Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 13 December 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua: An Coimisinéir Teanga
Mr. S?amas ? Concheanainn:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí uilig an chomhchoiste as an gcuireadh freastail. Is mór an chomaoin atá curtha ag an gcomhchoiste orm teacht ina láthair inniu i ndiaidh mo cheapacháin mar Choimisinéir Teanga ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, an tseachtain seo caite. Tá mé féin agus foireann Oifig an Choimisinéara Teanga ag súil go mór leanúint den dea-chaidreamh idir an oifig agus an comhchoiste chun go neartófaí cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge. Tá an dea-chaidreamh sin ríthábhachtach ar mhaithe le tapú na deise atá againn anois cearta teanga phobal na Gaeilge a láidriú de thoradh teacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch a rinne na Coimisinéirí Teanga a bhí ann romham. Is iad a sheas an fód do chearta teanga in Éirinn. Bhí sé de dheis agam féin a bheith ag obair le Rónán Ó Domhnaill le breis agus dhá bhliain. Is é a rinne obair chéadach ar réim reachtaíochta nua a thabhairt chun cinn, réim a laghdaíonn an bhearna idir fís agus feidhmiú na gceart teanga. Leag an chéad Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, dúshraith théagrach agus sheasmhach do shaothrú cearta teanga phobal na Gaeilge agus d’Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá moladh ar leith ag dul do na hAirí Gaeltachta agus d’oifigigh na Roinne a chinntigh go gcuirfí acmhainní cuí ar fáil do thionscnamh, d’achtú agus d’fheidhmiú na reachtaíochta agus Oifig an Choimisinéara Teanga i gcaitheamh na mblianta.
Is iad an líon ard gearán agus ábhar na ngearán a fhaigheann Oifig an Choimisinéara Teanga ó bhliain go bliain a léiríonn an géarghá le neartú ceart teanga. Má tá feabhas le teacht ar an bhfreastal a dhéanann an Stát ar phobal na Gaeilge trí sheirbhísí poiblí, creidim go bhfuil tréimhse chinniúnach amach romhainn. Bainfear amach bunaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin líon na seirbhísí atá á gcur ar fáil don phobal a mhéadú agus caighdeán na seirbhísí a fheabhsú, trí fheidhm iomlán a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe. Tá forálacha suntasacha sa reachtaíocht teanga leasaithe chun críche na bunaidhme seo.
I gcroílár an dualgais náisiúnta seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus a mhéadú ar bhonn earnála agus córasach, beidh an plean náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá an plean náisiúnta reachtúil á fhorbairt i láthair na huaire faoi stiúir an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge, a bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anuraidh. Cuimseofar bearta criticiúla sa bplean náisiúnta, lena n-áirítear caighdeáin teanga a leagfaidh amach na seirbhísí nua a mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar. Cuimseoidh na caighdeáin teanga freisin sainiú ar na hinniúlachtaí teanga a bheidh de dhíth ar fhoireann na gcomhlachtaí poiblí leis na seirbhísí a bheidh leagtha amach a sholáthar ar chaighdeán sásúil do phobal na Gaeilge. Is é an tAire a dhéanfaidh forordú ar na caighdeáin teanga a chuimseoidh na seirbhísí éagsúla a mbeidh ar chomhlachtaí poiblí, nó catagóirí de chomhlachtaí poiblí, a chur ar fáil don phobal.
Tá sé soiléir ó nádúr na ngearán atá á bhfáil ag m’oifig ón bpobal ar bhonn rialta go mbeidh dóthain foirne le cumas sásúil sa Ghaeilge a bheith ar fáil cinniúnach lena chinntiú go dtiocfaidh feabhas ar líon agus ar chaighdeán seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá soláthar soiléir sa reachtaíocht teanga leasaithe don riachtanas seo tríd an mórsprioc 20% d’earcaithe nua le Gaeilge a bhaint amach faoin mbliain 2030. Beidh sé riachtanach go leagfaidh an plean náisiúnta, a bheidh forbartha faoi stiúir an choiste chomhairligh, cosán soiléir amach a mbeidh dul chun cinn céimnitheach agus intomhaiste leagtha amach ann. Mar aon leis an gcur chuige do shroicheadh na mórsprice 20% d’earcaithe nua le Gaeilge, leagfar síos na leibhéil inniúlachta teanga faoi réir chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha a bheidh i gceist don fhoireann a bheidh freagrach as seirbhísí poiblí ar leith a sheachadadh. Foráil shuntasach freisin gur féidir leis an gcoiste comhairleach comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí faoi líon agus faoi ghráid na foirne a bheidh riachtanach leis na seirbhísí poiblí éagsúla trí Ghaeilge a chur ar fáil. Beidh tuairisc le foilsiú ag an gcoiste comhairleach ar chur i bhfeidhm an phlean agus beidh tráchtaireacht le heisiúint agamsa mar Choimisinéir Teanga taobh istigh de sé mhí ón tráth sin ar obair an choiste chomhairligh agus ar an dul chun cinn leis an bplean náisiúnta. Tacóidh mise le haon iarracht cur le comhar, comhpháirtíocht agus comhoibriú idir comhlachtaí poiblí, an pobal agus Tithe an Oireachtais ar mhaithe le fíorú na móraidhme náisiúnta seo.
