceist, mar shampla, le Comhairle Contae na Gaillimhe agus is é sin an chomhairle is mó atá ag plé leis an nGaeltacht. Má ghlaoitear uirthi, freagraíonn an meaisín an té agus deir sé má táthar ag lorg seirbhísí Gaeilge, brúigh a haon agus má táthar ag iarraidh seirbhís trí Bhéarla, brúigh a dó. Mar amadán, bhrúigh mé a haon cúpla uair agus dúirt guth taifeadta eile nach raibh an duine le Gaeilge ansin, is ionann nach raibh seirbhís ar fáil dá réir agus teachtaireacht a fhágáil ansin. Bhí mé ag iarraidh teacht ar dhuine éigin lom díreach, mar a déarfá, agus bhí a fhios agam dá dtosóinn arís, agus dó a bhrú, go bhféadfainn dul tríd go dtí an rannóg tithíochta, pleanála nó an rannóg seo, siúd agus uilig, agus duine a fháil ansin chun labhairt leis nó léi i mBéarla le déileáil liom ar an bpointe. Bíonn daoine cruógach agus ní maith leo go gcaithfidh siad an jab a dhéanamh faoi dhó. Bhí, agus táim ag ceapadh go bhfuil a fhios ag an mbean atá in aice leis an gcoimisinéir, an tUasal de Búrca, go maith faoi seo, go mbíodh seirbhís iontach ag na Coimisinéirí Ioncaim tráth dá raibh ann. Ní hamháin go raibh an tseirbhís iontach ach bhí sé níos fearr ná mar a gheofaí i mBéarla. Bhí daoine cumasacha agus an-chuidiúil ann ach d'imigh sé sin le fána.

Is é an dara fadhb is mó a bheidh romhainn ná an córas oideachais, agus an córas oideachais tríú leibhéal go mór mór. Níl aon mhaith dúinn spriocanna a leagan síos sa reachtaíocht agus níl aon mhaith don choimisinéir a bheith ag iarraidh iad a chur i bhfeidhm mura bhfuil na daoine ar fáil mar céard is féidir a dhéanamh murar féidir iad a fháil? Céard is féidir le haon chomhlacht a dhéanamh nó, fiú amháin, an coimisinéir a dhéanamh? Leis an méid ama atá imithe ó thosaímid ag caint ar an Acht nua, agus ón tráth go raibh a fhios ag chuile dhuine go raibh sprioc 20% i gceist, mar gur tháinig sé sin ón Roinn, ní léir domsa go bhfuil aon rud substaintiúil déanta chun a dhéanamh cinnte go mbeidh daoine ar fáil.

Is rud maith iad na cúrsaí Gaeilge istigh sa Státseirbhís ach ní chreidim go bhfuil siad ag déanamh Gaeilgeoirí líofa atá in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge as daoine nach bhfuil líofa i nGaeilge. Tá corrdhuine ann b'fhéidir ach, go ginearálta, ní tharlaíonn sé sin agus, mar sin, caithfear daoine a fháil atá tar éis an Ghaeilge a shealbhú go maith tríd an gcóras oideachais.

Is dóigh liom go bhfuil léargas faoi leith ag an gcoimisinéir faoi seo mar go raibh sé ag obair san ollscoil. Tá díomá orm go pearsanta go bhfeictear dom nach bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chomh gníomhach is a bhí sé agus is dócha gurb í sin ceist go gcaithfidh an comhchoiste seo a scrúdú. Mar, gan an píosa sin, beidh an lárphíosa den reachtaíocht seo imithe le sruth mar ní bheidh na daoine ann.

Taobh amuigh de sin, mar a deirim, tá obair fhíorthábhachtach gur féidir a dhéanamh, rudaí ar nós fógraíochta.

B'fhéidir go mba cheart an céatadán a chaithfear a chaitheamh ar na meán Ghaeilge a bheith níos airde ó tharla gur de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Nuair atá an bhunreachtaíocht ann, tá sé an-éasca dul ar ais agus Bille gearr a achtú.

Tá mé cinnte go nglaoitear ar Oifig an Choimisinéara Teanga go minic agus go mbíonn fadhb faoi leith ag an duine atá ag glaoch ó thaobh na Gaeilge de agus go mbíonn ar na hoifigigh a rá nach bhfuil an fhadhb clúdaithe faoi aon reachtaíocht. Bheadh spéis agam a fháil amach céarbh iad an trí ghearán is coitianta a fhaigheann an oifig agus go mbíonn orthu leithscéal a ghabhadh toisc nach bhfuil siad clúdaithe san Acht. An rud deiridh ná maidir leis na caighdeáin a bhíonn á leagann síos do na comhlachtaí poiblí. An bhfuil aon tuairisc ag Oifig an gCoimisinéara Teanga ón Roinn cén uair a bhéas na caighdeáin leagtha síos agus an dtéitear i gcomhairle leis an oifig sular leagtar síos iad? Is é sin an méid. Comhghaideachas arís leis an gCoimisinéir Teanga agus go n-éirí a shaothar leis. Táim cinnte go mbeidh sé os comhair an choiste go minic againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.