In 2022, mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, reáchtáil an oifig an clár ardaithe feasachta ba mhó riamh ó bunaíodh an oifig. D’fhreastail breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin a reáchtáil an oifig, cuid acu a reáchtáladh i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Díol suntais ab ea an méadú de 81%, ó 189 go dtí 284 cás, a tháinig ar líon na gcásanna inar roinn an oifig comhairle le comhlachtaí poiblí faoina ndualgais faoin Acht. D’eascair an méadú is suntasaí ar líon na gcásanna comhairleacha go príomha ó theacht i bhfeidhm foráil fógraíochta na gcomhlachtaí poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2022. Tá an méadú atá tagtha ar líon na bhfógraí trí Ghaeilge atá le feiceáil ar na meáin chumarsáide le roinnt míonna ag cur go mór le seasamh agus le feiceálacht na Gaeilge i measc an phobail. Beart tábhachtach atá sa bhforáil seo a thacaíonn le forbairt earnáil na meán Gaeilge trí shruthanna úra ioncaim a ghiniúint. Beidh faireachán á dhéanamh ag m'oifig an bhliain seo chugainn ar ghéilliúlacht na gcomhlachtaí poiblí don fhoráil fógraíochta.
Tabharfar feidhm do dhualgais reachtúla nua gan mhoill. Ina measc, tá an dualgas a bheidh ar chomhlachtaí poiblí ainm, sloinne agus seoltaí baile an duine aonair a thaifeadadh agus a úsáid go cruinn trí mheán na Gaeilge. Bhí an fhaillí a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal ina leith seo ar cheann de na húdair ghearáin ba mhó a tarraingíodh anuas leis an oifig le roinnt blianta. Táthar ag súil go dtabharfar feidhm go luath freisin d’fhorálacha maidir le foirmeacha oifigiúla, lógónna agus ainmneacha comhlachtaí poiblí nuabhunaithe. Is dualgas nua suntasach eile é an dualgas conraitheoirí nó soláthraithe tríú páirtí atá ag obair thar ceann comhlachtaí poiblí a bheith géilliúil don reachtaíocht. Is cumhacht reachtúil bhreise a bheith in ann faireachán agus tráchtaireacht réamhghníomhach a dhéanamh ar achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid na Gaeilge. Treiseoidh na cumhachtaí breise seo le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht agus mar theanga náisiúnta chomhaimseartha.
Mar is eol don choiste, tá 20 bliain ann ó bunaíodh an oifig agus is údar bróid domsa, mar choimisinéir, agus d’fhoireann na hOifige go ndearnadh freastal fónta ar éilimh phobal na Gaeilge agus cuidiú le comhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chur i bhfeidhm. Ó bunaíodh an oifig go deireadh na bliana 2022, tá os cionn 12,000 gearán curtha faoinár mbráid. Le linn na tréimhse céanna, tháinig breis agus 3,000 iarratas ar chomhairle chugainn ó chomhlachtaí poiblí. Déantar gach iarracht freastal go pras ar fhiosruithe agus ar ghearáin ón bpobal. Seoladh 149 imscrúdú foirmiúil ar chomhlachtaí poiblí idir 2003 agus 2022 nuair a bhí gach iarracht déanta ag foireann na hoifige an cás a réiteach go neamhfhoirmeálta.
Ina dhiaidh sin féin, tá roinnt dúshlán ag teacht chun cinn maidir le hinniúlacht nó cumas an chórais bunseirbhísí a sheachadadh trí mheán na Gaeilge nuair a éilítear sin. Tar éis 20 bliain, ba dhóigh leat go mbeadh socruithe ardleibhéil déanta ionas go ndéanfaí soláthar don seachadadh teanga ina cheann ar sheachadadh na mbunseirbhísí mar bhunsraith feidhmithe. Is iad na himscrúduithe is fearr a léiríonn na bearnaí córasacha. Má scrúdaítear fionnachtana an 149 n-imscrúdú atá seolta ó 2003, is minic trí dhúshlán ar leith a bheith le tabhairt faoi deara iontu: ní thuigtear an dualgas reachtúil teanga ag leibhéal ard ceannaireachta; ní dhéantar córais inmheánacha phleanála a dhearadh dá réir; agus ní bhíonn dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge le leanúnachas soláthair a chinntiú.
Cuirfidh forálacha sa reachtaíocht leasaithe feabhas ar cheist na feasachta agus an rialachais chorparáidigh i measc comhlachtaí poiblí. Tá freagracht tuairiscithe le leagan ar bhall foirne sinsearach i ngach comhlacht poiblí chun maoirsiú a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta. Beidh ar an gcomhlacht poiblí tuairisc a thabhairt i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta ar aon ábhar a ndéantar tuairisciú air maidir leis an reachtaíocht teanga.
Maidir leis na dúshláin dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge a bheith ar fáil do chomhlachtaí poiblí, teastaíonn béim atreisithe a leagan ar inniúlacht teanga mar thréith infhostaitheachta sa tseirbhís phoiblí, sa tseirbhís phoiblí shinsearach san áireamh. Mura bhfuil ceannaireacht teanga ón mbarr anuas, agus cultúr treoraithe comhlíonta, is beag is fiú an líofacht Ghaeilge a bheith luaite le gráid shóisearacha amháin. Mar a luaigh mé cheana, tá an-tábhacht leis an gcosán soiléir a leagfaidh an coiste comhairleach amach sa phlean náisiúnta chun go mbeadh 20% d’earcaithe nua le Gaeilge faoin mbliain 2030. Beidh ról cinniúnach freisin le himirt ag earnáil an ardoideachais Ghaeilge i soláthar na gcéimithe a chinnteoidh go mbeidh an acmhainn dhaonna sin ar fáil.
Creidim go bhfuil tábhacht mhór leis an mbéim atá leagtha ar phróiseas agus ar bhonneagar na pleanála teanga sa reachtaíocht. Tá sé i gceist go méadófar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge. Den chéad uair riamh, beidh ailíniú reachtúil idir chuspóirí náisiúnta Acht na dteangacha 2012 agus Achtanna na dTeangacha Oifigúla agus is fearr an seans go bhfíorófar cur chun cinn na Gaeilge dá bharr.
Léiríonn gearáin an phobail teanga go gcuirtear bac ar phobal na Gaeilge rochtain a bheith acu ar sheirbhísí Gaeilge atá ar chomhchaighdeán le seirbhísí comhchosúla i mBéarla. Is fiú gach leas seiftiúil a bhaint as an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga atá forbartha ag an Stát le blianta beaga anuas chun freastal i bhfad níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge go náisiúnta.
Bíodh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge á seachadadh go fíorúil, ar líne nó ar láithreacha fisiciúla sa Ghaeltacht, i mbailte seirbhíse nó trí líonraí teanga, d’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar mholchampais sheachadta seirbhísí poiblí tríd an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga. Laghdófaí ar na bearnaí reatha i seachadadh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge dá dtapófaí na deiseanna seo agus mhaolófaí ar an mbearna idir an pobal teanga agus an córas Stáit go fíorúil agus go fisiciúil.
Mar fhocal scoir agus mar chlabhsúr, is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl don phobal agus do na comhlachtaí poiblí as a gcomhar agus a gcúirtéis. Táim thar a bheith buíoch freisin den chomhchoiste seo as a n-airdeall seasta ar cheisteanna a bhaineann le cearta teanga. Is é mo rún daingean é cur le creat na gceart sin trí bhéim a leagan ar inniúlacht chórais agus treisiú a dhéanamh ar an obair a dhéanfar i bpáirt le comhlachtaí poiblí chun an fhreagrúlacht a shaothrú ag gach leibhéal den chóras. Cé go bhfuil bóthar dúshlánach amach romhainn, creidim gur féidir éachtaí a dhéanamh agus cearta teanga phobal na Gaeilge á gcur chun cinn trí chomhar agus trí chomhpháirtíocht idir phobal, an tseirbhís phoiblí agus Thithe an Oireachtais. Gabhaim buíochas.
No comments